EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta aerphaisinéirí AE i gcás nach gceadófar dóibh bordáil, agus i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu nó i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eiltiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada ar eitiltí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is é is aidhm leis an rialachán ardleibhéal cosanta a áirithiú do phaisinéirí trí rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eiltiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada ar eitiltí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

  • paisinéirí atá ag imeacht ó aerfort atá suite i gcríoch thír AE ina bhfuil feidhm ag na conarthaí AE; agus
  • paisinéirí atá ag imeacht ó aerfort atá lonnaithe i dtír neamh-AE chuig aerfort atá suite i gcríoch thír AE ina bhfuil feidhm ag conarthaí CE más aeriompróir AE é iompróir oibriúcháin na heitilte.

Ar choinníoll go bhfuil áirithint deimhnithe ag na paisinéirí ar an eitilt lena mbaineann agus, ach amháin i gcás cealaithe, go gcuireann na paisinéirí iad féin i láthair chun seiceáil isteach ag an am luaite roimh ré nó, mura luaitear am, tráth nach déanaí ná 45 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe. Bunaítear leis an rialachán seo cearta paisinéirí i gcás go dtarlaíonn aon cheann de na cásanna seo a leanas:

  • diúltaítear cead bordála orthu in éadan a dtola;
  • cuirtear moill ar a n–eitilt;
  • cuirtear a n–eitilt ar ceal.

Ní bhaineann sé le paisinéirí atá ag taisteal:

  • saor in aisce nó
  • ar tháille laghdaithe nach bhfuil ar fáil go díreach nó go hindíreach don phobal.

Cead bordála diúltaithe

I gcás ina mbeidh aeriompróir ag súil le réasún go mbeidh air cead bordála ar eitilt a dhiúltiú, fiafróidh sé ar dtús an bhfuil paisinéirí ar bith sásta a n–áirithint a dhiúltú go deonach dóibh féin, mar mhalairt ar thairbhí áirithe. Mura mbíonn go leor paisinéirí deonacha ann ionas gur féidir leis an gcuid eile de na paisinéirí bordáil, féadfaidh an t–aeriompróir cead bordála a dhiúltú ar phaisinéirí in éadan a dtola ach é a chúiteamh leis na paisinéirí sin.

Tugann aeriompróirí tús áite do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta agus do na daoine atá in éineacht leo.

I gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal nó nach gceadaítear bordáil, tá sé de cheart ag paisinéirí a bhfuil tionchar aige sin orthu an méid seo a leanas a fháil mar chúiteamh:

  • costas an ticéid a fháil ar ais faoi cheann seacht lá, nó eitilt fhillte go dtí an chéad ionad imeachta nó athródú go dtí a gceann scríbe deiridh;
  • cúram (sólaistí, béilí, lóistín in óstán, iompar ón aerfort go dtí áit a lóistín, dhá ghlao teileafóin nó dhá theiléacs nó dhá fhacs nó dhá ríomhphost a chur saor in aisce);
  • cúiteamh dar luach:
    • EUR 250 do gach eitilt de 1 500 ciliméadar nó níos lú ná sin;
    • EUR 400 do gach eitilt laistigh de AE de níos mó ná 1 500 ciliméadar, agus do gach eitilt eile idir 1 500 agus 3 500 ciliméadar;
    • EUR 600 do gach eitilt eile.

Moilleanna

Tionscnaítear leis an rialachán córas trí leibhéil:

  • i gcás moilleanna fada (2 uair an chloig nó níos mó, ag brath ar fhad na heitilte), ní mór go dtairgfear do phaisinéirí béilí agus sólaistí saor in aisce agus 2 ghlao teileafóin, 2 theiléacs nó 2 theachtaireachtaí facs, nó ríomhphoist saor in aisce i ngach cás;
  • má chuirtear an t–am imeachta siar go dtí an lá dár gcionn, i dteannta sin íoctar as lóistín in óstán do na paisinéirí agus iompar go dtí an t–óstán agus ón óstán go dtí an t–aerfort;
  • nuair a bhíonn moill 5 huaire an chloig nó níos faide i gceist, féadfaidh paisinéirí aisíocaíocht a roghnú ar chostas iomlán an ticéid mar aon le heitilt ar ais chuig an bpointe tosaigh imeachta, i gcás inarb ábhartha.

I gcás atreorú chun réamhrialaithe (Cásanna Comhcheangailte C-402/07 agus C-432/07), shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a shroicheann paisinéirí a gceann scríbe deiridh 3 huaire an chloig nó níos mó tar éis an am teachta sceidealaithe, féadfaidh siad (cosúil le paisinéirí a gcuirtear a n–eitiltí ar ceal) cúiteamh ar ráta cothromaithe a lorg ón aerlíne, mura mbíonn imthosca urghnácha mar chúis leis an moill. De réir phrionsabal na córa comhionanna, ní mór paisinéirí a bhfuil moill ar a n–eitiltí agus iad siúd a bhfuil a gcuid eitiltí curtha ar ceal “ag an nóiméad deireanach” a mheas mar dhaoine atá i gcásanna inchomparáide maidir le hiarratas a dhéanamh ar a gceart chun cúitimh, toisc go bhfulaingíonn na paisinéirí sin míchaoithiúlacht den chineál céanna, eadhon, caillteanas ama.

Cealú

I gcás go gcuirfear eitilt ar ceal, ní mór an méid seo a leanas a thairiscint do na paisinéirí lena mbaineann:

  • cúram (sólaistí,béilí, lóistín in óstán, iompar ón aerfort go dtí áit a lóistín, dhá ghlao teileafóin nó dhá theiléacs nó dhá fhacs nó dhá ríomhphost a chur saor in aisce);
  • aisíocaíocht chostas an ticéid faoi cheann seacht lá, nó eitilt fhillte go dtí an áit imeachta thosaigh nó athródú go dtí a gceann scríbe deireanach;
  • cúiteamh dar luach:
    • EUR 250 do gach eitilt de 1 500 ciliméadar nó níos lú ná sin;
    • EUR 400 do gach eitilt laistigh den AE níos faide ná 1 500 ciliméadar, agus do gach eitilt eile idir 1 500 agus 3 500 ciliméadar;
    • EUR 600 do gach eitilt eile.

Cúiteamh

Ní mór cúiteamh a íoc mura bhfuil an paisinéir curtha ar an eolas faoin gcealú fada go leor roimh ré. Ní gá é a íoc, áfach, más féidir leis an iompróir a chruthú gur tharla an cealú de dheasca cúiseanna neamhghnácha nach bhféadfaí a sheachaint fiú má rinneadh gach aon bheart réasúnach.

Uasghrádú agus íosghrádú

Má chuireann aeriompróir paisinéir in aicme níos ísle ná mar a ceannaíodh an ticéad, ní mór an paisinéir a aisíoc laistigh de 7 lá, mar a leanas:

  • 30 % de phraghas an ticéid do gach eitilt 1 500 ciliméadar nó níos lú;
  • 50 % de phraghas an ticéid do gach eitilt laistigh de AE níos faide ná 1 500 ciliméadar, ach amháin na heitiltí idir tíortha AE agus ranna Francacha thar lear, agus do gach eitilt eile ó 1 500 ciliméadar go 3 500 ciliméadar;
  • 75 % de phraghas an ticéid do gach eitilt eile, lena n–áirítear eitiltí idir tíortha AE agus ranna Francacha thar lear.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁN?

Tá sé i bhfeidhm ón 17 Feabhra 2005.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:

I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lgh. 1-8)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Breithiúnas na Cúirte (An Ceathrú Seomra) an 19 Samhain 2009. Christopher Sturgeon, Gabriel Sturgeon agus Alana Sturgeon v Condor Flugdienst GmbH (C-402/07) agus Stefan Böck agus Cornelia Lepuschitz v Air France SA (C-432/07). Tagairtí maidir le réamhrialú: Bundesgerichtshof — an Ghearmáin agus Handelsgericht Wien — an Ostair. Aeriompar — Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 — Airteagal 2(l) agus Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 — An coincheap maidir le “moill” ar eitiltagus eitilt “ar ceal” — An ceart chun cúitimh i gcás moille — An coincheap maidir le “himthosca neamhghnácha”. Cásanna comhcheangailte C-402/07 agus C-432/07.

Nuashonraithe 02.06.2020

Top