RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe

Ceartas, saoirse agus slándáil

Cuireann an choireacht eagraithe geilleagar agus sochaí na hEorpa i mbaol. Tá freagairt an Aontais Eorpaigh ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe oiriúnaithe do chastacht an fheiniméin seo agus dírítear é ar an ngáinneáil ar dhaoine, ar airm agus ar dhrugaí agus ar choireacht eacnamaíoch agus airgeadais, ar chaimiléireacht agus ar sciúradh airgid. Cuimsíonn sé chomh maith diminsin nua na coireachta eagraithe, rudaí ar nós na cibearchoireachta agus na coireachta comhshaoil.
Clúdaíonn an cur chuige comhtháite a threoraíonn gníomhaíocht an AE an réimse iomlán ó chosc go forfheidhmiú dlí. Comhar éifeachtach idir údaráis na mBallstát is bunús leis, go háirithe idir ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear malartú faisnéise agus cúnamh frithpháirteach in urghabhálacha agus i gcoigistiú. Comhrac domhanda is ea an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, agus tá tionchar aige ar réimsí éagsúla de ghníomhaíocht agus de bheartais an AE.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh