RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta

Ceartas, saoirse agus slándáil

Toisc go gcuireann an sceimhlitheoireacht slándáil, saoirse agus luachanna an Aontais Eorpaigh agus a shaoránaigh i mbaol, féachann gníomhaíocht an AE le freagairt chuí, saincheaptha a sholáthar chun an feiniméan sin a chomhrac. Is iad ceithre cholún chur chuige ginearálta an AE ná coisc, cosain, coinnigh le agus freagair do. Tá an AE ag obair go dian chun gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a chosc agus a smachtú agus chun bonneagair agus saoránaigh a chosaint. Tá sé ag dul i ngleic, chomh maith, le cúiseanna agus acmhainní na sceimhlitheoireachta. Nithe eile atá riachtanach le go mbeidh éifeacht leis an gcomhrac in aghaidh an fheiniméin thrasnáisiúnta seo ná comhordú a bheith ann idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha laistigh den AE mar aon le comhar idirnáisiúnta.
Leag Conradh Amstardam síos an bonn le haghaidh gníomhaíochta ag an AE, gníomhaíocht nach raibh ar siúl ach ag beagán Ballstát ag an am. Tá an AE tar éis an ghníomhaíocht sin a luathú i bhfianaise na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe (sa bhliain 2001) agus san Eoraip (i Maidrid agus i Londain sna blianta 2004 agus 2005).

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh