EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Custaim leis an tSeapáin

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2008/202/CE — comhaontú AE-na Seapáine a thabhairt i gcrích maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

Comhaontú AE-na Seapáine maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

  • Mar gheall ar a gcaidreamh trádála fairsing, tá an comhaontú comhair idir údaráis chustaim* AE agus na Seapáine riachtanach chun trádáil idir na páirtithe a éascú. Féachtar leis freisin le slándáil an tslabhra soláthair agus éifeachtacht an chomhraic i gcoinne na calaoise a chosaint, lena n–áirítear comhar maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint.
  • Tugtar i gcrích leis an gcinneadh an comhaontú thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhar custaim

  • Leis an gcomhaontú tugtar isteach comhar ina gcuimsíonn gach réimse de reachtaíocht chustaim.
  • Baintear an comhar sin amach trí bhealaí cumarsáide a bhunú agus trí chomhordú idir na húdaráis chustaim a thabhairt isteach.
  • Tugann na páirtithe faoi idirbhearta tráchtála a éascú agus a leibhéal slándála féin á mhéadú acu. Tá sé mar aidhm go sonrach leis an gcomhaontú feabhas a chur ar theicnící custaim agus ar a nósanna imeachta. Is é an cuspóir comhar a neartú ar leibhéal déthaobhach agus laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Cúnamh riaracháin frithpháirteach

Tá 2 chineál cúnaimh ann idir údaráis i gcás oibríochtaí custaim lena sáraítear an reachtaíocht:

  • cúnamh arna iarraidh sin, maidir le dlíthiúlacht agus nós imeachta custaim le haghaidh allmhairí agus onnmhairí earraí, daoine faoi dhrochamhras, áiteanna stórála agus iompar earraí;
  • cúnamh spontáineach, a bhaineann go háirithe leis na rioscaí féideartha don gheilleagar, do shábháilteacht an phobail agus do shláinte an phobail. Ar mhaithe leis an bpáirtí eile, soláthraíonn an t–údarás faighte iarrata* an fhaisnéis uile a bhaineann le gníomhaíochtaí, acmhainní agus modhanna, earraí, daoine agus modhanna iompair.

Gnéithe foirmiúla agus eisceachtaí maidir le cúnamh

  • Ní mór iarratais a dhéanamh i scríbhinn i dteanga a thuigeann an dá údarás. I gcásanna práinneacha, féadfaidh iarratas ó bhéal a dhéanamh roimh an iarratas i scríbhinn.
  • Chun próiseáil an iarratais a éascú, ní mór don údarás is iarratasóir* dóthain faisnéise a sholáthar maidir leis an mbeart a iarradh, maidir les an gcuspóir agus leis an gcúis atá leis an iarratas. Cuireann sé faisnéis ar fáil freisin maidir leis na daoine atá faoi dhrochamhras, an reachtaíocht atá i gceist, na fíricí agus na himscrúduithe ábhartha a rinneadh.
  • Chun iarratas ar chúnamh a chomhlíonadh, déanann an t–údarás faighte iarrata an fhaisnéis uile atá ar fáil dó cheana féin a chur in iúl nó tugann sé faoi aon imscrúdú atá riachtanach. Ní mór na bearta a ghlacfar a chomhordú leis an údarás is iarratasóir.
  • Mura féidir iarratas a chomhlíonadh, cuirfear cumarsáid réasúnaithe chuig an údarás is iarratasóir gan mhoill.
  • Féadfar iarraidh a dhiúltú nó a chur siar. Féadfar é a dhéanamh faoi réir coinníollacha i gcás go ndéanfar dochar do cheannasacht, do shlándáil, do bheartas poiblí nó do leasanna tíre, go háirithe nuair nach féidir cosaint na faisnéise a tarchuireadh a ráthú.
  • Tá na sonraí a tharchuirfear faoi rún; tá siad faoi chosaint faoi na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme i dtír an údaráis is iarratasóir. Mar sin féin, féadfar an fhaisnéis sin a úsáid mar fhianaise i gcomhthéacs réamhfhiosrúcháin.
  • Comhchoiste um Chomhar Custaim freagrach as feidhmiú cuí an chomhaontaithe seo.

DÁTA AN TEACHTA I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Feabhra 2008.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Údaráis chustaim: sa tSeapáin, an Aireacht Airgeadais, agus, in AE, seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus údaráis chustaim thíortha AE.
An t–údarás faighte iarrata: údarás custaim de chuid páirtí chonarthaigh a fhaigheann iarratas ar chúnamh ar bhonn an chomhaontaithe seo.
An t–údarás is iarratasóir: údaráis chustaim de chuid páirtí chonarthaigh a dhéanann iarraidh ar chúnamh ar bhonn an chomhaontaithe seo.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2008/202/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Seapáine i ndáil le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 62, 6.3.2008, lch. 23)

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Seapáine i ndáil le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 62, 6.3.2008, lgh. 24-29)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2011/197/AE ón gCoimisiún an 29 Márta 2011 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an leibhéal leordhóthanach cosanta a chuir an tSeapáin ar fáil i ndáil le sonraí pearsanta a aistríodh ón Aontas Eorpach sna cásanna sonracha aistrithe ag an gCoimisiún chuig údaráis chustaim na Seapáine faoi Chinneadh Uimh. 1/2010 ón gComhchoiste um Chomhar Custaim de bhun Airteagal 21 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Seapáine maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim maidir le haitheantas frithpháirteach ar chláir oibreoirí eacnamaíochta údaraithe san Aontas Eorpach agus sa tSeapáin agus chun críocha eisiacha agus sonracha Chinneadh Uimh. 1/2010 ón gComhchoiste um Chomhar Custaim (IO L 85, 31.3.2011, lgh. 8-9)

2010/637/AE: Cinneadh Uimh. 1/2010 ón gComhchoiste um Chomhar Custaim an 24 Meitheamh 2010 de bhun Airteagal 21 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Seapáine maidir le Comhar agus Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach i gCúrsaí Custaim maidir le haitheantas frithpháirteach ar chláir Oibreoirí Eacnamaíochta Údaraithe san Aontas Eorpach agus sa tSeapáin (IO L 279, 23.10.2010, lgh. 71-73)

Nuashonraithe 08.01.2019

Top