Cosán nascleanúna
Ar thosaíochtaí an AE maidir le beartas tomhaltóirí tá:
Agus geilleagar éifeachtach comhtháite ag an AE atá bunaithe ar rialacha uile-AE, ba cheart go mbeifeá in ann earraí agus seirbhísí a cheannach i dtíortha eile san AE agus muinín agat go gcosnófar do chearta tomhaltóirí má théann rud éigin in earráid.
Tá sé d'aidhm ag clár an AE um chosaint tomhaltóirí (2007-13) ardleibhéal cosanta dlí a thabhairt do thomhaltóirí agus a chinntiú go gcuirtear an dlí i bhfeidhm i gceart.

Is cuma más ag siopadóireacht i margadh nó ar líne atá tú, cosnaíonn an AE do chearta.
Áirithíonn beartas an AE go bhfuil ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí i gcuid mhór réimsí:
Ina theannta sin, cosnaíonn an AE leasanna níos forleithne tomhaltóirí i réimsí ar nós iad seo:

Ní mór do gach bréagán caighdeáin sábháilteachta an AE a chomhlíonadh.
Mar gheall ar an bhfás atá tagtha ar sheirbhísí airgeadais agus ar thráchtáil leictreonach, tá treoirlínte molta ag an gCoimisiún maidir le dea-chleachtais ghnó ar líne agus maidir le rialacha do gach gné d'íocaíochtaí creidmheasa agus neamhairgid tomhaltóirí.
Cuirtear leasanna tomhaltóirí san áireamh cheana féin i ndlíthe lena léirscaoiltear príomhsheirbhísí poiblí amhail iompar, leictreachas agus gás, teileachumarsáid agus post. Dá bhrín sin, ba cheart rochtain ar sheirbhísí d'ardchaighdeán a bheith ag an bpobal ar phraghsanna inacmhainne.
Ní mór duit a bheith in ann sásamh a fháil mura gcuirtear rialacha an AE chun feidhme i gceart. Teastaíonn comhar níos fearr idir tíortha an AE chuige sin. Féadfaidh imeachtaí cúirte a bheith costasach agus am-íditheach, go háirithe más i dtír eile atá siad. Chun socruithe lasmuigh den chúirt a spreagadh, tá bealaí nach gcosnaíonn aon rud nó nach gcosnaíonn mórán forbartha ag an gCoimisiún chun díospóidí a réiteach.
Cleachtais éagóracha tráchtála: tá na cleachtais seo, ar nós fógraíochta míthreoraí agus cleachtas ionsaitheach díola amhail ciapadh, comhéigean agus tionchar míchuí a úsáid, mídhleachtach anois ar fud an AE.
Bíonn cuid mhór daoine amhrasach faoi shiopadóireacht trasteorann toisc nach mbíonn siad cinnte faoina gcearta agus toisc faitíos orthu roimh chalaois. Tugann rialacha nua an AE an chosaint chéanna duit ar chleachtais ionsaitheacha ghnó agus ar thrádálaithe bradacha, is cuma más ag ceannach sa siopa ar an gcoirnéal atá tú nó ó shuíomh gréasáin i dtír eile san AE.
Bealach eile chun sásamh a fháil is ea dul i dteagmháil le Líonra Eorpach na Lárionad Tomhaltóirí (ECC-Net). Aimsigh an t-ionad is gaire duit .