RSS
Innéacs A - Z
Tá an leathanach seo ar fáil i 23 theanga
Teangacha nua atá ar fáil:  BG - CS - ET - GA - LV - LT - HU - MT - PL - RO - SK - SL

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Cosc agus troid in éadan na gáinneála ar dhaoine

Cuireann an Treoir nua seo rialacha íosta ar bun ag leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) a bhaineann le sainmhíniú na gcionta coiriúla agus na bpionós maidir le gáinneáil ar dhaoine. Tá bearta inti fosta chun cosc níos fearr a chur ar an bhfeiniméan seo agus chun cosaint na n-íobartach a threisiú.

ACHT

Directive 2011/36/EU of the European Parliament and of the Council of 5 April 2011 on preventing and combating trafficking in human beings and protecting its victims, and replacing Council Framework Decision 2002/629/JHA [OJ L 101, 15.4.2011, p. 1] (Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 a bhaineann le cosc a chur ar gháinneáil ar dhaoine agus leis an troid in éadan an fheiniméin seo agus le cosaint na n-íobartach, a ghlacann áit an Chinnidh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle [IO L 101, 15.4.2011, lch. 1]).

ACHOIMRE

Meastar an gháinneáil ar dhaoine a bheith ar cheann de na cionta coiriúla is tromchúisí go domhanda. Sárú chearta an duine agus foirm nua-aimseartha na daoirse atá inti. Léiríonn an Treoir nua ar ghlac an tAontas Eorpach (AE) léi comhrialacha íosta a shainmhíníonn na cionta a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhaoine agus a chuireann pionós fúthu.

Sainmhínithe

Is inphionóis iad daoine a earcú, a iompar, a aistriú agus a ghlacadh agus cóiríocht a thabhairt dóibh, mar aon le malartú nó aistriú an smachta ar na daoine seo, d’fhonn dúshaothrú a dhéanamh orthu.

Cuimsíonn an dúshaothrú ar a laghad:

  • dúshaothrú an striapachais nó foirmeacha eile dúshaothraithe ghnéasaigh;
  • an obair nó na seirbhísí éigeantacha (agus an déircínteacht, an daoirse agus cleachtaí cosúla léi, an sclábhaíocht, gníomhaíochtaí coiriúla agus baint orgán ina measc).

Is dúshaothrú atá i gceist nuair a chuirtear iallach ar dhuine (foréigean a bhagairt nó a dhéanamh, fuadach, calaois, caimiléireacht, srl.), is cuma ar thug an t-íobartach a thoil nó nár thug.

Más leanbh an t-íobartach (duine faoi bhun 18 bliana d’aois), is ionann na gníomhartha dúshaothraithe seo agus gáinneáil ar dhaoine go huathoibríoch, go fiú murar úsáideadh ceann ar bith de na modhanna thuasluaite.

Pionóis

Is inphionóis an gríosú chun na gáinneála ar dhaoine chomh maith le rannpháirtíocht agus comhpháirtíocht inti agus iarracht uirthi.

Socraíonn an Treoir an pionós uasta faoi na cionta seo ag cúig bliana i bpríosún ar a laghad agus 10 mbliana ar a laghad nuair atá na himthosca géaraitheacha seo a leanas le feiceáil:

  • rinneadh an cion ar íobartaigh a bhí leochaileach go háirithe (bíonn na leanaí sa chatagóir seo i gcónaí);
  • rinneadh an cion i gcomhthéacs eagraíochta coiriúla;
  • cuireadh beatha an íobartaigh, d’aon turas nó de dheasca mórfhaillí, i mbaol leis an gcion;
  • rinneadh an cion trí mheán an fhoréigin throim nó rinneadh díobháil throm don íobartach leis.

Is féidir an milleán a chur ar na daoine dlítheanacha chomh maith más thar a gceann siúd a dhéanann duine na cionta agus cumas bainistíochta aige. Tá sé mar an gcéanna más mar gheall ar theip maoirseachta nó smachta ag an duine sin go bhféadann duine eile atá faoina réir na cionta sin a dhéanamh.

I measc na bpionós ar dhuine dlítheanach tá fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus pionóis eile amhail é a chur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach nó a dhíscaoileadh.

Féadann na Ballstáit cinneadh air gan cúiseamh ná pionós a dhéanamh ar íobartaigh na gáinneála ar dhaoine as páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí coiriúla ar cuireadh iallach orthu a dhéanamh.

Maidir le cúiseamh ar ghníomhaithe na gcionta, tá foráil sa Treoir go bhféadann na Ballstáit a gcuid náisiúnaithe féin a chúiseamh as cionta a rinneadh i dtír eile den AE agus úsáid a bhaint as modhanna fiosrúcháin is dual don troid in éadan na coireachta eagraithe, mar an chúléisteacht teileafóin.

Cabhair agus cúnamh do na híobartaigh agus a gcosaint

Caithfidh na Ballstáit féachaint chuige go dtugtar cabhair agus cúnamh do na híobartaigh roimh na himeachtaí coiriúla, lena linn, agus ina ndiaidh, d’fhonn go bhféadann siad leas a bhaint as na cearta atá acu de dheasca a stádais mar íobartaigh in imeachtaí coiriúla. D’fhéadfadh an cúnamh seo a bheith i bhfoirm lóistín, cúram leighis nó cúnamh síceolaíoch a thabhairt, nó faisnéis agus seirbhísí teangaireachta agus aistriúcháin más gá. Mar íobartaigh leochaileacha go háirithe, caithfear bearta breise a dhéanamh ar son na leanaí, amhail cabhair fhisiceach agus síceasóisialta, rochtain ar an gcóras oideachais agus, más gá, an deis caomhnóir nó ionadaí a ainmniú.

Le linn an fhiosrúcháin agus na n-imeachtaí coiriúla, caithfear cosaint oiriúnach a sholáthar do na híobartaigh, mar atá rochtain ar chabhair agus ar ionadaíocht dhlíthiúil, saor in aisce más gá, agus ar chlár cosanta finnéithe más gá. Caithfear gach sceimhle breise don íobartach a sheachaint, mar shampla gach teagmháil leis an gcúisí a spáráil air. Caithfear bearta sainiúla a dhéanamh ar son na leanaí, go háirithe maidir le tosca a n-éisteacht. Daoine oilte lena leithéid d’obair a dhéanamh a chuirfidh ceisteanna orthu, agus é gan mhoill agus in áit oiriúnach.

Caithfidh rochtain a bheith ag íobartaigh na gáinneála ar dhaoine ar na córais cúitimh d’íobartaigh na coireachta foréigneach d’aonturas.

Cosc

Chun cosc a chur ar an ngáinneáil ar dhaoine, éilíonn an Treoir ar na Ballstáit:

  • an t-éileamh a laghdú tríd an oideachas agus an oiliúint;
  • feachtais eolais agus feasachta a dhéanamh;
  • státseirbhísigh a oiliúint a fhéadfadh a bheith i dteagmháil le híobartaigh na gáinneála;
  • glacadh leis na bearta atá riachtanach chun cion coiriúil a dhéanamh d’úsáid sheirbhísí, idir ghnéasacha agus eile, na ndaoine is íobartach na gáinneála iad.

Ainmníodh comhordaitheoir Eorpach den troid in éadan na gáinneála ar dhaoine d’fhonn cur chuige comhtháite a ráthú maidir leis an troid in aghaidh an fheiniméin seo san AE.

Níl páirt ag an Danmhairg sa Treoir.

Comhthéacs

Toirmisceann an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an gháinneáil ar dhaoine go sainráite, agus d'ainmnigh an AE an troid in éadan an fheiniméin seo ar cheann de na tosaíochtaí ag Clár Stócólm.

Glacann an Treoir nua seo áit an Chinnidh Réime 2002/629/CGB faoin troid in éadan na gáinneála ar dhaoine. Glacann sí le sainmhíniú níos leithne den fheiniméan seo a chuimsíonn cineálacha eile dúshaothraithe.

TAGAIRTÍ

AchtTeacht i bhfeidhmSpriocdháta don trasuí sna BallstáitIris Oifigiúil

Treoir 2011/36/AE

15.4.2011

6.4.2013

IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.

ACHTANNA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, agus Coiste na Réigiún: Straitéis an AE i leith Deireadh a chur le Gáinneáil ar Dhaoine 2012-2016 [COM(2012) 286 deiridh – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].

Cuirtear i láthair sa teachtaireacht straitéis a ceapadh chun díriú ar bhearta nithiúla a thacóidh le trasuí agus feidhmiú Threoir 2011/36/AE, a thabharfaidh breisluach don obair a dhéanann rialtais, eagraíochtaí idirnáisiunta agus an tsochaí shibhialta i dtíortha an AE agus i dtíortha lasmuigh de, agus a chomhlánóidh an obair sin. Aithnítear sa straitéis na cúig thosaíocht seo a leanas mar fhócas don AE:

  • íospartaigh na gáinneála a aithint, a chosaint agus cabhrú leo;
  • cosc níos éifeachtaí a dhéanamh ar gháinneáil ar dhaoine;
  • níos mó daoine a ionchúiseamh as gáinneáil;cur leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na príomhghníomhaithe, agus an beartas a dhéanamh níos comhtháite;
  • cur leis an eolas ar gháinneáil ar dhaoine agus freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar ábhair imní atá ag teacht chun cinn i dtaca le gach cineál gáinneála ar dhaoine.

Mar chuid de na tosaíochtaí thuas, luann an Teachtaireacht bearta éagsúla a bheartaíonn an Coimisiún Eorpach a dhéanamh sna chéad chúig bliana eile, in éineacht le tíortha AE, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, institiúidí AE, gníomhaireachtaí AE, eagraíochtaí idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta i dtíortha lasmuigh den AE, agus an earnáil phríobháideach.

Cinneadh 2007/675/CE ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2007 a chuireann ar bun grúpa saineolaithe ar an ngáinneáil ar dhaoine [IO L 277, 20.10.2007, lch. 29]

Plean an AE maidir leis na cleachtaí, na rialacháin agus na nósanna imeachta is fearr le cosc a chur ar an ngáinneáil ar dhaoine agus le troid ina héadan [IO C 311, 9.12.2005, lch. 1]

Nuashonrú is déanaí: 05.03.2013
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh