EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár Stócólm

Soláthraíonn Clár Stócólm treochlár d’obair an Aontais Eorpaigh (AE) i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála sa tréimhse 2010–2014.

ACHT

The Stockholm Programme – An open and secure Europe serving and protecting citizens Clár Stócólm – Eoraip a bheidh oscailte agus slán, a fhónfaidh do na saoránaigh agus a chosnóidh iad (IO C 115, 4.5.2010])

ACHOIMRE

I gClár Stócólm leagtar amach tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh (AE) i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála ar feadh na tréimhse 2010-2014. Ag tógáil ar an méid a baineadh amach i gcláir Tampere agus i gclár na Háige roimhe seo, féachann sé le bheith inchurtha leis na dúshláin a bheidh roimhe amach anseo agus treisiú eile a dhéanamh ar réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála le gníomhaíochtaí a dhíreoidh ar leasanna agus ar riachtanais na saoránach.

Chun Eoraip shlán a sholáthar mar a léirítear meas ar chearta agus ar shaoirsí bunúsacha na saoránach, díríonn Clár Stócólm ar na tosaíochtaí seo a leanas:

Eoraip na gceart

Ní mór saoránacht Eorpach a bheith ina réaltacht nithiúil seachas ina coincheap teibí. Ní mór di na cearta agus na saoirsí bunúsacha atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a thabhairt do náisiúnaigh an AE. Ní mór do shaoránaigh an AE a bheith in ann na cearta sin a fheidhmiú laistigh agus lasmuigh den AE araon, agus fios acu go bhfuil meas ar a bpríobháid, go háirithe ó thaobh chosaint sonraí pearsanta. Ní mór Eoraip an cheartais a bheith ina háit:

  • mar ar féidir le saoránaigh agus le baill a dteaghlaigh an ceart ar shaorghluaiseacht a fheidhmiú ina iomláine;
  • mar a léirítear meas ar éagsúlacht agus ina gcosnaítear na grúpaí daoine is leochailí (leanaí, mionlaigh dála na Romach, íospartaigh foréigin, srl.), agus mar a dtéitear i ngleic leis an gciníochas agus leis an tseineafóibe;
  • cosnaítear cearta daoine amhrasta agus daoine cúisithe le linn imeachtaí coiriúla;
  • ina ndéanann saoránacht AE rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an AE a chur chun cinn trí bhíthin na cinnteoireachta trédhearcaí, rochtain ar dhoiciméid agus ar dhea-riarachán, mar aon leis an gceart ar chosaint chonsalach a ráthú do shaoránaigh fad atá siad lasmuigh den AE.

Eoraip an cheartais

Ní mór limistéar ceartais Eorpach a fhíorú ar fud an AE. Ní mór teacht ar cheartas do shaoránaigh a éascú, ionas go ndéanfar a gcuid ceart a fhorfheidhmiú ar shlí níos fearr laistigh den AE. Ag an am céanna, ní mór comhar idir údaráis bhreithiúnacha agus aitheantas frithpháirteach do chinntí cúirte laistigh den AE a fhorbairt tuilleadh, i gcásanna sibhialta agus i gcásanna coiriúla araon. Chuige sin, ba cheart do thíortha an AE úsáid a bhaint as ríomhcheartas (teicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide i réimse an cheartais), comhrialacha íosta a ghlacadh chun caighdeáin choiriúla agus shibhialta a chomhfhogasú, agus muinín fhrithpháirteach a neartú. Ní mór don AE féachaint le comhtháthú a bhaint amach leis an ord dlí idirnáisiúnta, leis, chun timpeallacht shlán dhlíthiúil a chruthú d'idirbhearta le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad.

Eoraip a chosnaíonn

Moltar i gClár Stócólm straitéis inmheánach slándála a fhorbairt don AE, d’fhonn cur leis an gcosaint atá ann do shaoránaigh agus dul i ngleic le coireacht eagraithe agus le sceimhlitheoireacht. Laistigh de spiorad na dlúthpháirtíochta, féachfaidh an straitéis le feabhas a chur ar chomhar idir póilíní agus ar chomhar breithiúnach i nithe coiriúla, agus ar bhainistíocht teorann, cosaint shibhialta agus bainistíocht tubaistí. I gceist sa straitéis slándála inmheánaí beidh cur chuige réamhghníomhach, cothrománach agus ginearálta ina mbeidh na cúraimí roinnte go soiléir ar an AE agus ar thíortha an Aontais. Díreoidh sí ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann, ar nós:

  • gáinneáil ar dhaoine;
  • drochúsáid ghnéasach, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí;
  • cibearchoireacht;
  • coireacht gheilleagrach, caimiléireacht, góchumadh agus píoráideacht;
  • drugaí.

Sa chomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann, tá nasc de riachtanas idir slándáil inmheánach agus slándáil sheachtrach. Mar sin, ní mór straitéis slándála seachtraí an AE a chur san áireamh agus comhar a neartú le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad.

Rochtain ar an Eoraip

Ní mór don AE bainistíocht chomhtháite a chuid teorann agus a beartais víosa a fhorbairt tuilleadh chun rochtain dhlíthiúil ar an Eoraip a dhéanamh níos éifeachtúla do náisiúnaigh nach náisiúnaigh AE iad, agus slándáil a shaoránaigh féin a chinntiú ag an am céanna. Is den riachtanas é rialuithe láidre teorann a bheith ann chun dul i ngleic le hinimirce mhídhleathach agus le coireacht thrasteorann. Ag an am céanna, ní mór rochtain a ráthú dóibh siúd a bhfuil gá acu le cosaint idirnáisiúnta agus do ghrúpaí daoine leochaileacha, ar nós mionaoisigh gan tionlacan. Dá bhrí sin, ní mór ról Frontex (an ghníomhaireacht Eorpach um theorainneacha seachtracha) a neartú ionas gur féidir leis freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana agus ar dhúshláin thodhchaí. Tá ríthábhacht ag baint le Córas Eolais Schengen den dara glúin (SIS II) agus leis an gCóras Eolais Víosa (VIS) maidir le córas na rialuithe teorann seachtracha a athneartú agus mar sin ní mór iad a chur i bhfeidhm go huile agus go hiomlán. Ní mór leanúint den obair chomh maith ar chomhbheartas víosa a fhorbairt agus ar chomhar réigiúnach consalach a threisiú.

Eoraip na dlúthpháirtíochta

Ar bhonn an Chomhaontaithe Eorpaigh um Imirce agus um Thearmann, ní mór don AE beartas cuimsitheach solúbtha imirce a cheapadh. Ba cheart an beartas sin a bheith dírithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht, agus ar riachtanais thíortha an AE agus ar riachtanais na n-imirceach. Ba cheart go gcuirfeadh sé san áireamh riachtanais mhargaí saothair thíortha an AE, agus imirce daoine oilte as tíortha nach tíortha de chuid an AE iad a íoslaghdú ag an am céanna. Ní mór beartais fhuinniúla um imeascadh a ráthaíonn cearta imirceach a chur i bhfeidhm, leis. Ina theannta sin, níor mhór beartas éifeachtach agus inbhuanaithe fillte a bheith ar áireamh i mbeartas coiteann imirce. Agus tá gá le tuilleadh oibre a dhéanamh ar imirce mhídhleathach a chosc, a rialú agus a chomhrac. Tá gá ann, leis, le hidirphlé agus comhpháirtíochtaí a neartú le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad (tíortha faoi bhealach agus tíortha tionscnaimh), go háirithe trí bhíthin an Chur Chuige Domhanda maidir leis an Imirce a fhorbairt tuilleadh.

Ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an Comhchóras Tearmainn Eorpach (CEAS) a bheith bunaithe roimh 2012. Maidir leis sin, is den riachtanas é an Oifig Eorpach um Thacaíocht Tearmainn a bheith bunaithe. Trí nós imeachta coiteann tearmainn a sholáthar do thíortha an AE agus stádas aonfhoirmeach dóibh siúd ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh, chruthódh an CEAS réimse cosanta agus dlúthpháirtíochta laistigh den AE.

An Eoraip i ndomhan domhandaithe

Ní mór diminsean seachtrach bheartas an AE a chur san áireamh, leis, maidir leis an réimse ceartais, saoirse agus slándála. Cabhróidh sé sin chun dul i ngleic leis na dúshláin ghaolmhara atá le sárú ag an AE inniu, chomh maith le deiseanna do chomhar le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad a neartú. Beidh ar ghníomhaíocht an AE sa réimse sin cloí leis na prionsabail seo a leanas:

  • beartas aonair um chaidreamh seachtrach a bheith ann don AE;
  • dul i mbun comhpháirtíochta le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad (lena n-áirítear tíortha is iarratasóirí, tíortha comharsanachta agus tíortha LEE/Schengen, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Cónaidhm na Rúise);
  • caighdeáin agus luachanna Eorpacha agus idirnáisiúnta a chur chun cinn, chomh maith le Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe, na Comhairle Eorpaí agus Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach a dhaingniú;
  • eolas ar ghníomhaíochtaí déthaobhacha agus iltaobhacha a mhalartú;
  • ag gníomhú i spiorad na dlúthpháirtíochta, an chomhleanúnachais agus na comhlántachta;
  • ag baint úsáid éifeachtach as gach ionstraim agus acmhainn dá bhfuil ann;
  • ag soláthar eolais ar ghníomhartha i ndiminsean seachtrach an cheartais agus na ngnóthaí baile, ag déanamh monatóireachta orthu agus á meas;
  • ag baint úsáide as cur chuige réamhghníomhach i leith caidreamh seachtrach.

Cuirtear Clár Stócólm i bhfeidhm trí bhíthin plean gníomhaíochta a ghlacfar roimh Mheitheamh 2010.

See also

  • Láithreán gréasáin Chlár Stócólm (EN) (FR) (SV)

Nuashonrú is déanaí: 16.03.2010

Top