EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta na bpaisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre

Cuirtear na cearta céanna i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Cuireann na cearta sin, lena n-áirítear an ceart chun faisnéise nó cúitimh i gcás moille nó cealaithe, le cearta comhchosúla na bpaisinéirí aeir, iarnróid, bus agus cóiste.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

ACHOIMRE

Cuirtear na cearta céanna i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Cuireann na cearta sin, lena n-áirítear an ceart chun faisnéise nó cúitimh i gcás moille nó cealaithe, le cearta comhchosúla na bpaisinéirí aeir, iarnróid, bus agus cóiste.

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Leagtar amach sa rialachán seo cearta na bpaisinéirí uile, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta, agus iad ag taisteal ar muir nó ar uiscebhealach intíre in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear na cearta sin i bhfeidhm maidir le paisinéirí agus iad ag taisteal ar bháid farantóireachta mhóra agus ar longa móra ar muir, ar aibhneacha, ar locha nó ar chanálacha in AE.

Cuid de na cearta a chuirtear i bhfeidhm:

  • aisíocaíocht nó atreorú má chuirtear an tseirbhís ar ceal nó má bhíonn moill de bhreis is 90 nóiméad i gceist ag am na himeachta;
  • cúnamh leordhóthanach e.g. béilí, bia agus deoch agus, más gá, cóiríocht ar feadh 3 oíche ar a mhéad, má chuirtear an tseirbhís ar ceal nó má bhíonn moill de 90 nóiméad i gceist ag am na himeachta;
  • cúiteamh idir 25 % agus 50 % de phraghas an ticéid, mura sroichtear an ceann scríbe in am nó má chuirtear turais ar ceal;
  • caitheamh neamh-idirdhealaitheach agus cúnamh sonrach saor in aisce do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta ag teirminéil phoirt agus ar bord long, mar aon le cúiteamh airgeadais má chailltear nó má dhéantar damáiste don trealamh luaineachta;
  • faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil do phaisinéirí faoina gcuid socruithe taistil roimh an turas agus lena linn, agus faisnéis ghinearálta faoina gcuid ceart a chur ar fáil i dteirminéil agus ar bord long freisin;
  • sásra chun gearáin a láimhseáil a chur ar bun ag iompróirí agus ag oibreoirí teirminéil;
  • comhlachtaí náisiúnta neamhspleácha a chur ar bun chun na cearta a ráthaítear faoin rialachán a chur i bhfeidhm, pionóis san áireamh, más iomchuí.

Ón 31 Nollaig 2012 ar aghaidh, cumhdaítear paisinéirí i gcás caillteanais nó damáiste de bharr tionóisce faoi Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Ón 18 Nollaig 2012 ar aghaidh.

CÚLRA

Láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cearta paisinéirí - iompar muirí

I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010

6.1.2011

-

IO L 334, 17.12.2010, lgh. 1-16

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (IO L 131, 28.5.2009, lgh. 24-46)

Nuashonraithe 02.06.2020

Top