RSS
Innéacs A - Z

Comhrac i gcoinne gáinneála ar dhaoine

Ceartas, saoirse agus slándáil

Sárú ar chearta bunúsacha an duine is ea gáinneáil ar dhaoine, is cuma cén chúis atá léi — dúshaothrú gnéasach nó obair. Toisc an éifeacht atá aici ar ghrúpaí leochaileacha, go háirithe mná agus leanaí, dírítear gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh ar chuspóirí a fhéachann leis na grúpaí sin a chosaint agus an feiniméan sin a chosc agus a chomhrac, go háirithe trí chomhar agus comhordú idir údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha na mBallstát. Ar an tslí chéanna, tá creat d’fhorálacha coiteanna á thabhairt isteach ag an AE chun dul i ngleic le saincheisteanna ar leith, coiriúlú agus pionóis nó imthosca géaraitheacha i gcás na gáinneála ar dhaoine, mar shampla. Ar ionstraimí a shainíonn a chuspóirí agus a thosaíochtaí atá gníomhaíocht an AE bunaithe, gníomhaíocht atá ceaptha, leis, le híospartaigh gháinneála a chosaint, ach tá sé comhtháite ar shlí ghinearálta chomh maith leis an gcosaint i gcoinne an fhoréigin, na turasóireachta gnéasaí agus na pornagrafaíochta leanaí.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh