RSS
Innéacs A - Z
Tá an leathanach seo ar fáil i 23 theanga
Teangacha nua atá ar fáil:  BG - CS - ET - GA - LV - LT - HU - MT - PL - RO - SK - SL

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh

Tá de rún ag athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) ná an cruth a chur ar an scéal chun go mbeidh an t-ionchas is fearr ag na stoic éisc agus ag na hiascaigh, agus ag an muirthimpeallacht a mbraitheann siad uirthi chomh maith. Tá an inbhuanaitheacht ar chroí an bheartais a mholtar agus caithfidh go gcuirfidh an t-athchóiriú deireadh le dúshaothrú agus le hídiú na stoc. Is ionann iascach inbhuanaithe agus iascach a dhéantar ag leibhéil nach gcuireann atáirgeadh na stoc i gcontúirt agus a sholáthraíonn táirgeacht ard go fadtéarmach. Tá an t-athchóiriú bunaithe ar chur chuige díláraithe de bhainistíocht an iascaigh, de réir réigiúin agus de réir imchuach mhara. Caithfidh sé caighdeáin rialachais a fheabhsú san Aontas Eorpaigh (AE) agus sa domhan de bharr na gcomhaontuithe ar an iascach inbhuanaithe.

ACHT

Communication from the Commission of 13 July 2011 — Reform of the Common Fisheries Policy [COM(2011) 417 — Not published in the Official Journal] (Cumarsáid ón gCoimisiún an 13 Iúil 2011, dar teideal “Athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh” [COM(2011) 417 — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

ACHOIMRE

Cuirfidh athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) leis an straitéis Eoraip 2020. Leis sin, caithfidh sé páirt a ghlacadh i gcur ar bun fáis inbhuanaithe chuimsitheach, i neartú an chomhtháthaithe sna réigiúin chósta agus i bhfeabhsú fheidhmiú eacnamaíoch na hearnála.

Tá an inbhuanaitheacht agus na réitigh fadtéarmacha i gceartlár na dtogra a rinne an Coimisiún.

Caomhnú agus inbhuanaitheacht

De bharr bainistíochta ar an iascach a dhíbríonn na móréifeachtaí diúltacha ar stoc, speicis agus éiceachórais eile, beidh an CBI in ann cur le dea-staid éiceolaíoch na muirthimpeallachta, i gcomhréir le forálacha na creat-threorach “Straitéis ar son na Muirthimpeallachta”.

De dheasca na mbeart ar ghlac athchóiriú an CBI leo, caithfidh an uasghabháil inbhuanaithe (UGI) a bheith insroichte roimh 2015, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh (AE). An méid is mó iasc is féidir a ngabháil, níor chóir go gcuire sé inbhuanaitheacht na stoc i gcontúirt. Os a choinne sin, caithfidh sé cuidiú le líon na n-iasc a choinneáil ag leibhéal na huastáirgeachta.

Baineann na bearta le caitheamh amach san fharraige na gabhála nach dteastaíonn a dhíbirt, le pleananna bainistíochta fadtéarmacha bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ann, le feabhsú ar bhailiúchán agus ar chur ar fáil sonraí iomláin iontaofa chun beartais a leagan amach.

Todhchaí an iascaigh agus an dobharshaothraithe

Caithfidh an CBI earnálacha daingne inmharthana iomaíocha tarraingteacha a dhéanamh den iascach agus den dobharshaothrú. Chun an inmharthanacht eacnamaíoch a mhéadú agus an ró-acmhainneacht iascaireachta a dhíbirt, molann an Coimisiún córas lamháltais inaistrithe iascaireachta a chur ar bun do na longa móra. Leis an gcóras seo féadfaidh oibreoirí áirithe cearta a cheannach ó oibreoirí eile atá ag iarraidh éirí as an earnáil. Ní theastaíonn aon mhaoiniú poiblí ón gcóras seo. Ina theannta sin, caithfidh go méadóidh sé ioncam agus go gcruthóidh sé deiseanna nua fostaíochta.

D’fhéadfaí bearta tacaíochta ar son na n-iascach neamhthionsclaíoch nó ar son an dobharshaothraithe inbhuanaithe a dhéanamh fosta.

Faisnéis don tomhaltóir

Tabharfar níos mó eolais do thomhaltóirí faoi cháilíocht agus inbhuanaitheacht na dtáirgí a cheannaíonn siad. Go háirithe d’fhéadfadh maíomh éiceolaíochta nó eolas faoi shainteicníochtaí táirgthe a bheith ar an lipéad.

Beidh na heagraíochtaí iascairí gníomhach maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a gcuid ball a phleanáil, agus beidh ról níos tábhachtaí acu i dtreorú an tsoláthair don mhargadh agus i méadú bhrabús na n-iascairí.

Feabhas a chur ar an rialúchán leis an réigiúnú

Caithfidh an t-athchóiriú na réitigh atá in oiriúint do riachtanais réigiúnacha agus áitiúla a chur chun tosaigh chun sainiúlacht na n-imchuach mara éagsúil a chur san áireamh níos fearr. Déanfar na heochairchinntí maidir le prionsabail agus cuspóirí ginearálta an bheartais ag leibhéal an AE i gcónaí. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh ar bhearta eile faoi bhainistíocht na n-iascach, faoi stiúir an Choimisiúin. Le bainistiú go héifeachtach, féadfaidh na Ballstáit glacadh le bearta teicniúla caomhnaithe agus le bearta frithcholfairte le trasuí ina reachtaíocht náisiúnta.

Tá de rún ag an gCoimisiún ról na gcomhairlí comhairleacha a leathnú nuair a dhréachtófar an beartas faoin chaomhnú i samhail an réigiúnaithe. De dheasca nádúr sainiúil an dobharshaothraithe, molann an Coimisiún comhairle chomhairleach nua um dhobharshaothrú a chruthú.

Tacaíocht airgeadais

Caithfidh an maoiniú poiblí iomlán na ngníomhaíochtaí a chuimsiú. Simpleofar agus ceanglófar go hiomlán é i gcomhréir le coinníollacha (na hinbhuanaitheachta go háirithe) do na hoibreoirí san earnáil. Nua-aoiseofar an córas idirghabhála i gcomheagrú na margaí mar an gcéanna. Dílárófar agus oiriúnófar praghsáil na hidirghabhála feasta d’fhonn seachaint go scriostar na barrachais éisc chun an praghas a choinneáil ard.

Gnéithe seachtracha

Is iad an inbhuanaitheacht agus cosaint na n-éiceachóras mara cuspóirí na ngníomhaíochtaí taobh amuigh den AE. Tá siad bunaithe den chuid is mó ar neartú an chomhair chun eolas eolaíoch a roinnt agus chun go ndéantar de réir na rialacha atá ann, go háirithe maidir leis an troid in éadan na hiascaireachta neamhdhleathaí.

Beidh ról níos tábhachtaí ag an AE sna heagraíochtaí réigiúnacha iascaireachta, sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus ina chaidreamh le tríú tíortha.

Caithfidh go mbeidh tairbhe sna comhaontuithe um iascach inbhuanaithe (CII) leis na tíortha nach baill den AE iad, agus iad bunaithe ar dhea-bhainistíocht na n-acmhainní mara, ar fheabhsú an eolais eolaíoch agus ar chreat rialúcháin cáilíochta a chur ar bun.

Comhthéacs

Bunaíodh an t-athchóiriú ar chomhairliúchán mór poiblí a cuireadh i gcrích ag deireadh 2010. Bhí comhairle na bpáirtithe leasmhara úsáideach chun an t-athchóiriú a ullmhú; tá na heilimintí seo a leanas san athchóiriú:

  • togra reachtach rialacháin nua a shainmhíníonn príomhrialacha an CBI [agus a ghlacann áit Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002];
  • togra reachtach maidir le beartas nua margaidh [a ghlacann áit Rialacháin (CE) Uimh. 104/2000];
  • togra reachtach rialacháin nua maidir leis an gCiste Eorpach do Ghnóthaí Muirí agus don Iascach;
  • cumarsáid faoi ghnéithe seachtracha an CBI; agus
  • tuarascáil ar Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle maidir leis na caibidlí Caomhnú agus Inbhuanaitheacht, agus Oiriúnú an Chumais Iascaireachta, agus ar Airteagal 17(2) a bhaineann le srianadh ar rochtain na loingeas ar limistéar na 12 mhíle farraige.
Nuashonrú is déanaí: 03.12.2011
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh