RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Saorghluaiseacht daoine, tearmann agus inimirce

Ceartas, saoirse agus slándáil

Ceart bunúsach is ea saorghluaiseacht daoine, a ráthaítear do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) sna conarthaí. Cuirtear i ngníomh í tríd an limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha. Le deireadh a chur le teorainneacha inmheánacha ní mór bainistíocht theorainneacha seachtracha an Aontais a neartú agus iontráil agus cónaí náisiúnach nach náisiúnaigh AE iad a rialú, lena n-áirítear trí chomhbheartas tearmainn agus inimirce.
Tháinig coincheap na saorghluaiseachta daoine ar an bhfód tráth síniú Chomhaontas Schengen sa bhliain 1985 agus Choinbhinsiún Schengen ina dhiaidh sin sa bhliain 1990, lenar tosaíodh ar deireadh a chur le teorainneacha idir thíortha rannpháirteacha. Toisc gur cuid de chreat dlíthiúil agus institiúideach an AE é, leathnaíodh comhar Schengen de réir a chéile chun gach ceann de Bhallstáit an AE, nach mór, chomh maith le roinnt tíortha nach tíortha AE iad, a chuimsiú ann.

Féach leis

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh