EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cáilíocht agus slándáil orgán atá beartaithe le haghaidh trasphlandú

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/53/AE maidir le caighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandú

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

  • Leagtar síos rialacha inti chun áirithiú a dhéanamh ar chaighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin le haghaidh trasphlandú.
  • Féachtar inti lena áirithiú go ndéanfar na caighdeáin chéanna i dtaobh cáilíochta, slándála agus dlí a rathú do dheontóirí agus faighteoirí beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí orthu.
  • Clúdaítear inti deonú, tástáil, tréithriú, soláthar, caomhnú, iompar agus trasphlandú orgán.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a áirithiú:

  • Tá creat cáilíochta agus slándála i bhfeidhm chun an slabhra iomlán orgáin a chlúdach ó dheonú go trasphlandú nó diúscairt. Ní mór go n-áireofaí leis sin céannacht an deontóra agus toiliú an deontóra nó an teaghlaigh, mar aon le coinníollacha eile atá leagtha síos sa reachtaíocht.
  • Is iad dochtúirí agus eagraíochtaí aitheanta a dhéanann deontóirí a roghnú agus a dhéanann meastóireacht orthu, i gcomhar le baill foirne cúraim leighis atá cáilithe go cuí.
  • Tá sonraí íosta faoin deontóir ar fáil, amhail aois, meáchan agus stair liachta mar aon leis an bhfaisnéis reatha liachta.
  • Comhlíonann iompar orgán ceanglais áirithe amhail lipéadú ceart agus sainaithint cheart.
  • Ní fhéadfar orgáin a sholáthar agus a thrasphlandú ach amháin i lárionaid arna n-údarú chun na críche sin i gcomhréir le reachtaíocht AE.
  • Is féidir gach orgán a rianú ón deontóir chuig an bhfaighteoir, agus a mhalairt treo, ar feadh 30 bliain ar a laghad.
  • Cuirfidh siad córas i bhfeidhm chun faisnéis a thuairisciú, a fhiosrú, a chlárú agus a tharchur faoi theagmhas nó fríthghníomh díobhálach tromchúiseach ar bith. Ní mór faisnéis a mhalartú freisin agus orgáin á malartú idir tíortha AE.
  • Faightear gach orgán ó dheontóirí, bídís beo nó marbh ar bhonn deonach agus neamh íoctha agus ba cheart an toiliú riachtanach a bheith ag gabháil leo.
  • Déantar deontóirí beo a roghnú agus a scagadh go cúramach. Ní mór a rathú go mbeidh na leibhéil cosanta is airde is féidir acu.
  • Déantar na sonraí pearsanta uile “a chosaint go hiomlán agus go héifeachtach”.
  • Ní mór dá gcuid údarás inniúil faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta i líonra arna bhunú ag an g Coimisiún Eorpach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH SEO?

Tháinig sí i bhfeidhm an 26 Lúnasa 2010. Bhí ar thíortha AE í a ionchorprú sa reachtaíocht náisiúnta faoin 27 Lúnasa 2012.

CÚLRA

Sa lá atá inniu ann, tugtar na céadta mílte daoine ar fud an domhain slán ón mbás le hobráidí trasphlandaithe orgáin. Fágann na hobráidí sin go mbíonn feabhas ar cháilíocht beatha na n-othar, is minic gurb iad an chóireáil is costéifeachtaí, agus is amhlaidh uaireanta gurb iad an t-aon bhealach amháin chun cóireáil a chur ar chliseadh croí, ae agus scamhóg.

  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an rannóg Orgáin ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Treoir 2010/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le caighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandú (IO L 207, 6.8.2010, lgh. 14-29)

Ceartúchán ar Threoir 2010/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le caighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandú (IO L 243, 16.9.2010, lch. 68)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir Cur Chun Feidhme 2012/25/AE ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos nósanna imeachta faisnéise i dtaobh malartú, idir Ballstáit, orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandú (IO L 275, 10.10.2012, lgh. 27-32)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna tabhairt don Choimisiún de bhun Threoir 2010/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le caighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandú (COM(2015) 123 final an 10.3.2015)

Nuashonraithe 12.01.2016

Top