Cosán nascleanúna
Ba é an t-aontas custaim ceann de chéad mhórghníomhartha an AE. Fuair sé réidh le dleachtanna custaim ag teorainneacha náisiúnta thíortha an AE agus chuir sé córas aonfhoirmeach i bhfeidhm chun cáin a ghearradh ar allmhairí.
Is ag teorainneacha seachtracha an AE is mó atá oifigigh chustaim le feiceáil anois. Ní hamháin go gcoinníonn siad trádáil ag feidhmiú, ach tugann siad faoi réimse leathan cúraimí chun muintir na hEorpa a chosaint.
Is éard atá san aontas custaim ná limistéar trádála aonair ina bhfuil saorghluaiseacht earraí, idir earraí atá déanta laistigh den AE nó earraí atá allmhairithe ón taobh amuigh. Is féidir fón póca ón bhFionlainn a sheoladh chuig an Ungáir gan aon dleacht a íoc air agus gan aon rialú custaim.
Íoctar dleacht ar earraí ó lasmuigh den AE – teilifís ón gCóiré Theas, mar shampla – nuair a thagann siad isteach san AE i dtosach, ach ní bhíonn aon dleacht eile le híoc ina dhiaidh sin agus ní bhíonn aon seiceálacha eile ann.

Tá go leor cineálacha allmhairí neamhdhleathacha ann.
Ina ainneoin sin, tá gníomhaíochtaí custaim san AE ríthábhachtach, go háirithe mar gheall ar an líon earraí a thagann isteach sa limistéar. Bíonn seirbhísí custaim an AE ag láimhseáil beagnach 20% d’allmhairí uile an domhain –- os cionn 2 bhilliún tona earraí in aghaidh na bliana. Chuige sin, próiseálann siad go maith os cionn 200 milliún dearbhú gach bliain.
Is liosta fada é seo:

Is dualgas lárnach eile de chuid an chustaim san AE é tabhairt faoi chalaois, go háirithe 3 chineál calaoise:
Tá an AE ag obair go síoraí ar nuashonrú agus uathoibriú nósanna imeachta a dhéanfaidh trádáil thar a theorainneacha inmheánacha agus seachtracha níos furasta.
Laistigh de chúpla bliain, beidh gnóthais ábalta fáil réidh lena bhfoirmeacha custaim uile ar pháipéar agus beidh gréasáin custaim gach tíre san AE comhtháite go hiomlán go leictreonach, rud a chuirfidh ionad ilfhreastail ar fáil do thrádálaithe chun cúrsaí custaim a fheidhmiú ar fud an AE.
Déanann oifigigh chustaim an AE obair riachtanach maidir le bailiú staitisticí. Cuireann a gcuid taifid le cinntí maidir le teorainneacha a thabhairt isteach ar earraí a d’fhéadfadh a bheith ag dul in iomaíocht go míchothrom le táirgí an AE. Cabhraíonn na sonraí maidir le sreabhadh trádála a bhailíonn siad le lucht déanta beartas na hEorpa chun treochtaí geilleagracha a bhrath freisin.