RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


An straitéis sláinte Eorpach

Sláinte phoiblí

Suíonn an straitéis sláinte Eorpach cúrsaí sláinte i gceartlár gach beartais Comhphobail chun cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh Eorpacha agus a gcuid sláinte a fheabhsú. Go sonrach, baineann sé le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag dul i méid agus ar na mór-rioscaí sláinte, ar nós na bpaindéimí agus na bith-sceimhlitheoireachta.
Sainíonn an straitéis na cuspóirí agus na tosaíochtaí sa fhreagairt ar na príomhdhúshláin sláinte. Lena chois sin, neartaíonn sé comhar Comhphobail sna réimsí sin nach féidir le Ballstáit gníomhú ar a gconlán féin iontu, agus rannchuidíonn sé le scaipeadh faisnéise agus eolais ar an ábhar. Ar deireadh tacaíonn sé le taighde, go háirithe ar theicneolaíochtaí nua, chun cosc galar agus sábháilteacht othar a fheabhsú.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh