RSS
Innéacs A - Z
Tá an leathanach seo ar fáil i 23 theanga
Teangacha nua atá ar fáil:  BG - CS - ET - GA - LV - LT - HU - MT - PL - RO - SK - SL

Cánachas ar ioncam ó choigilteas

Tá de rún ag an Aontas Eorpach (AE) maidir le hús ó choigilteas a fhaigheann duine nádúrtha i mBallstát ach é ina chónaí i mBallstát eile ó thaobh cánach de, go ngearrtar cáin air de réir forálacha reachtacha an dara Ballstáit seo.

ACHT

Council Directive 2003/48/EC of 3 June 2003 on taxation of savings income in the form of interest payments (Treoir 2003/48/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm úis)

ACHOIMRE

Tá an Treoir ag iarraidh maidir le hioncam ó choigilteas i bhfoirm úis a íoctar i mBallstát le h“úinéir tairbhiúil” *, ar duine nádúrtha é agus é ina chónaí i mBallstát eile, go ngearrtar cáin air de réir forálacha reachtacha an dara Ballstáit seo. Féadfar cáin a ghearradh ar íocaíocht úis sa Bhallstát mar a bhfuil an t-úinéir tairbhiúil ina chónaí ó thaobh cánach de trí mheán uathmhalartú faisnéise idir na Ballstáit faoin “íocaíocht úis” seo *. Mar sin, caithfidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh le deimhniú go ndéanann gníomhairí íocaíochta a dtíre féin a bhfuil le déanamh — mar atá, comhoibriú agus malartú faisnéise bainc — chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm, is cuma cén áit a bhfuil an fiachóir ar íocadh an t-ús leis curtha faoi.

Cén ioncam atá i gceist?

Ní bhaineann an Treoir seo ach le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm úis a íoctar as fiacha dlite agus ní bhaineann sí le cánachas pinsean nó le sochar árachais. Ó thaobh limistéir de, baineann an Treoir le hús a íocann “gníomhaire íocaíochta” * taobh istigh den limistéar mar a bhfuil an Conradh i bhfeidhm.

An córas ginearálta: malartú faisnéise

  • Tugann an gníomhaire íocaíochta faisnéis

Má tá úinéir tairbhiúil an úis ina chónaí i mBallstát seachas an ceann a bhfuil an gníomhaire íocaíochta ann, tugann an Treoir ar an ghníomhaire íocaíochta faisnéis íosta a chur chuig údarás an Bhallstáit a bhfuil sé bunaithe ann, mar shampla ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil, ainm agus seoladh an ghníomhaire íocaíochta, uimhir chuntais an úinéara thairbhiúil nó, murar féidir, aitheantas na bhfiacha dlite a ghin an t-ús, agus faisnéis faoi íocaíocht an úis.

Ina theannta sin, san fhaisnéis íosta atá le chur isteach ag an ghníomhaire íocaíochta maidir le híocaíocht úis, chaithfear an t-ús a idirdhealú de réir sainchatagóirí a léirítear sa Treoir. Mar sin féin, féadann na Ballstáit an fhaisnéis íosta seo a chúngú go hiomlán an úis nó an ioncaim agus iomlán an fháltais ón díol, ón fhuascailt nó ón aisíoc.

  • Uathmhalartú faisnéise

Tugann an Treoir ar an údarás ábhartha i mBallstát an ghníomhaire íocaíochta an fhaisnéis thuasluaite a chur chuig údarás ábhartha an Bhallstáit a bhfuil an t-úinéir tairbhiúil ina chónaí ann — uair amháin sa bhliain ar a laghad, le linn na sé mhí i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais i mBallstát an ghníomhaire íocaíochta.

Comhthéacs

I gcomhthéacs an “phacáiste chánach” atá ag iarraidh troid in aghaidh na hiomaíochta cánach díobhálaí, chinn an tAontas Eorpach (AE) ionstraim reachtach a ghlacadh chuige chun an saobhadh a mhaolú atá ann i gcánachas na n-ioncam ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm íocaíochta úis.

Tá an Treoir seo bunaithe ar an chomhaontú a baineadh amach ag Comhairle na hEorpa i bhFeira an 19 agus an 20 Meitheamh 2000. Ag an Chomhairle, cinneadh air uathmhalartú faisnéise a chur i bhfeidhm idir na Ballstáit uilig. Tá idirthréimhse ann don Bheilg, do Lucsamburg agus don Ostair chun an beart seo a chur i bhfeidhm agus lena linn sin, in ionad faisnéis a sholáthar do Bhallstáit eile, beidh orthu cáin a ghearradh ag an fhoinse ar na hioncaim ó choigilteas a leagtar amach sa Treoir seo.

Eochairthéarmaí a úsáidtear san Acht
  • Úinéir tairbhiúil: duine nádúrtha ar bith a n-íoctar ús leis nó duine nádúrtha ar bith a bhfuil íocaíocht úis in áirithe dó, ach amháin má chruthaíonn sé nár dó féin a íocadh nó a cuireadh in áirithe an t-ús.
  • Gníomhaire íocaíochta: oibreoir eacnamaíoch ar bith a íocann ús nó a chuireann íocaíocht úis in áirithe le leas láithreach an úinéara thairbhiúil, is cuma cé acu fiachóir na bhfiacha dlite a ghin an t-ús nó an t-oibreoir ar chuir an fiachóir nó an t-úinéir tairbhiúil de chúram air an t-ús a íoc nó a chur in áirithe, mar an oibreoir seo; sna sainchásanna a léirítear in Airteagal 4 den Treoir, meastar ina ghníomhaire íocaíochta gach slánaonad bunaithe i mBallstát a n-íoctar ús leis nó a gcuirtear ús in áirithe dó le leas an úinéara thairbhiúil ag an am a íoctar leis nó a chuirtear ús in áirithe dó.
  • Íocaíocht úis: ús íoctha, nó curtha chun sochair i gcuntas, a bhaineann le gach sórt fiacha dlite, bíodh sé arna urrú le morgáiste nó nach mbíodh agus bíodh clásal rannpháirtíochta i leasa an fhiachóra ann nó nach mbíodh, agus go háirithe an t-ioncam ó chistí poiblí agus ó bhannaí nó ó bhintiúir, agus na bisigh agus na duaiseanna a bhaineann leo (ach amháin pionóis ar íocaíocht mhall); an t-ús fabhraithe nó caipitlithe a fuarthas ó dhíol, ó aisíoc nó ó fhuascailt na bhfiacha dlite thuasluaite; ioncaim ó íocaíocht úis, bíodh sin díreach nó trí mheán slánaonad áirithe leagtha amach go teorannaitheach, a dháileann na gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) nó gnóthais áirithe le haghaidh comhinfheistíochta; ioncaim a fuarthas ó dhíol, ó aisíoc nó ó fhuascailt scaireanna nó aonad sna GCUI, nuair a infheistíonn siad seo, go díreach nó go neamhdhíreach trí mheán gnóthas eile le haghaidh chomhinfheistíochta nó slánaonad eile, níos mó ná 40 % dá gcuid sócmhainní sna fiacha dlite.

TAGAIRTÍ

AchtTeacht i bhfeidhmSpriocdháta don trasuí sna BallstáitIris Oifigiúil
Treoir 2003/48/CE

16.7.2003

Dáta curtha i bhfeidhm: 1.7.2005

IO L 157, 26.6.2003

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar an Treoir 2003/48/CE. Is chun críche tagartha amháin an leagan comhdhlúite (DE ) (EN ) (FR ) seo.

ACHTANNA GAOLMHARA

Proposal for a Council Directive amending Directive 2003/48/EC on taxation of savings income in the form of interest payments [COM(2008) 727 final — Not published in the Official Journal] (Togra Treorach ón gComhairle an 13 Samhain 2008 lena leasaítear an Treoir 2003/48/CE maidir le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm íocaíochta úis [COM(2008) 727 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])
Tá an togra Treorach seo ag iarraidh fadhbanna na Treorach atá anois ann a mhaolú, chun cánachas níos éifeachtaí a dheimhniú ar ioncam ó choigilteas agus chun deireadh a chur le saobhadh iomaíochta míchuibhiúil.

Sa chomhthéacs seo, baineann na príomhleasuithe molta leis na pointí seo a leanas:

  • sainmhíniú an úinéara thairbhiúil: moltar “cur chuige trédhearcachta” a chuimsíonn íocaíochtaí úis ar mhaithe slánaonad nó tógálacha dlí atá ag daoine nádúrtha (ní chuimsíonn an Treoir atá anois ann ach íocaíochtaí úis le leas láithreach na ndaoine nádúrtha);
  • aitheantas na n-úinéirí tairbhiúla: moltar dáta breithe agus áit bhreithe an úinéara thairbhiúil a chlárú i ngach cás agus uimhir aitheantais chánach an úinéara a chur leis an fhaisnéis seo má tá an uimhir seo ar na cáipéisí a chuirtear isteach chun aitheantais;
  • sainmhíniú an choincheapa “gníomhaire íocaíochta”: an coincheap “gníomhaire íocaíochta ar fháil” a shoiléiriú agus sainmhíniú “dearfach” na struchtúr idirghabhálach bunaithe i gceann de na Ballstáit agus a bhfuil orthu déanamh mar “gníomhairí íocaíochta ar fháil” a thabhairt isteach;
  • sainmhíniú “íocaíocht úis”, chun na hionstraimí airgeadais coibhéiseacha leo siúd a chuimsítear go follasach a chuimsiú: táirgí struchtúrtha atá coibhéiseach ó thaobh substainte de le táirgí áirithe árachais inchurtha go díreach leis na gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta de bharr a bhfeidhmíocht a bheith ceangailte le hioncaim ó fhiacha dlite nó a gcoibhéis;
  • fairsingiú réimse curtha i bhfeidhm go dtí na gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) uilig;
  • faisnéis á tabhairt ag na gníomhairí íocaíochta;
  • tabhairt isteach nós imeachta coistíochta chun bearta curtha i bhfeidhm na Treorach a chinneadh go gasta.
Nuashonrú is déanaí: 27.09.2011
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh