Sláinte phoiblí
Ceann de phríomhchúraimí an tsaoránaigh Eorpaigh ná dea-shláinte a bheith aige/aici. Mar sin tá an tAontas Eorpach (AE) ag déanamh a dhíchill chun leibhéal níos airde cosanta sláinte a bhaint amach trí bhíthin gach ceann de bheartais agus de ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh, de réir Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Go sonrach, féachann beartas an AE ar chúrsaí sláinte le sláinte phoiblí a fheabhsú, galair agus baol don tsláinte (lena an-áirítear iad siúd a bhaineann le stíleanna maireachtála na saoránach Eorpach) a chosc agus móraicídí a chomhrac trí thaighde a spreagadh. Comhlánú ar bheartais náisiúnta is ea gníomhaíocht Comhphobail agus spreagann an tAontas comhar idir Bhallstáit i réimse na sláinte.
Mar sin féin, inniúlacht eisiach a fhanann leis na Ballstáit is ea beartais náisiúnta sláinte a shainiú. Dá réir sin, ní chuimseoidh gníomhaíochtaí n AE sainiú beartas sláinte, ná eagrú agus soláthar seirbhísí sláinte agus cúram míochaine.
Is éard atá i gceist le beartas sláinte na hEorpa, mar sin, ná inniúlacht chomhroinnte a fhorbairt le Ballstáit agus beartais náisiúnta a chomhlánú. Lena chois sin, féadfaidh an AE agus Ballstáit dul i gcomhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta.
-
An straitéis sláinte Eorpach
Cláir agus tionscnaimh -
Baol don tsláinte
Galair theagmhálacha, Fuil agus fíochán daonna, Oibreáin fhrithmhiocróbacha -
Deitéarmanaint sláinte: stíl mhaireachtála
Tobac, Alcól, Cothú agus gníomhaíocht fhisiceach, Meabhairshláinte -
Deitéarmanaint sláinte: comhshaol
Deitéarmanaint shoch-eacnamaíocha sláinte, Comhshaol, Réimsí Leictreamaighnéadacha, Géineolaíocht agus scagadh



