Cosán nascleanúna
Is ón AE agus óna Bhallstáit a thagann breis agus a leath den airgead a chaitear ar chúnamh do thíortha bochta, rud a chiallaíonn gurb é an AE an deontóir is mó cabhrach ar domhan.
Ach tá níos mó ag baint leis an mbeartas forbraíochta ná uisce glan agus bóithre, cé go bhfuil na nithe sin tábhachtach freisin. Baineann an AE leas as trádáil chun an fhorbairt a chur chun cinn – osclaíonn sé a mhargaí d’onnmhairí ó thíortha bochta agus spreagann sé na tíortha sin níos mó trádála a dhéanamh le chéile.
In 2011, €53 billiún ar an iomlán a thug an AE i gcúnamh forbraíochta – sin cúnamh ó chistí an AE agus ó bhuiséid náisiúnta na mBallstát le chéile.
Sin 0.42% den ollioncam náisiúnta (OIN) sna Ballstáit uile le chéile, rud a chiallaíonn gurb é an AE an deontóir is mó cabhrach ar domhan. Beidh comhiarracht de dhíth fós leis an sprioc a shocraigh an Chomhairle Eorpach a bhaint amach – 0.7% den OIN faoi 2015.
Is é an príomhchuspóir le beartas forbraíochta an AE an bhochtaineacht a dhíothú trí chur chuige inbhuanaithe a úsáid. Tá tábhacht thar cuimse don chuspóir sin le hocht Sprioc Forbartha Mílaoise na Náisiún Aontaithe a ghlac ceannairí an domhain in 2000 mar spriocanna don bhliain 2015. I measc na spriocanna sin tá an fhíorbhochtaineacht a laghdú faoina leath, scaipeadh VEID/SEIF a stopadh, agus bunoideachas a chur ar fáil do chách.
Ó 1990 tháinig laghdú 600 milliún ar líon na ndaoine atá ag maireachtáil i bhfíorbhochtaineacht ach níor tharla an dul chun cinn céanna i dtreo roinnt de na spriocanna eile. I measc roinnt de na spriocanna is deacra a bheidh le baint amach faoi 2015 tá líon na leanaí agus na máithreacha a fhaigheann bás i mbreith clainne a laghdú agus uisce glan óil a chur ar fáil. Mar chúnamh chuige sin, gheall an AE in 2011 go gcuirfí €1 billiún breise ar fáil do na Spriocanna Forbartha Mílaoise is lú dul chun cinn in 79 tír san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin.
Beidh an Coimisinéir Eorpach um Fhorbairt, Andris Piebalgs, ag déanamh scrúdú ar thodhchaí an chláir oibre dhomhanda maidir le forbairt tar éis 2015 mar chuid de ghrúpa ardleibhéil sna Náisiúin Aontaithe faoi stiúir Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon.
Is é 'an Clár Oibre don Athrú
' an treoirphlean nua do bheartas forbraíochta an AE agus ghlac airí an AE leis an treoirphlean sin in 2012. Leagann sé síos cur chuige nua i leith an bheartais forbraíochta, cur chuige a thugann aird ar dhomhan atá ag athrú, ar na deontóirí nua atá ag teacht chun cinn, agus ar na dúshláin nua atá ann do stáit i mbéal forbartha.
Is é is aidhm don bheartas nua cúnamh níos straitéisí, níos spriocdhírithe agus níos dírithe ar thorthaí a chur ar fáil faoi dhá phríomhshraith:

Tá daoine a fhásann rís in Aweil sa tSúdáin ag fáil cúnaimh ón gclár um shábháilteacht bia
Tugann an Clár Oibre don Athrú aghaidh ar an gcúnamh forbraíochta i dtrí réimse:
Tugann sé aghaidh freisin ar úsáid éifeachtach an chúnaimh a fheabhsú agus ar shlite nuálacha a úsáid le maoiniú a thabhairt – meascán d'iasacht agus de dheontas – agus féachann sé chuige go mbeidh beartais uile an AE, m.sh. an t-athrú aeráide, talmhaíocht nó trádáil, ag luí le spriocanna forbartha an AE.
Thar na blianta, thug an AE tacaíocht do a lán tíortha agus iad ag iarraidh an bhochtaineacht a dhíothú agus todhchaí níos fearr a chruthú dá bpobail. Is iarracht fhadtéarmach a bhíonn i gceist go minic. Seo roinnt den dul chun cinn atá déanta:
Cás-staidéir forbraíochta an AE
Tá beartas forbraíochta an AE dírithe ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste i dtíortha i mbéal forbartha a chumasú lena bhforbairt féin a chinneadh. Is é a chiallaíonn sé sin: