Beartas réigiúnach
Féachann beartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh le difríochtaí struchtúracha idir réigiúin an AE a laghdú, forbairt chothromaithe a chothú ar fud an AE agus fíor-chomhdheiseanna a chur ar aghaidh do chách. Is ar choincheapa na dlúthpháirtíochta agus an chomhtháthaithe eacnamaíocha agus shóisialta atá sí bunaithe agus baintear na spriocanna sin amach trí bhíthin oibríochtaí éagsúla airgeadais, go háirithe trí na Cistí Struchtúracha agus tríd an Chiste Comhtháthaithe. I gcás na tréimhse 2007-2013, is é beartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh an dara mír bhuiséid is mó ag an AE, le leithdháileadh de EUR 348 000 milliún. Tugadh isteach cuspóir an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta sa bhliain 1986 nuair a glacadh an Ionstraim Eorpach Aonair. Ar deireadh rinneadh cuid de Chonradh an AE féin (Airteagail 158 go 162) den bheartas i gConradh Maastricht (1992).
- Athbhreithniú an bheartais réigiúnaigh agus a thodhchaí
-
Forálacha agus ionstraimí an bheartais réigiúnaigh
Cistí Struchtúracha, An Ciste Comhtháthaithe, Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE), an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) -
Bainistíocht an bheartais réigiúnaigh
Forálacha buiséadacha agus airgeadais, cúnamh réigiúnach náisiúnta, seirbhísí leasa ghinearálta, méadú
Féach leis
- Forbhreathnú ar an Aontas Eorpach: Beartas Réigiúnach (DE) (EN) (FR)
- Gheofar eolas breise ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh



