EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Soláthar seirbhísí loingseoireachta

 

ACHOIMRE

Tá an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, is amhlaidh in earnáil an iompair mhuirí go bhforchuireann tíortha neamh-AE srianta agus coinníollacha, amhail páirtiú lasta. Cuireann siadsan go mór le costas iompair agus is féidir leo dochar a dhéanamh do thrádáil fhoriomlán AE.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Deimhnítear ann go bhfuil feidhm ag an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar maidir le hiompar muirí san Aontas Eorpach agus idir AE agus tíortha neamh-AE. Leagtar síos ann na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag an bprionsabal sin. Déantar díothú ann de réir a chéile ar shrianta roimhe sin agus cuirtear cosc ar chinn nua a thabhairt isteach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Féadfaidh cuideachtaí iompair mhuirí AE paisinéirí nó lasta a iompar chuig aon chalafort nó suiteáil amach ón gcósta (amhail ardáin ola nó gháis) laistigh nó lasmuigh d'AE.
  • Tá feidhm ag an gceart céanna i leith cuideachtaí atá bunaithe lasmuigh d'AE ar an gcoinníoll go bhfuil siad faoi úinéireacht ag saoránach den Aontas Eorpach agus go bhfuil siad cláraithe in AE.
  • Na srianta náisiúnta aontaobhacha a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Iúil 1986, bhí siad lena gcéimniú amach idir an 31 Nollaig 1989 agus an 1 Eanáir 1993.
  • Ní mór socruithe um páirtiú lasta i gcomhaontuithe déthaobhacha idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE a chéimniú amach nó a athchoigeartú.
  • B'éigean do rialtais AE tuairisciú chuig an gCoimisiún Eorpach gach 6 mhí ar dtús, agus ar bhonn bliantúil ní ba dhéanaí, ar na hathruithe atá á dtabhairt isteach i leith na gcomhaontuithe roimhe seo.
  • Aon tír AE a bhfuil deacrachtaí aici ag coigeartú comhaontuithe atá ann cheana, ní mór di Comhairle na nAirí agus an Coimisiún a chur ar an eolas.
  • Ní cheadaítear socruithe um páirtiú lasta in aon chomhaontuithe amach anseo le tíortha neamh-AE seachas, i gcásanna eisceachtúla, go stopfaí cuideachta AE ó chleachtadh na gairme, mura bhfuil na comhaontuithe seo acu.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

An 1 Eanáir 1987.

CÚLRA

Margadh inmheánach - Saor-rochtain ar thrádáil aigéin

GNÍOMH

Rialachán (CEE) Uimh. 4055/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CEE) Uimh. 4055/86

1.1.1987

-

IO L 378, 31.12.1986, lgh. 1-3

Gníomh leasaitheach/ leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CEE) Uimh. 3573/90

17.12.1990

-

IO L 353, 17.12.1990, lch. 16

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CEE) Uimh. 4058/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le gníomh comhordaithe chun saor-rochtain ar lastaí i dtrádálacha aigéin a chosaint (IO L 378, 31.12.1986, lgh. 21-23)

Nuashonraithe 30.09.2015

Top