EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Truailliú ó mhótarfheithiclí éadroma a laghdú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 — maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Rialachán (AE) Uimh. 715/2007:

  • leagtar amach leis rialacha comhchuibhithe le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí ó ghluaisteáin agus ó fheithiclí éadroma tráchtála, dá ngairtear feithiclí saothair éadroim le chéile;
  • cumhdaítear ann feistí athsholáthair, feistí rialaithe truaillithe*, agus leagtar amach leis rialacha dá gcineálcheadú;
  • leasaíodh é roinnt uaireanta, agus an uair is déanaí le Rialachán (AE) 2018/858.

Rialachán (AE) 2018/858:

  • déantar rialacha ar chineálcheadú feithiclí de chuid AE a athchóiriú leis;
  • tugtar modhanna tástála níos láidre d’astaíochtaí truailleán isteach leis; agus
  • déantar Treoir 2007/46/CE maidir le cineálcheadú le haghaidh feithiclí a aisghairm leis ón 31 Lúnasa 2020 ar aghaidh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an reachtaíocht le feithiclí saothair éadroim atá níos lú ná 2.6 tona.

Ní mór do mhonaróirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhpháirteanna a dhearadh, a thógáil agus a chóimeáil ionas go gcloífidh an fheithicil leis an reachtaíocht;
  • a chruthú go gcloíonn gach feithicil nua agus gach feiste rialaithe truaillithe leis an reachtaíocht agus gur féidir leo na teorainneacha astaíochtaí a bhaint amach le linn gnáth-shaolré feithicle faoi ghnáthchoinníollacha úsáide ar an mbóthar;
  • a chinntiú go mairfidh feistí rialaithe 160 000 km;
  • gur féidir astaíochtaí feithiclí a sheiceáil i ndiaidh 5 bliana nó 100 000 km, cibé acu is túisce;
  • figiúirí maidir le hastaíochtaí dí-ocsaíde carbóin agus ídithe breosla a chur ar fáil do cheannaitheoirí;
  • gan úsáid a bhaint as feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtúlacht na gcóras rialaithe astaíochta, ach amháin faoi dhianchoinníollacha — amhail inneall a chosaint i gcoinne damáiste nó timpiste;
  • (go dtí an 1 Meán Fómhair 2020) rochtain neamhtheoranta agus chaighdeánaithe maidir le faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí do gharáistí neamhspleácha a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin neamhspleácha. Ba cheart a áireamh orthu sin earraí amhail lámhleabhair seirbhíse agus lámhleabhair theicniúla. Féadfaidh siad táille réasúnta a ghearradh. Cuirfear na riachtanais sin in ionad siúd i Rialachán (AE) 2018/858 ar an 1 Meán Fómhair 2020.

Ní mór d’údaráis náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cineálcheadú* AE a thabhairt i gcomhair feithiclí nua a chloíonn leis an reachtaíocht;
  • diúltú do cheadú a dheonú i gcomhair feithiclí nach gcloíonn leis na caighdeáin um astaíochtaí, laistigh de na spriocdhátaí údaraithe a bhaineann le gach catagóir feithicle;
  • clárú feithiclí a chloíonn leis an rialachán seo a cheadú;
  • cosc a chur ar dhíol nó ar shuiteáil feistí rialaithe truaillithe nach gcomhlíonann caighdeáin AE;
  • a áirithiú go bhfuil pionóis ann do mhonaróirí a bhrionnaíonn dearbhuithe nó torthaí, a choinníonn siar sonraí, a úsáideann feistí sáraithe.

Coinníonn an Coimisiún nósanna imeachta, tástálacha, ceanglais agus teorainneacha astaíochtaí arna leagan amach sa reachtaíocht faoi athbhreithniú rialta agus déanann sé nuashonrú orthu sa reachtaíocht cur chun feidhme go rialta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 3 Eanáir 2009.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Feistí rialaithe truaillithe: meicníocht nó trealamh lena mbaintear truailleáin, ó mhúch sceite carranna mar shampla, a scaoilfí isteach san atmaisféar murach sin.
Cineálcheadú: an nós imeachta trína ndeimhnítear táirge chun freastal ar íosmhéid de cheanglais rialála agus theicniúla.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (OJ L 171, 29.6.2007, lgh. 1-16)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lgh. 1-218)

Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lgh. 1-643)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2007/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach le haghaidh feithiclí dá leithéid (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 08.10.2019

Top