EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceannacháin arm tine agus seilbh orthu a rialú

ACHOIMRE AR:

Threoir 91/477/CEE — fáil agus seilbh ar airm a rialú

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

  • Leagtar amach sa “Treoir maidir le hAirm Thine” íoschoinníollacha áirithe a bhaineann le cúrsaíocht arm tine sibhialta* san Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa treoir ceithre chatagóir d’airm thine, curtha in ord bunaithe ar a chontúirtí agus atá siad, mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir.

Raon

Ní chuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le haistriú tráchtála arm agus armlón cogaidh ná le fáil agus seilbh ar airm agus armlóin* ag:

  • na fórsaí armtha, na póilíní nó na húdaráis phoiblí;
  • bailitheoirí agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le gnéithe cultúrtha agus stairiúla arm, agus a aithnítear mar sin ag tíortha AE ina bhfuil siad bunaithe.

Níl tionchar ag an treoir ar fheidhmiú forálacha náisiúnta a bhaineann le hiompar arm, le sealgaireacht ná le lámhach targaidí.

Pas arm tine

Eisítear pas arm tine Eorpach ag na húdaráis i dtír AE do dhuine ar bith a ghlacann seilbh ar, agus a úsáideann arm tine go dleathach. Ní mór don phas a bheith i seilbh i gcónaí ag an duine a úsáideann an t-arm tine nó na hairm thine atá liostaithe air.

Aithint agus rianú

  • Ní mór gach arm tine agus bunphacáiste armlóin a mharcáil le linn na monaraíochta.
  • Ní mór do thíortha AE córas ríomhairithe comhdúcháin sonraí a chur ar fáil chun na hairm thine seo a chlárú. Ní féidir ach le húdaráis údaraithe an clár a rochtain.
  • Is féidir le tíortha AE córas a chur ar bun chun gníomhaíochtaí bróicéirí* a rialú. Ní mór do dhéileálaithe* clár arm tine a choimeád, ina gcláraítear na hairm thine go léir a fhaigheann siad nó a chuireann siad de láimh le linn a dtréimhse gníomhaíochta.

Díol, fáil agus seilbh

  • Tá freagracht ar thíortha AE as díol, fáil agus seilbh ar na hairm sin; ach ní mór do na rialacha a chuirtear i bhfeidhm a bheith laistigh de raon rialacha na treorach seo.
  • Bainfidh na socrúcháin chéanna le fáil agus le seilbh ar armlón is a bhaineann le seilbh ar an arm tine a ceapadh an t-armlón ina leith.

Tá cead ag duine arm tine a fháil agus seilbh a bheith aige/aici ar an arm tine sin:

  • nuair atá cúis mhaith le fáil nó le seilbh ar arm tine (e.g. bailitheoir dlisteanach nó duine a bhfuil baint acu le cumann chleachtas lámhaigh);
  • más duine 18 mbliana d’aoisnó níos sine atá ann , cé nach gá cloí leis an riail seo maidir le hairm thine a úsáidtear le haghaidh sealgaireachta agus lámhach targaidí (e.g. is féidir le daoine atá níos óige ná 18 mbliana d’aois gunnaí a úsáid i gcásanna áirithe le haghaidh na sealgaireachta agus an chleachtais lámhaigh faoi threoir tuismitheora/aosaigh a bhfuil ceadúnas arm tine aige/aici, nó ag ionad ceadaithe oiliúna);
  • sa chás nach bhfuil sé sin contúirteach dó/di féin nó don phobal.

Ceadúnú

Is féidir ceadúnas ilbhliantúil a thabhairt dóibh siúd a chloíonn leis na ceanglais a bhaineann le fáil agus le seilbh ar arm tine. Sa chás sin, ní mór cloí le foirmiúlachtaí áirithe:

  • má bhogtar an t-arm tine, ní mór é sin a chur in iúl do na húdaráis inniúla;
  • ní mór scrúduithe a dhéanamh go rialta chun a fháil amach an bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh go fóill ag an duine sin; agus
  • ní mór cloí leis na huasteorainneacha ama a leagtar amach faoin dlí náisiúnta.

Chun gluaiseachtaí armlón in AE a rialú, leagtar síos sa treoir nósanna imeachta maidir leis na nithe seo a leanas:

  • aistriú críochnaitheach arm ó thír AE amháin go dtí tír AE eile;
  • aistriú sealadach arm (turais) trí dhá thír AE nó níos mó;
  • cuirtear na foirmiúlachtaí sin i bhfeidhm maidir le hairm thine, gan airm chogaidh a chur san áireamh.

Ról thíortha anAontaisEorpaigh

  • Cuireadh grúpa teagmhála ar bun in 2009 chun cabhrú le faisnéis a mhalartú idir tíortha AE.
  • Níl tionchar ag an treoir ar cheart thíortha AE chun bearta a ghlacadh a chuireann cosc ar thrádáil neamhdhleathach in airm.

Athbhreithniú agus tograí

Cuireadh tuarascáil maidir le feidhmiú na treorach seo i láthair i mí na Samhna 2015 ag an gCoimisiún Eorpach mar chuid de phacáiste de bhearta arm tine, pacáiste a raibh togra ann chun an Treoir maidir le hAirm Thine a athbhreithniú.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 17 Deireadh Fómhair 1991. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 1993.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Arm tine: arm iniompartha bairille a dhíchuireann urchar, piléar nó diúracán trí thiomántán inlasta a úsáid, a ceapadh lena leithéid de rudaí a dhíchur nó ar féidir é a athrú chun a leithéid de rudaí a dhíchur.

* Armlón: urchar iomlán nó comhpháirteanna urchar, lena n-áirítear cásanna cartúis, príméalaigh, púdar tiomántáin, piléir nó diúracáin, a úsáidtear in arm tine.

* Bróicéir: duine nádúrtha nó dleathach, ach amháin déileálaí, a dhéanann trádáil nó a bhaineann a ghnó, go hiomlán nó go páirteach, le hairm a cheannach nó a dhíol nó le haistriú arm a eagrú.

* Déileálaí: duine nádúrtha nó dleathach a dhéanann trádáil nó a bhaineann a ghnó, go hiomlán nó go páirteach, le hairm thine, le páirteanna agus le harmlón a mhonarú, a thrádáil, a mhalartú, a ligean ar cíos, a dheisiú nó a thiontú.

GNÍOMH

Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus le seilbh ar airm a rialú (IO L 256, 13.9.1991, lgh. 51-58)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 91/477/CEE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Measúnú ar Threoir 91/477/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991, arna leasú le Treoir 2008/51/CE an 21 Bealtaine 2008, maidir le fáil agus seilbh ar airm a rialú (COM(2015) 751 final an 18.11.2015)

Nuashonraithe 17.03.2016

Top