Fógra dlíthiúil | Fianáin | Maidir le EUROPA | Cuardaigh | Teagmháil
Treaty of LisbonSkip language selection bar (shortcut key=2)
EUROPA > Conradh Liospóin > An Conradh i sracfhéachaint > Eoraip níos daonlathaí agus níos trédhearcaí
An Eoraip a thabhairt isteach san 21ú CéadAn Eoraip a thabhairt isteach san 21ú Céad

Eoraip níos daonlathaí agus níos trédhearcaí

Trí phrionsabal dhaonlathacha a rialaíonn feidhmiú an Aontais: an comhionannas daonlathach, an daonlathas ionadaíoch agus an daonlathas rannpháirteach.

Dearbhaíonn Conradh Liospóin prionsabal an chomhionannas dhaonlathaigh, .i. nach mór do shaoránaigh cóir chomhionann a fháil ó fhorais an Aontais. Neartaíonn sé an daonlathas ionadaíoch trí ról níos mó a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus trí bhaint na bparlaimintí náisiúnta leis an bpróiseas a mhéadú. Forbraíonn sé an daonlathas rannpháirteach trí shásraí nua idirghníomhachta idir na saoránaigh is na forais, mar thionscnamh na saoránach.

Sa bhreis air sin, soiléiríonn Conradh Liospóin caidreamh na mBallstát leis an Aontas Eorpach.

Cumhachtaí breise Pharlaimint na hEorpa

Is í Parlaimint na hEorpa, a dtoghtar a comhaltaí gach cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá mar ionadaí ar shaoránaigh na mBallstát. Leathnaigh conradh i ndiaidh conartha  cumhachtaí na Parlaiminte.  Leanann Conradh Liospóin an chonair seo, ag neartú cumhachtaí Pharlaimint na hEorpai gcúrsaí reachtaíochta, buiséid agus comhaontuithe idirnáisiúnta. 

I gcúrsaí reachtaíochta, leatar an nós imeachta comhchinnteoireachta (arna athbhaisteadh mr ghnáth-nós imeachta reachtaíochta) go roinnt réimsí.  Faigheann an Pharlaimint cumhacht reachtaíochta comhionann leis an gComhairle i réimsí áirithe nua, nach raibh aon ról, nó gan ach ról comhairleach, aici iontu go dtí seo.  Cúpla sampla:  an inimirce dleathach, an  comhar breithiúnach in ábhair choiriúla (Eurojust, coireanna a sheachaint, comhfhogasú na gcaighdeán píonóis, cionta, agus  smachtbhannaí), an comhar póilíneachta  (Europol), nó bearta áirithe maidir leis mbeartas tráchtála nó leis an gcomhbheartas talmhaíochta.  Ar an ábhar sin, tá baint ag Parlaimint na hEorpa leis an reachtaíocht ar fad, geall leis. 

I gcúrsaí buiséid, beannaíonn Conradh Liospóin nós an chreata airgeadais ilbhliantúla, a bhfuil gá le formheas na Parlaiminte dó.  Os a choinne sin, forálann Conradh Liospóin  go socróidh an Pharlaimnt is an Chomhairle le chéile an caiteachas ar fad, ag cur deireadh leis an difríocht a bhíodh ann idir caiteachas éigeantach (cabhair dhíreach thalmhaíochta, mar shampa) agus caiteachas neamhéigeantach.  Athchothromaíonn an nuálaíocht seo ról an dá fhoras i bhformheas bhuiséad an Aontais. 

Faoi dheireadh, forálann Conradh Liospóin nach mór do Pharlaimint na hEorpa aontú le gach comhaontú idirnáisiúnta a bhaineann le gnáth-nós imeachta reachtaíochta.

Ról méadaithe na bparlaimintí náisiúnta

Aithníonn agus neartaíonn Conradh Liospóin ról na bparlaimintí náisiúnta, a bheidh níos rannpháirtí in obair an Aontais, le cóimheas ar ról na bhforas Eorpacha. Taispeánann foráil nua cearta agus oibleagáidí na bparlaimintí náisiúnta san Aontas go soiléir, bíodh sé ag baint le hiad a chur ar an eolas, le rialú cúrsaí coimhdeachta, le sásraí meastóireachta i gcreatlach an spáis saoirse, slándála agus ceartais nó le hathbhreithniú na gconarthaí.

Is is gcúrsaí rialú na coimhdeachta, thar gach ní eile, a nuálann Conradh Liospóin. De réir phrionsabal na coimhdeachta, ní ghníomhaíonn an tAontas, ach amháin sna réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach aige, ach nuair is féidir lena ghníomhaíocht a bheith níos éifeachtaí ná gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta. Tig le gach parlaimint náisúnta a chur in iúl cad chuige, dar léi, nach de réir an phrionsabail seo atá togra ar leith. Ansin leanann sásra le dhá chéim:

  • má mheasann trian na bparlaimintí náisiúnta nach bhfuil togra de réir phrionsabal na coimhdeachta, ní mór don Choimisiún athscrúdú a dhéanamh ar a thogra, agus tig leis é a choimeád, a athrú nó a tharraingt siar;
  • má aontaíonn tromlach na bparlaimintí náisiúnta leis an ábhar imní a léiríodh, agus má chinneann an Coimisiún seasamh lena thogra mar sin féin, tionscnaítear sain-nós imeachta. Ní mór don Choimisiún a chúiseanna a nochtadh agus ansin cinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an leanfar leis an nós imeachta reachtaíochta nó nach leanfar.

Trédhearcacht i gComhairle na nAirí

Tugtar faoi deara freisin go dtig leis na parlaimintí agus leis na saoránaigh eolas a chur ar chinntí na Comhairle feasta mar tá pléití agus gníomhartha na Comhairle i gcúrsaí reachtaíocha poiblí.

Breis daonlathais rannpháirtigh

Tá scata instraimí ag saoránaigh na hEorpa cheana féin a chuireann ar an eolas iad is a ligeann dóibh a bheith rannpháirteach i bpróiseas polaitiúil an chomhphobail.  Cuirfear tionscnamh na saoránach leis na hionstraimí sin feasta.  Faoin gceart tionscnaimh nua seo, tig le milliún saoránach ó roinnt Ballstát cuireadh a thabhairt don Choimisiún togra a thíolacadh laistigh de  réimsí inniúlachta an Aontais.  Tar éis don chonradh nua teacht i bhfeidhm, léireoidh gnáth-dhlí na sonraí faoi conas tionscnamh na saoránach a chur i ngníomh. 

Fairis sin, leagann Conradh Liospóin béim ar an tábhacht a bhaineann le dul i gcomhairle, le comhphlé leis na cumainn, leis an sochaí shibhialta, leis na bpáirtithe sóisialta, leis na heaglaisí agus leis na heagraíochtaí neamh-shainchreidmheacha.      

Caidrimh an Aontais leis na Ballstáit

Sonraíonn Conradh Liospóin, do gach réimse gníomhaíochta, cé acu an tAontas nó na Ballstáit atá údaraithe chun gníomhú. Go soiléir, freagraíonn sé an cheist "cé a dhéanann cén rud san Aontas?", ceist a chuireann cuid mhaith saoránach.  Mar sin, tugann an Conradh isteach rangú ginearálta na n-inniúlachtaí, i dtrí chatagóir:

  • Inniúlachtaí Eisiacha: níl cumhacht reachtaíocha ach ag an Aontas, i réimsí mar an t-aontas custaim, an comhbheartas tráchtála nó cúrsaí iomaíochta.
  • Gníomhartha tacaíochta, breise nó don chomhordú: ní thig leis an Aontas ach tacú le gníomhartha na mBallstát, mar shampla trí chabhair airgid a thabhairt. Baineann sé seo le réimsí mar an cultúr, an t-oideachas nó an tionsclaíocht.
  • Na hinniúlachtaí i bpáirt, a bhaineann le réimsí mar an comhshaol, cúrsaí iompair agus cosaint na dtomhaltóirí. Roinneann an tAontas agus na Ballstáit cumhacht reachtaíochta, le meas ar phrionsabal na coimhdeachta.

Tar éis dóibh teacht isteach san Aontas Eorpach is dá ndeoin féin a fhanann na Ballstáit ann.  Tugann Conradh Liospóin clásal aistarraingthe isteach, ag aithint sa tslí sin ceart na mBallstát an tAontas a fhágáil. 

Fógra dlíthiúil | Fianáin | Maidir le EUROPA | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh