RSS
Innéacs A - Z

Diminsean idirnáisiúnta agus méadú

Iompar

Níl beartas iompair an Aontais Eorpaigh teoranta do theorainneacha an Aontais. Tá sé mar ábhar le roinnt comhaontuithe le tríú tíortha a fhéachann le caighdeáin theicniúla a choinbhéirsiú agus teicneolaíochtaí a aistriú laistigh de chreat na gcomhaontuithe comhair, go háirithe an Comhaontú Eora-Mheánmhara. Lena chois sin, ní mór do thíortha is iarrthóirí ar aontachas reachtaíocht Eorpach iompair a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm. Déantar monatóireacht rialta ar dhul chun cinn maidir le leasuithe mar chuid den phróiseas aontachais. Lena chois sin, déanann an tAontas idirbheartaíocht le tríú tíortha maidir le rochtain cuideachtaí iompair, go háirithe aerlínte, ar an margadh.

Féach leis

  • Chun breis eolais a fháil: Méadú
  • Comhaontuithe idirnáisiúnta (EN)
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh