EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla idir tíortha AE

 

ACHOIMRE AR:

An Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir tíortha AE

Gníomh ón gComhairle lena mbunaítear an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir tíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN NGNÍOMH?

Tá sé mar aidhm leis an gcoinbhinsiún cúnamh frithpháirteach a spreagadh agus a éascú idir údaráis bhreithiúnacha, údaráis phóilíneachta agus údaráis chustaim maidir le hábhair choiriúla agus feabhas a chur ar luas agus ar éifeachtacht an chomhair bhreithiúnaigh. Forlíontar leis Coinbhinsiún Chomhairle na Eorpa 1959 maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla agus a Phrótacal 1978.

Faomhtar leis an ngníomh an coinbhinsiún thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Iarratais ar chúnamh frithpháirteach

  • Ní mór go mbeidh na hiarratais tarchurtha agus déanta go díreach ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha agus go mbeidh siad déanta i scríbhinn acu.
  • Ní mór iarratais ar aistriú sealadach nó iompar duine faoi choimeád agus ar fhógraí faisnéise a sheoladh ó thaifid bhreithiúnacha a sheoladh trí údaráis láir thíortha AE.
  • I gcásanna éigeandála, féadfar iarratais a dhéanamh trí Interpol nó trí chomhlacht ar bith atá inniúil faoi na rialacha a tugadh isteach faoin gConradh ar an Aontas Eorpach
  • Ní mór do thír AE ar iarraidh uirthi cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil (an tír iarrtha) cloí leis na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta arna sonrú ag tír AE a rinne an t–iarratas (an tír iarrthach) agus ní mór di an t–iarratas a chur i gcrích a luaithe is féidir, agus na spriocdhátaí a bheidh tugtha a chur san áireamh a mhéid is féidir.
  • Ní mór do thíortha AE doiciméid nós imeachta atá beartaithe do dhaoine i dtír AE eile a chur chucu go díreach sa phost, ach i roinnt cásanna, féadfar na doiciméid a sheoladh trí údaráis inniúla na tíre iarrtha.
  • Féadfaidh údarás breithiúnach nó údarás láir i dtír AE amháin teagmháil dhíreach a dhéanamh le húdarás póilíneachta nó le húdarás custaim ó thír AE eile nó, i ndáil le hiarratais ar chúnamh frithpháirteach maidir le himeachtaí, le húdarás riaracháin ó thír AE eile. Féadfaidh tíortha an clásal sin a dhiúltú nó é a chur i bhfeidhm faoi choinníollacha áirithe amháin go díreach.
  • Féadfaidh tíortha AE faisnéis a chomhroinnt go spontáineach i ndáil le cionta coiriúla agus sáruithe riaracháin a bhfuil an fhreagracht as pionós a ghearradh ina leith nó as iad a láimhseáil ag an údarás glactha.

Cineálacha sonracha cúnaimh fhrithpháirtigh

  • Ba cheart nithe goidte a fhaightear i dtír AE eile a chur ar fáil don tír iarrthach ionas gur féidir iad a thabhairt ar ais don té ar leo iad.
  • Féadfar duine atá faoi choimeád i gcríoch tíre iarrthaí, le comhaontú na n–údarás, a aistriú go sealadach chuig an tír ina mbeidh an t–imscrúdú ar siúl. I gcás go dteastaíonn sé ó cheann de na tíortha, ní mór toiliú an duine lena mbaineann a fháil roimh an aistriú.
  • Féadfaidh údaráis bhreithiúnacha tíre eile éisteacht le finné nó le saineolaí trí fhíschomhdháil mura dtagann sé sin salach ar bhunphrionsabail na tíre iarrtha, agus má chomhaontaíonn na páirtithe ar fad lena mbaineann.
  • Seachadtaí rialaithe* ceadaithe ar chríoch thír AE eile i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla maidir le cionta ineiseachadta. Ní mór d’údaráis na tíre iarrtha iad a threorú agus monatóireacht a dhéanamh orthu.
  • Féadfaidh dhá thír nó níos mó comhfhoireann imscrúdaitheach a chur ar bun le haghaidh cuspóir sonrach agus ar feadh tréimhse teoranta ar bhonn comhaontaithe chomhpháirtigh eatarthu. Déanann oifigeach ón tír ina mbeidh an fhoireann ag feidhmiú a gníomhaíochtaí a chomhordú agus a stiúradh.
  • Féadfaidh na hoifigigh imscrúduithe a dhéanamh chomh maith ag feidhmiú faoi cheilt nó faoi aitheantas bréige, ar an gcoinníoll go gcloíonn siad leis an dlí náisiúnta na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha.

Teileachumarsáid a thascradh

  • Féadfar teileachumarsáid a thascradh má iarrann údarás inniúil ó thír AE eile é, atá ainmnithe chun amhlaidh a dhéanamh sa tír AE sin.
  • Féadfar cumarsáidí a thascradh agus a tharchur go díreach chuig an tír iarrthach nó iad a thaifeadadh lena dtarchur níos déanaí.
  • Féadfar tascradh a dhéanamh chomh maith i dtír AE ina bhfuil trealamh satailíte talún suite. Mura dteastaíonn cúnamh teicniúil na tíre sin, déanann na soláthraithe seirbhíse sa tír iarrthach an tascradh. I gcás go ndéantar tascradh i dtír faoi leith mar gheall ar shuíomh an ábhair, ach nach bhfuil cúnamh teicniúil ar bith ag teastáil, ba cheart an tír a bhfuil an tascradh á dhéanamh aici a gníomhaíocht a chur in iúl don tír eile.

Rialacha speisialta do thíortha AE áirithe

Tá rialacha speisialta i bhfeidhm maidir leis na cásanna seo a leanas:

  • Éire agus an Ríocht Aontaithe (1) (tarchur iarratas ar chúnamh);
  • Lucsamburg (sonraí pearsanta a chosaint); agus
  • An Iorua agus an Íoslainn (rialacha a bhaineann le rialacha Schengen agus teacht i bhfeidhm an choinbhinsiúin).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN GHNÍMH AGUS AN CHOINBHINSIÚIN?

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 23 Lúnasa 2005.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Seachadtaí rialaithe: an teicníc lena gceadaítear coinsíneachtaí neamhdhleathacha nó amhrasacha drugaí, nó substaintí ionadacha dóibh, a ligean amach trí chríoch tíre amháin nó níos mó nó isteach i gcríoch tíre amháin nó níos mó, i bhfios dá n–údaráis inniúla agus faoina maoirseacht, chun daoine atá páirteach i gcoimisiún na gcionta a aithint.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh — Dearbhú ón gComhairle maidir le hAirteagal 10(9) — Dearbhú ón Ríocht Aontaithe (1) maidir le hAirteagal 20 (IO C 197, 12.7.2000, lgh. 3-23)

Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an Coinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Prótacal arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an Coinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 21.11.2001, lgh. 2-8)

Teachtaireacht ó Ard-Rúnaí an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 30(2) den Choinbhinsiún, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 24)

Nuashonraithe 10.09.2018



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top