Cosán nascleanúna

Cultúr


Féachann an AE chuige comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú – mar shampla teangacha, litríocht, amharclannaíocht, scannánaíocht, damhsa, craoltóireacht, ealaín, ailtireacht agus ceardaíocht – agus í a chur ar fáil do chách.

Veidhleadóir © Rossen Donev - Féile Cheoil an tSamhraidh in Varna

Ceoltóir óg ag féile cheoil idirnáisiúnta Varna sa Bhulgáir.

Tugann an AE tacaíocht do na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha mar seo a leanas:

  • cláir tacaíochta le go bhféadfaidh siad an leas is mó is féidir a bhaint as margadh an AE agus as teicneolaíochtaí digiteacha
  • maoiniú
  • tacaíocht do thionscadail taighde
  • tacaíocht don chomhar le comhpháirtithe laistigh agus lasmuigh den AE.

Is minic a bhíonn nasc idir bheartais an AE agus an cultúr: m.sh. an t-oideachas (foghlaim teangacha san áireamh), taighde eolaíochta, tacaíocht do TF agus do theicneolaíochtaí cumarsáide, an beartas sóisialta agus forbairt réigiúnach.

Mar chuid dá bheartas réigiúnach, mar shampla, tugann an AE tacaíocht airgeadais do scoileanna ceoil, do cheolárais agus do stiúideonna taifeadta. Thug sé maoiniú freisin le hamharclanna stairiúla a athchóiriú, .m.sh. an Teatro del Liceu in Barcelona agus an Fenice sa Veinéis, dhá amharclann a ndearnadh damáiste dóiteáin dóibh sna 1990daí.

Séadchomhartha á athchóiriú © Van Parys Media

Cuidíonn an AE le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa a athchóiriú.

Clár cultúir an AE

Tá buiséad €400 billiún ann do chlár reatha cultúir an AE DeutschEnglishfrançais (2007-13) agus caithfear an t-airgead sin ar ghníomhaíochtaí cultúrtha neamh-chlosamhairc. Is é is aidhm don chlár sin:

  • feasacht ar shócmhainní cultúrtha a bhfuil tábhacht ag baint leo, ní amháin don réigiún nó don tír, ach don Eoraip ina hiomláine, mar aon le caomhnú na sócmhainní sin, a chur chun cinn
  • tacaíocht a thabhairt do dhaoine a oibríonn sna tionscail chultúrtha le gur féidir leo maireachtáil agus oibriú i dtíortha eile san Eoraip
  • é a éascú saothair agus táirgí cultúrtha agus ealaíne a bhogadh gan bhac timpeall an AE
  • plé a spreagadh idir cultúir éagsúla.

Tá súil go mbeidh buiséad níos mó ná €500 milliún ar fáil do Chlár Eoraip na Cruthaitheachta DeutschEnglishfrançais (2014-2020), agus seolfar scéim ráthaíochta iasachtaí ar luach €210 milliún faoin gClár sin leis na bainc a spreagadh iasachtaí a thabhairt do ghnólachtaí beaga in earnáil an chultúir.

Príomhchathracha an chultúir

Roghnaítear dhá chathair gach bliain mar Phríomhchathracha cultúir na hEorpa DeutschEnglishfrançais.

Tugann an teideal sin deis ar leith do na cathracha sin ceiliúradh a dhéanamh ar a bhféiniúlacht Eorpach, an chomhobair idir iad agus eagraíochtaí cultúir náisiúnta agus eachtrannacha a fheabhsú agus beocht agus spéis a mhúscailt i saol cultúrtha na gcathracha sin i gcoitinne.

Cuirtear imeachtaí éagsúla i réimse an chultúir ar siúl sa chathair le linn na bliana sin. Léiríonn an taithí go dtí seo go mbíonn tionchar dearfach fadtéarmach ag an mbliain sin ar fhorbairt chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíoch na gcathracha.

Barr

Barr



Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ