EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Am oibre maraithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 1999/63/CE — Comhaontú maidir le heagrú ama oibre maraithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Cuirtear sa reachtaíocht an comhaontú maidir le ham oibre maraithe* ar thángthas air idir Cumann Longúinéirí* an Chomhphobail Eorpaigh agus Cónaidhm Cheardchumainn Oibrithe Iompair ar an 30 Meán Fómhair 1998.
  • Cuirtear san áireamh inti Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí (MLC) na hEagraíochta Oibreachais Idirnáisiúnta 2006 maidir le huaireanta oibre maraithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do long muirghabhála atá faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach agus atá cláraithe i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí muirí tráchtála an reachtaíocht a urramú.
  • Sonraítear sa treoir líon uasta uaireanta oibre nó íosmhéid ama sosa thar thréimhse ar leith.
  • Uaireanta oibre:
    • gurb ionann gnáthlá oibre agus 8 n-uaire an chloig, le 1 lá amháin saor agus sos ar laethanta saoire poiblí;
    • nár chóir d’uaireanta oibre uasta a bheith níos mó ná 14 huaire in aon tréimhse 24 uair an chloig72 uair thar 7 lá.
  • Tréimhsí sosa:
    • ní féidir leo a bheith níos lú ná 10 n-uaire in aon tréimhse 24 uair an chloig, nó 77 n-uaire thar 7 lá;
    • ní féidir iad a roinnt i líon nach mó ná dhá thréimhse, agus ní mór do thréimhse amháin díobh a bheith 6 huaire an chloig ar a laghad;
    • ní mór dóibh tarlú i bhfoisceacht 14 huaire an chloig ar a laghad dá chéile;
    • níor cheart cur isteach orthu ach a laghad agus is féidir le cleachtaí sábháilteachta amhail tionóil, agus comhrac dóiteáin agus druile bád tarrthála;
    • ní mór cúiteamh leordhóthanach a áireamh leo do mharaithe atá ar sos ar a nglaoitear chun oibre.
  • Ní mór taifid a choinneáil d’obair agus uaireanta sosa na maraithe ó lá go lá.
  • Ní fhéadfadh aon mharaí faoi bhun 18 obair san oíche* ach amháin i gcomhair dualgais ar leith nó i gcomhair oiliúna.
  • Ní cheadaítear daoine faoi bhun 18 a fhostú, a fhruiliú nó glacadh lena gcuid oibre más dóigh go gcuirfí a sláinte agus sábháilteacht i mbaol.
  • Tá sé de cheart ag máistrí long obair chriú a iarraidh más gá a chinnteoidh sábháilteacht láithreach an tsoithigh, a chuid daoine ar bord, a lastais agus daoine eile in anacair.
  • Ní mór sonraí maidir le socruithe oibre ar bord agus na forálacha sa reachtaíocht a bheith inrochtana agus ar taispeáint.
  • Ní mór don líon criú uaireanta iomarcacha oibre a sheachaint nó a íoslaghdú lena chinntiú go mbeidh dóthain scíthe acu agus go gcuirtear teorainn le tuirse.
  • Maidir le gach maraí:
    • ní mór deimhniú sláinte a bheith acu a chruthaíonn go bhfuil siad aclaí go fisiciúil chun oibriú ar muir — leagtar amach leis an treoir sonraí na ndeimhnithe sin lena n-áirítear rialacha eisiúna, bailíocht agus an cineál measúnaithe sláinte. Ceadaítear roinnt eisceachtaí;
    • tá siad i dteideal saoire bhliantúil íoctha a ghlacadh bunaithe ar íosmhéid 2.5 lá in aghaidh na míosa a oibrítear agus i gcomhréir le míonna neamhiomlána.
  • Féadfaidh na Ballstáit:
    • díolúintí ar na huaireanta oibre sonraithe agus ar na tréimhsí sosa a cheadú, faoi choinníollacha áirithe;
    • coinníollacha níos fabhraí, ach nach lú fabhar, a chur i bhfeidhm maidir le maraithe seachas iad sin atá sa treoir.

Leasuithe ar Threoir 1999/63/CE

  • Leasaíodh an treoir ag Treoir 2009/13/CE i ndiaidh shíniú an MLC in 2006.
  • Leasaíodh Treoir 2009/13/CE dá réir sin ag Treoir (AE) 2018/131, i ndiaidh leasuithe ar an MLC in 2014, ina dhírítear ar chearta maraithe i gcás tréigean i gcalafoirt eachtracha agus lena n-áirítear rialacha nuashonraithe maidir le haisdúichiú, sláine airgeadais agus dliteanas longúinéirí.

Reachtaíocht ghaolmhar

Tá forghníomhú na treorach clúdaithe ag reachtaíocht éagsúil (Treoir 1999/95/CE) maidir le forghníomhú uaireanta oibre ar bord long a mbíonn calafoirt AE á n úsáid acu, mar aon le Treoir 2013/54/AE maidir le comhlíonadh ginearálta le agus forghníomhú an MLC (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 22 Iúil 1999 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2002.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Maraí. Duine atá fostaithe in aon cháil ar bord long muirghabhála.
Longúinéir. Úinéir na loinge nó aon eagraíocht eile nó duine a ghlacann leis an bhfreagracht sin.
Oíche. Ar a laghad 9 n-uaire, tráth nach déanaí ná meán oíche agus ag críochnú tráth nach luaithe ná 5 a.m.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 1999/63/CE an 21 Meitheamh 1999 ón gComhairle maidir leis an gComhaontú ar eagrú ama oibre maraithe arna chur i gcrích ag Cumann Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus ag Cónaidhm Cheardchumainn Oibrithe Iompair san Aontas Eorpach (FST) — Iarscríbhinn: An Comhaontú Eorpach maidir le heagrú ama oibre maraithe (IO L 167, 2.7.1999, lgh. 33-37).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 1999/63/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe Stáit brataí chun cloí leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006 agus chun an Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí a chur i bhfeidhm (IO L 329, 10.12.2013, lgh. 1-4).

Treoir 2009/13/CE ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú arna thabhairt i gcrích ag Cumainn Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (EFT) maidir leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE (IO L 124, 20.5.2009, lgh. 30-50).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 1999/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le forálacha a chur i bhfeidhm i leith uaireanta oibre na maraithe a oibríonn ar bord long a mbíonn calafoirt an Chomhphobail á n úsáid acu (IO L 14, 20.1.2000, lgh. 29-35).

Nuashonraithe 10.12.2021

Top