Cosán nascleanúna
Is iomaí sin feidhm atá le comhbheartas talmhaíochta an AE: ní hé amháin go gcuidíonn sé le feirmeoirí bia a tháirgeadh, ach cosnaíonn sé an comhshaol, feabhsaíonn sé leas ainmhithe agus cothaíonn sé pobail tuaithe inmharthana freisin.

Stampáiltear lipéad cáilíochta an AE ar cháis Parmesan údarach.
Tá athrú tagtha ar fhócas bheartas feirmeoireachta an AE de réir mar atá cúinsí san Eoraip ag athrú. Sa lá atá inniu ann tá an fócas ar na nithe seo:

Prionsabal bunúsach de bheartas talmhaíochta an AE is ea rogha leathan a bheith ann.
Ar na dúshláin a gcaithfear dul i ngleic leo amach anseo tá an riachtanas an méid bia a tháirgtear sa domhan a mhéadú faoi dhó faoi 2050 chun riar ar an méadú atá ag teacht ar an daonra agus ar chaitheamh feola, agus san am céanna aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide (cailleadh bithéagsúlachta, meath ar cháilíocht ithreach agus ar cháilíocht an uisce).
Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, agus i bhfianaise a bhfuil ráite ag saoránaigh na hEorpa ina leith, ó 2013 ar aghaidh athróidh beartas talmhaíochta an AE chun níos mó béime a chur ar na nithe seo:
Bainistítear an beartas talmahíochta ar dhóigh níos lárnaí, ar an leibhéal Eorpach, ná aon bheartas eile. Ciallaíonn sin gurb é an AE seachas na rialtais náisiúnta a bhainistíonn caiteachas ar an bhfeirmeoireacht.
Mar sin féin, tá laghdú mór tagtha ar an sciar de bhuiséad an AE a chaitear ar an bhfeirmeoireacht (ó nach mór 70% sna 1970idí, an buaicphointe, go dtí thart ar 40% sa lá atá inniu ann). Léiríonn sé sin go bhfuil méadú tagtha ar na cúraimí eile atá ar an AE agus, lena chois sin, gur laghdaíodh costais trí leasuithe a chur i bhfeidhm. Ó bhí 2004 ann, tháinig dhá cheann déag de Bhallstáit nua isteach san AE gan aon mhéadú a theacht ar an gcaiteachas ar an bhfeirmeoireacht.