Cosán nascleanúna


Trádáil

Tiomanta do shaorthrádáil agus do thrádáil chóir

Is é an tAontas Eorpach an trádálaí is mó ar domhan, ag cuimsiú 20% d’allmhairí agus d’onnmhairí an domhain. Bhí saorthrádáil i measc a bhall ar cheann de phrionsabail bhunaidh an AE, agus tá sé tiomanta do thrádáil an domhain a léirscaoileadh chun tairbhe tíortha saibhre agus tíortha bochta araon.

Eitleán lastais © Van Parys Media

Déanann an Eoraip earraí a easpórtáil chuig gach cearn den domhan.

Baineann trádáil le gach duine. Bíonn tionchar ag beartas trádála orainn uile, gach lá, is cuma céard a dhéanaimid agus cá gcónaímid. Gan trádáil, bheadh ár saol an-srianta go deo. Cuimhnigh ar an gcupán tae nó caife ar maidin, ar na carranna a thiomáinimid, ar na ríomhairí a bhfuilimid ag brath orthu gach lá anois nó ar laethanta saoire ar mhór-roinn eile.

Tá an domhandú ag tabhairt níos mó agus níos mó tíortha, idir shaibhir agus dhaibhir, isteach sa gheilleagar domhanda agus á nochtadh d’iomaíocht mhéadaithe. Mar gheall ar an bpróiseas seo, tá athrú tagtha ar an gcaoi a mbímid ag trádáil agus ar an gcaoi a gcaithimid ár saol ó lá go lá.

Deis í forbairt trádála freisin – má dhéantar bainistiú cuí uirthi – d’fhás geilleagrach. Is éard a theastaíonn ó gheilleagar an AE a bheith iomaíoch agus sraith rialacha a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta a bhunú.

I gcaibidlíochtaí trádála idirnáisiúnta, déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann 27 ball an AE.

Barr

Barr



Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Réimsí beartais gaolmhara

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ