Cosán nascleanúna


Dá mhéad tuisceana atá ag fir agus mná na hEorpa ar a gcearta mar shaoránaigh de chuid an AE, is eolaí a dhéanfaidh siad cinntí faoina saol agus is beoga a bheidh saol daonlathach na hEorpa ag gach leibhéal.
Is saoránaigh den Aontas Eorpach iad náisiúnaigh ar fad thíortha an AE. Cuireann saoránacht an AE le saoránacht náisiúnta agus tugann sé roinnt ceart tábhachtach breise.

Agus pas nó cárta aitheantais bailí acu, is féidir le saoránaigh den AE cur fúthu i dtír eile den AE ar feadh suas le trí mhí.
Déantar cur síos ar do chearta mar shaoránach den AE sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 2) agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha
(Caibidil V). Tá níos mó eolais faoi do chearta le fáil ar An Eoraip Agatsa agus Europe Direct
.
Mar shaoránach den AE, tá an ceart agat bogadh agus maireachtáil ![]()
![]()
laistigh den AE gan idirdhealú i do choinne ar bhonn do náisiúntachta. Féadfaidh tú socrú síos in aon tír san AE ar choinníoll go gcomhlíonann tú coinníollacha áirithe. Mar shampla, má tá tú ag dul isteach i dtír eile san AE, b'fhéidir go n-iarrfar ort cárta aitheantais a thaispeáint agus má tá tú chun maireachtáil i dtír eile san AE ar feadh níos mó ná trí mhí, ní foláir duit coinníollacha áirithe a chomhlíonadh ag brath ar cé acu atá tú ag staidéar nó ag obair, srl.

Tá an ceart ag saoránaigh den AE vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa.
Tá an ceart ag gach saoránach den AE vóta a chaitheamh agus seasamh ![]()
![]()
i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha i bpé tír san AE ina bhfuil siad ag cur fúthu, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh na tíre sin.
Tugann an ceart achainí a dhéanamh
cead duit, mar shaoránach den AE, ábhair imní a chur ar a súile do Pharlaimint na hEorpa nó gearáin a dhéanamh léi. Féadfaidh tú iarraidh ar an bParlaimint dul i ngleic le riachtanas nó gearán pearsanta, nó le ceist a bhaineann le leas an phobail. Ba cheart go dtiocfadh an t-ábhar faoi raon feidhme ghníomhaíocht an AE, agus ba cheart go mbainfeadh sé leatsa go díreach.
Maidir le gearáin a bhaineann le mí-iompar institiúide nó údaráis de chuid an AE, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.
Is féidir leat dul i dteagmháil go díreach le hinstitiúidí an AE agus le húdaráis comhairleacha an AE freisin, agus tá tú i dteideal freagra a fháil in aon cheann de 23 teanga oifigiúil an AE.
Má tharlaíonn sé go bhfuil tú i dtír nach bhfuil san AE agus go bhfuil cabhair de dhíth ort, más saoránach den AE tú, tá tú i dteideal cosaint chonsalach ón ambasáid nó ó chonsalacht tír ar bith eile de chuid an AE. Beidh cabhair ar fáil duit i gcásanna amhail bás, timpiste nó tinneas, gabháil nó coimeád, coir fhoréigneach agus aisdúichiú.
Faoi Thionscnamh Eorpach na Saoránach, is féidir leat iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra le haghaidh gnímh dhlíthiúil a ullmhú. Ní foláir do mhilliún saoránach ar a laghad ón gceathrú cuid de thíortha an AE ar a laghad an achainí a shíniú.
Sa bhreis ar na cearta thuasluaite, tugann an AE spreagadh do gach saoránach agus do gach eagraíocht ról gníomhach a bheith acu i bhforbairt an AE. Tugann an clár um an Eoraip ar son na Saoránach
maoiniú do thionscnaimh i réimsí amhail rannpháirtíocht agus daonlathas ar leibhéal an AE, idirphlé idirchultúrtha, fostaíocht, comhtháthú sóisialta agus forbairt inbhuanaithe, agus tionchar bheartais an AE ar an tsochaí. Cuireann an Clár um Chearta Bunúsacha agus um Shaoránacht
cearta shaoránaigh an AE chun cinn.
Deis atá i mBliain Eorpach na Saoránach in 2013 saoránaigh a chur ar an eolas faoina gcearta san AE agus iad a chur ag caint ar shaoránacht an AE.
Chun saoránacht an AE a chur chun cinn, foilsíonn an Coimisiún Tuarascáil ar Shaoránacht an AE .