RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla

Ceartas, saoirse agus slándáil

Chun coireacht a chomhrac tá gá le comhphlé agus gníomhaíocht a neartú idir údaráis cheartais choiriúil na mBallstát. Dá réir sin, tá comhlachtaí sonracha bunaithe ag an Aontas Eorpach (AE) chun cúnamh frithpháirteach a éascú. Go sonrach, tacaíonn Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach le comhar idir údaráis bhreithiúnacha.
Bunaítear comhar breithiúnach in ábhair choiriúla ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha de chuid Ballstát. I gceist leis tá comhfhogasú dlíthe náisiúnta gaolmhara agus feidhmiú comhrialacha íosta. Baineann na rialacha íosta go príomha le hinghlacthacht fianaise agus cearta íospartach na coireachta chomh maith le cearta daoine aonair i nósanna imeachta coiriúla.
Tugadh isteach comhar breithiúnach in ábhair choiriúla faoi Chonradh Maastricht sa bhliain 1993, agus fabhann sé ionad i dTeideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh