EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aistriú lastlong agus long paisinéirí idir cláir laistigh den Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 789/2004 maidir le haistriú lastlong agus long paisinéirí idir cláir laistigh den Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis le fáil réidh leis na bacainní teicniúla ar aistriú lastas agus long paisinéirí a bhfuil bratach de thír AE ar foluain acu idir cláir thíortha AE agus ardleibhéal sábháilteachta loinge agus cosanta á áirithiú i gcomhréir le coinbhinsiúin idirnáisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an rialachán maidir le longa paisinéirí a tógadh ar an 1 Iúil 1998 nó ina dhiaidh sin agus lastlonga a tógadh ar an 25 Bealtaine 1980 nó ina dhiaidh sin nó longa a tógadh roimh na dátaí sin ach atá deimhnithe mar longa a chomhlíonann na rialacháin ábhartha Eorpacha agus rialacháin ábhartha na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.
  • Níl feidhmag an rialachán, áfach, maidir le:
    • longa a seachadadh i ndiaidh chur i gcrích a dtógála nach bhfuil deimhnithe bailí lántréimhse ón tír de chuid AE a bhfuil an clár á chailleadh aici a n–iompar orthu;
    • longa ar diúltaíodh rochtain dóibh ar chalafoirt thíortha AE i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (féach an achoimre) le linn na 3 bliana roimh an iarratas ar chlárú i ndiaidh iniúchadh i gcalafort shínitheoir Stáit de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras 1982 um Rialú Stáit ar Chalafoirt;
    • longa cogaidh nó longa trúpaí, nó longa eile ar le tír AE iad nó atá á n–oibriú ag tír AE agus nach n–úsáidtear ach chun críocha neamhthráchtála Rialtais amháin;
    • longa nach dtiomáintear trí mhodh leictreonach, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, luaimh phléisiúir nach mbíonn ag gabháil do shoithí iascaireachta;
    • lastlonga ina n–iompraítear níos lú ná 500 olltonnáiste.

Aistriú idir cláir

  • Ní choinneoidh tíortha AE siar ón gclárú, ar chúiseanna teicniúla a thagann as na coinbhinsiúin, long atá cláraithe i dtír eile AE a chomhlíonann na ceanglais agus a bhfuil deimhnithe bailí agus trealamh muirí á n–iompar uirthi i gcomhréir le Treoir 2014/90/EU (féach an achoimre).
  • Nuair a gheofar an t–iarratas ar aistriú, soláthróidh an tír de chuid AE a bhfuil an clár á chailleadh aici an fhaisnéis ábhartha ar fad don tír de chuid AE a bhfuil an clár á fháil aici maidir leis an long, go háirithe a bail agus a trealamh. Cuimsítear san fhaisnéis sin comhad staire an tsoithigh, liosta de na feabhsuithe a theastaíonn ón gclárú atá á chailleadh chun an long a chlárú nó chun a deimhnithe a athnuachan agus liosta de shuirbhéanna thar téarma.
  • Sula ndéanfar long a chlárú, déanfaidh an tír de chuid AE a mbeidh an clár á fháil aici iniúchadh ar an long lena dhearbhú go dtagann fíorbhail na loinge agus a trealaimh leis na deimhnithe.

Deimhnithe

  • Nuair a dhéanfar an t–aistriú, eiseoidh an tír de chuid AE a bheidh an clár á fháil aici, nó an eagraíocht aitheanta a bheidh ag gníomhú ar a son, deimhnithe chuig an long faoi na coinníollacha céanna leis na cinn a eisíodh faoi bhratach thír AE an chláir atá á chailleadh.
  • An tráth a dhéanfar athnuachan, síneadh nó athbhreithniú ar na deimhnithe, ní dhéanfaidh an tír de chuid AE a mbeidh an clár á fháil aici, nó an eagraíocht aitheanta a bheidh ag gníomhú ar a son, ceanglais a fhorchur seachas na cinn a leagadh síos i dtosach le haghaidh na ndeimhnithe lántréimhse.

Diúltú d’aistriú agus léirmhíniú

  • Tabharfaidh an tír de chuid AE a mbeidh an clár á fháil aici fógra láithreach don Choimisiún Eorpach maidir le diúltú ar bith do dheimhnithe úra a eisiúint, nó d’údarú le haghaidh eisiúint deimhnithe úra chuig long.
  • I gcás go measann tír de chuid AE nach féidir long a chlárú ar chúiseanna a bhaineann le contúirt thromchúiseach ar shlándáil, ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol, féadfar an clárú a chur ar fionraí.

Tuairisciú

Gach bliana, cuireann tíortha AE tuarascáil bhliantúil ghonta maidir le cur chun feidhme an rialacháin faoi bhráid an Choimisiúin. In 2015, chuir an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an rialacháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Bealtaine 2004.

CÚLRA

  • Teastaíonn bearta chun aistriú lastlong agus long paisinéirí laistigh de AE a éascú chun na costais agus na nósanna imeachtaí riaracháin a laghdú.
  • Tugtar le chéile leis an rialachán breithnithe a bhaineann leis an margadh inmheánach (ag fáil réidh le bacainní teicniúla ar aistriú long idir cláir thíortha AE) agus ceanglais a bhaineann le sábháilteacht mhuirí (ardleibhéil sábháilteachta long agus cosanta comhshaoil). Aithnítear leis oiriúnacht na gcaighdeán sábháilteachta atá leagtha i gcoinbhinsiúin na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta don Aontas Eorpach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le haistriú lastlong agus long paisinéirí idir cláir sa Chomhphobal agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 613/91 ón gComhairle (IO L 138, 30.4.2004, lgh. 19-23)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 maidir le haistriú lastlong agus long paisinéirí idir cláir sa Chomhphobal (COM(2015) 195 críochnaitheach, 8.5.2015)

Nuashonraithe 29.05.2020

Top