RSS
Innéacs A - Z

Iompar

Iompar

Tá an comhbheartas iompair ar cheann de chomhbheartais mhóra an Aontais Eorpaigh (AE). Rialaítear é ag Teideal VI (Airteagail 90 go 100) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ó tháinig Conradh na Róimhe i bhfeidhm sa bhliain 1958 tá an beartas seo dírithe ar dheireadh a chur le teorainneacha idir Bhallstáit agus cuidiú amhlaidh le saorghluaiseacht daoine agus earraí. Is iad a phríomhaidhmeanna críoch a chur leis an margadh inmheánach, forbairt inbhuanaithe a chinntiú, gréasáin iompair a leathnú ar fud na hEorpa, úsáid an spáis a uasmhéadú, sábháilteacht a fheabhsú agus comhar idirnáisiúnta a chur ar aghaidh. Uair na cinniúna iarbhír sa chomhbheartas i réimse an iompair ba ea an Margadh Aonair. Ó Pháipéar Bán 2001 i leith, páipéar a athbhreithníodh sa bhliain 2006, ba é treoshuíomh na réimse beartais seo forbairt a dhéanamh go comhchuí agus go comhuaineach ar na córacha éagsúla iompair, go háirithe le cómhódúlacht, ar slí í leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as gach cóir iompair (ar talamh, ar uisce nó san aer).

Féach leis

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh