Cosán nascleanúna


Gníomhú ar son na haeráide

An pláinéad a chosaint

Tá sé cruthaithe go bhfuil athrú ag teacht ar ár n-aeráid. Feicimid an t-athrú ag tarlú san Eoraip agus in áiteanna eile, le teochtaí ag ardú, patrúin báistí ag athrú, oighearshruthanna ag leá agus leibhéil farraigí ag ardú. Tá drochthionchar ag triomaigh agus tuilte toisc iad a bheith ag tarlú níos minice ar fud an domhain freisin.

Damáiste a theorannú

Síobaire ar oighearshruth © Digital Vision/Karl Weatherly

Síobaire ar oighearshruth

Tá gníomhaíochtaí an duine tar éis an t-athrú aeráide a bhrostú, ach níl sé ródheireanach chun moill a chur ar an bpróiseas. Tá an AE ag obair go crua chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhallstát a laghdú agus tíortha eile a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh. Tá straitéis á forbairt ag an AE freisin chun déileáil le tionchar an athraithe aeráide.

Sprioc amháin, go leor gníomhaíochtaí!

Tá sraith spriocanna aontaithe ag ceannairí an AE, atá le baint amach faoin mbliain 2020, agus tugtar na spriocanna 20-20-20 orthu seo. Tá sé d’aidhm ag na spriocanna sin:

  • astaíochtaí gáis cheaptha teasa an AE a laghdú go 20% níos ísle ná leibhéil 1990 ar a laghad
  • an cion d’ídiú fuinnimh an AE a thagann ó fhoinsí in-athnuaite a mhéadú go 20%
  • an méid fuinnimh phríomhúil a úsáidtear a laghdú – trí éifeachtúlacht fuinnimh – de 20% i gcomparáid le leibhéil réamh-mheasta.

Tá an AE tar éis tairiscint a dhéanamh a astaíochtaí a laghdú le 30% má thugann geilleagair eile tiomantas laghduithe astaíochtaí inchomparáide nó ranníocaíochtaí leormhaithe a bhaint amach. Tá caibidlíochtaí ar siúl ina leith sin faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe.

In “Slí chun aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin iomaíoch in 2050”, d’fhéach an Coimisiún Eorpach ar bhealaí nua chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú le 80% - 95% faoi lár na haoise.

Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí: cabhrú le tionscal chun astaíochtaí a laghdú

Tá sé seo ina bhunchloch do straitéis an AE maidir leis an athrú aeráide, agus tá astaíochtaí ó thionscal á laghdú de réir a chéile ar an tslí is cost-éifeachtúla is féidir dá bharr.

Faoin gcóras seo, ní mór do thionscail atá trom ar fhuinneamh, amhail giniúint cumhachta nó cruach agus stroighin liúntais a thabhairt uathu gach bliain i gcomhair gach tona CO2 a eisíonn siad. I bprionsabal, faigheann siad méid áirithe liúntas saor in aisce, ach má theastaíonn tuilleadh uathu, ní mór dóibh iad a cheannach ar an margadh carbóin. Is féidir leo astaíochtaí a fhritháireamh freisin trí infheistíocht a dhéanamh i laghduithe CO2 i dtíortha i mbéal forbartha.

Ón uair a thosaigh Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí in 2005, tá níos mó agus níos mó gnóthas tagtha isteach ann. Beidh aerlínte mar chuid den chóras ó 2012 i leith. Amach anseo, déanfar ceantáil ar liúntais bhreise seachas iad a leithdháileadh saor in aisce.

Réiteach i gcomhair iarmhairtí an athraithe aeráide

Cé gur féidir linn fós moill a chur ar an athrú aeráide, ní féidir stop iomlán a chur leis. Mar sin, ní mór dúinn dul in oiriúint dó má táimid chun damáiste a sheachaint nó a íoslaghdú. Cuimsíonn na gníomhaíochtaí sin modhnú ar rialacháin tógála chun dálaí aeráide amach anseo a chur san áireamh, tógáil cosaintí i gcoinne tuilte agus forbairt barr atá fulangach don triomach, i measc nithe eile.

Barr

Barr



Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Réimsí beartais gaolmhara

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ