Cosán nascleanúna


Beartas Eachtrach agus Slándála

Labhairt d'aonghuth

Tá a bheartas eachtrach agus slándála féin ag an Aontas Eorpach, ceann a forbraíodh de réir a chéile le mórán blianta agus ceann a chuireann ar a chumas labhairt - agus gníomhú - mar aonad i ngnóthaí an domhain.

Agus iad ag gníomhú le chéile mar AE, is mó go mór meáchan agus tionchar na 27 mBallstát ná má ghníomhaíonn siad ina n-aonar, trí 27 mbeartas éagsúla a leanúint.

Neartaigh Conradh Liospóin 2009 beartas eachtrach agus slándála an AE tuilleadh, trí phost Ardionadaí an AE do Bheartas Eachtrach agus Slándála a chruthú. Fairis sin, cruthaíodh Seirbhís Taidhleoireachta Eorpach – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).

An tSíocháin agus an tSlándáil

Is é is cúram do bheartas eachtrach agus slándála an AE an tsíocháin a chaomhnú agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú; an comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn; agus an daonlathas, an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine agus ar bhunchearta a fhorbairt agus a dhaingniú.

Monatóirí toghcháin AE ag stáisiún vótála i Siarra Leon © AE

Monatóirí toghcháin AE i Siarra Leon, 2012 Cuireann an AE an daonlathas agus cearta an duine chun cinn ar fud an domhain

Taidhleoireacht agus comhpháirtíocht

Gníomhaí lárnach is ea an AE i gceisteanna idirnáisiúnta – bíodh an téamh domhanda nó an t-aighneas sa Mheánoirthear i gceist. Is ar thaidhleoireacht atá comhbheartas eachtrach agus slándála an AE bunaithe – arna neartú nuair is gá le trádáil, cúnamh agus slándáil agus cosaint – chun coinbhleachtaí a réiteach agus tuiscint idirnáisiúnta a chothú. Is é an tAontas an deontóir is mó de Chúnamh Forbraíochta go hidirnáisiúnta, rud a fhágann go bhfuil ról ar leith aige le dul i gcomhar le tíortha atá i mbéal forbartha.

Tugann méid an Aontais 27 dtír – i dtéarmaí eacnamaíochta, trádála agus airgeadais – meáchan ar leith dó ar an leibhéal domhanda. Tá sé ar an trádálaí is mó ar domhan, agus is aige atá dara airgeadra an domhain, an euro. Tá ról tábhachtach ag an AE i ngnóthaí domhanda – agus tá a meáchan ag fás de réir mar a mhéadaíonn líon na gcinntí comhchoiteanna i mbeartas eachtrach thíortha an AE.

Coinníonn an AE comhpháirtíochtaí le gníomhaithe tábhachtacha uile an domhain – na cinn nua ina measc – agus tá a gcuid tuairimí agus leasanna féin ag gach ceann acu. Féachann sé lena chinntiú gur ar leasanna frithpháirteacha agus sochair fhrithpháirteacha, ina bhfuil cearta chomh maith le dualgais ag an dá pháirtí, a bhíonn a chomhpháirtíochtaí bunaithe.

Bíonn cruinnithe mullaigh rialta ag an AE leis na Stáit Aontaithe, an tSeapáin, Ceanada, an Rúis, an India agus an tSín. Ina chaidreamh leis na tíortha sin agus le tíortha eile cuimsítear go leor réimsí, ina measc oideachas, an comhshaol, slándáil agus cosaint, coireacht agus comhphlé faoi chearta an duine.

Misin síochánaíochta

Sheol an AE misin síochánaíochta chuig cuid mhaith de réigiúin bruíne an domhain. I Lúnasa 2008, chuidigh an AE le sos cogaidh a shocrú idir an tSeoirsia agus an Rúis, d'imscar sé breathnóirí AE le faireachán a dhéanamh (misean faireacháin an AE sa tSeoirsia English) agus thug sé cabhair dhaonnúil do dhaoine a bhí easáitithe ag an trodaireacht.

Tá ról lárnach ag an AE sna Balcáin freisin, áit a bhfuil tionscadail chúnaimh á maoiniú aige i seacht dtír chun cabhrú leo sochaithe cobhsaí a thógáil. Sa Chosaiv, d'imscar an AE 1900 duine i bhfórsa póilíní agus lucht ceartais (EULEX na Cosaive English) i mí na Nollag 2008 chun an t-ord poiblí a chinntiú.

Oifigeach ó Mhisean EULEX na Cosaive ag tabhairt bileoige d'fhear i gcarr © AE

Oifigeach ó Mhisean EULEX na Cosaive agus faisnéis á dháileadh aige faoi ról an AE chun na Balcáin Thiar a atógáil

Modhanna idirghabhála

Níl aon arm seasta ag an AE. Ina ionad sin, faoina chomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), braitheann sé ar fhórsaí ad hoc a chuir tíortha AE ar fáil le haghaidh na nithe seo a leanas:

  • comhoibríochtaí dí-armála
  • cúraimí daonnúla agus tarrthála
  • comhairle agus cúnamh míleata
  • coinbhleachtaí a chosc agus síochánaíocht
  • cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta géarchéime, ina measc an tsíocháin a dhéanamh agus cobhsú iarchoinbhleachta.

Féadfaidh na cúraimí sin uile cuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, uaireanta trí thacú le tíortha neamh-AE an sceimhlitheoireacht a chomhrac ina dtír féin.

Oifigigh EUPOL ag labhairt le páiste san Afganastáin © AE

San Afganastáin, tacaíonn an AE le hoifigigh bhreithiúnacha agus póilíní a oiliúint

Le deich mbliana anuas, sheol an AE 23 misean shibhialta agus oibríocht mhíleata ar 3 mhór-roinn. Freagra ar ghéarchéimeanna faoi deara iad – síocháin iar-shúnámaí a thógáil in Aceh, dídeanaithe a chosaint i Sead, píoráideacht a chomhrac amach ón tSomáil agus Corn na hAfraice English (en) français (fr) . Is ag leathnú atá ról an AE mar ghníomhaí slándála.

Ó Eanáir 2007, tá an AE in ann tabhairt faoi oibríochtaí mearfhreagartha le dhá chathghrúpa chomhthráthacha, ina bhfuil 1500 saighdiúir agus, más gá, an dá oibríocht a sheoladh beagnach ag an am céanna. Is iad airí náisiúnta thíortha an AE agus iad le chéile i gComhairle an AE a ghlacann cinntí faoi imscaradh.

Caidreamh leis an oirthear

Tá an AE ag neartú a chuid nasc leis an tSeoirsia, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Mholdóiv, an Úcráin agus an Bhealarúis, mar atá leis an Rúis. De dheasca chogadh Lúnasa 2008 idir an Rúis agus an tSeoirsia, cogadh a chríochnaigh le sos cogaidh a shocraigh an AE agus le himscaradh mhisean faireacháin AE sa tSeoirsia, tá imní ann faoi chobhsaíocht an réigiúin. Cuireann an AE maoiniú nach beag ar fáil do na tíortha sin, chomh maith le deis ar chomhaontuithe saorthrádála má tá siad i mbun athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha leis an daonlathas a neartú.

Naisc níos dlúithe: An Mheánmhuir agus an Méanoirthear

Tar éis an Earraigh Arabaigh in 2011, d'athsheol an AE a bheartas comharsanachta Eorpach chun a dhlúthpháirtíocht leo siúd a bhí ag iarraidh daonlathais a chur in iúl. Cumadh an beartas sin chun caidreamh an AE lena chomharsana ar an taobh thoir agus theas a neartú, agus tairgeann an beartas comhlachas polaitiúil, comhtháthú eacnamaíoch agus soghluaisteacht mhéadaithe. Leis an athsheoladh, gealladh níos mó tacaíochta AE do na comharsana sin a bhí tiomanta don athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch, agus idirghníomhú níos mó leis na daoine atá ina gcónaí sna tíortha comharsanacha sin.

Tá Tascfhórsa AE-na Túinéise ann chun tacaíocht Eorpach agus idirnáisiúnta a chomhordú le cuidiú leis an Túinéis agus í ag aistriú chuig an daonlathas agus a geilleagar á atosú aici. Seoladh Tascfhórsa comhchosúil AE-na hÉigipte i Samhain 2012.

Tá an AE ag cur tacaíochta de chineál eile ar fáil do na hiarrachtaí idirnáisiúnta le síocháin a thabhairt chuig an Meánoirthear. Comhshocrú dhá stát ina mbeidh an stát Palaistíneach taobh le taobh le hIosrael atá mar chuspóir ag an AE, agus tá sé ag obair leis na Náisiúin Aontaithe, na Stáit Aontaithe agus an Rúis (ar a dtugtar 'An Ceathairéad') chun an dá thaobh a spreagadh le teacht ar chomhaontú.

Tá ról chomh gníomhach céanna ag an AE san Iaráin, áit a bhfuil sé i gceannas ar idirbheartaíocht atá dírithe ar an tír a spreagadh le gearradh siar ar a clár núicléach.

An Áise agus Meiriceá Laidineach

Tá an AE ag treisiú an chaidrimh le grúpaí réigiúnacha, go háirithe san Áise agus i Meiriceá Laidineach. Chruthaigh an AE 'comhpháirtíochtaí feabhsaithe' lena chomhpháirtithe san Áise atá ag forbairt go tapa – sin comhaontuithe a chothromaíonn gnéithe eacnamaíocha, polaitiúla, sóisialta agus cultúrtha an chaidrimh.

Baill atá ag feitheamh le bheith san AE: na Balcáin

Beidh an Chróit ar an 28ú Ballstát AE i mí Iúil 2013, agus glacadh le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine (FYROM) agus leis an tSeirbia go hoifigiúil mar iarrthóirí ar bhallraíocht san AE. Tá iarratas curtha isteach ag an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus ag Montainéagró.

Dhearbhaigh an Chosaiv a neamhspleáchas féin ón tSeirbia in 2008, ach níl aon chomhaontú idirnáisiúnta ann fós faoina stádas. Tá an AE ag díriú go gníomhach ar réiteach taidhleoireachta agus é i gceannas ar chomhphlé Pristina-Béalgrád, agus tugann sé cúnamh praiticiúil.

An chinnteoireacht i mbeartas eachtrach an AE

An comhlacht cinnteoireachta is airde san Aontas Eorpach, sin an Chomhairle Eorpach, a thugann le chéile na Ceannairí Stáit agus Rialtais ó na 27 mballstát. Tagann an Chomhairle le chéile ceithre huaire sa bhliain le prionsabail agus treoirlínte ginearálta beartais a shainiú.

Tá de chúram ar an Ardionadaí Catherine Ashton níos mó comhleanúnachais a chur i mbeartais eachtracha an AE. Dá réir sin, tá sí ina cathaoirleach ar chruinniú míosúil na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, mar a dtagann na 27 Aire Gnóthaí Eachtracha san AE le chéile. Freastalaíonn an tArdionadaí ar an gComhairle Eorpach agus tuairiscíonn sí ar shaincheisteanna gnóthaí eachtracha.

Ardionadaí an AE Catherine Ashton agus lámh á croitheadh ​​aici le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Ban Ki-Moon © AE

Buaileann Ardionadaí an AE Catherine Ashton le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Ban Ki-Moon - ag tacú le síocháin trí chomhar iltaobhach

Is d'aon toil a ghlactar formhór na gcinntí maidir le beartas eachtrach agus slándála – bíonn ar gach tír san AE aontú ar chinneadh.

Tá de chúram ar an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) tacú le ról an Ardionadaí. Feidhmíonn sí mar sheirbhís taidhleoireachta an AE, agus tá líonra aici de bhreis is 141 Toscaireacht agus Oifig българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ar fud an domhain atá freagrach as leasanna na hEorpa a chur chun cinn agus a chosaint.

Barr

Barr



Fan ceangailte


Barr

Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Réimsí beartais gaolmhara

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ