EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dlí an Aontais Eorpaigh i gcoinne coireacht chomhshaoil

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/99/CE — cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Sainítear inti líon cionta tromchúiseacha a dhéanamh díobháil don chomhshaol.
  • Ceanglaítear lé ar Bhallstáit AE pionóis éifeachtacha agus chomhréireacha a thabhairt isteach a bheidh ina ndíspreagadh le haghaidh cionta dá leithéid, beag beann ar cibé an ndéantar d’aon toil nó trí neamart tromchúiseach iad.

PRÍOMHPHOINTÍ

Áirítear ar chineálacha iompair neamhdhleathaigh* iompar a dhéanann díobháil do shláinte an duine nó don chomhshaol atá faoi réir pionós:

  • ábhair dhainséaracha a scaoileadh, a astú nó a ligean isteach ar shlí eile san aer, san ithir nó san uisce;
  • dramhaíl ghuaiseach a bhailiú, a iompar, a aisghabháil nó a dhiúscairt;
  • méideanna móra dramhaíola a sheoladh;
  • gléasra tionsclaíoch a oibriú ina mbíonn gníomhaíochtaí dainséaracha ag tarlú nó substaintí dainséaracha a stóráil (e.g. monarchana a tháirgeann péinteanna nó ceimiceáin);
  • ábhair núicléacha agus ábhair radaighníomhacha guaiseacha a mhonarú, a chóireáil, a stóráil, a úsáid, a iompar, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a dhiúscairt;
  • líon suntasach speiceas ainmhithe agus plandaí faoi chosaint a mharú, a sheilbh nó a gháinneáil;
  • damáiste a dhéanamh do ghnáthóga faoi chosaint;
  • substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (e.g. ceimiceáin i múchtóirí dóiteáin nó tuaslagóirí glantacháin) a tháirgeadh, a thrádáil nó a úsáid.

Pionóis

  • Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ngabhfaidh na pionóis choiriúla éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheidh ina ndíspreagadh agus infheidhme ar dhaoine aonair leis na cionta nó cineálacha iompair neamhdhleathaigh atá liostaithe in Airteagal 3 den treoir.
  • Ní mór do thíortha AE a dhearbhú gur féidir le daoine dlítheanacha* a chur faoi dhliteanas má dhéanann daoine aonair ag gníomhú in ardseasamh cionta dá dtairbhe bunaithe ar chumhacht ionadaíochta, nó údaráis chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh nó smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach. Beidh daoine dlítheanacha faoi dhliteanas chomh maith má rabhthas ábalta an cion a dhéanamh mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag an duine aonair sin in ardseasamh.
  • Maidir le dliteanas daoine dlítheanacha ní eisiaitear imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha ar déantóirí na coire, gríosóirí nó cúlpháirtithe iad sa chion dá dtagraítear sa treoir.
  • Ag brath ar an gcóras dlí atá infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann, d’fhéadfadh dliteanas na ndaoine dlítheanacha a bheith ina dhliteanas coiriúilneamhchoiriúil.
  • Forbraítear an treoir seo ar Threoir 2004/35/CE (féach an achoimre), lena leagtar síos rialacha maidir le dliteanas an chomhshaoil i dtaca le díobháil don chomhshaol a chosc agus a leigheas.
  • Tá na Ballstáit freagrach as coireacht chomhshaoil a ionchúiseamh. Toisc go bhfuil na córais dlí éagsúil i measc na mBallstát, is féidir le coirpigh feidhm a bhaint as easpa comhair agus comhordaithe ar bith idir údaráis náisiúnta. Tá ról tábhachtach ag líonra gairmithe comhshaoil, amhail Líonra an Aontais Eorpaigh um Chur i nGníomh agus um Fhorfheidhmiú Dhlí na Timpeallachta, Fóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol agus an Líonra Eorpach um Ionchúisitheoirí don Chomhshaol, maidir leis an dea–chleachtas a chomhroinnt agus modheolaíochtaí a fhorbairt le haghaidh forfheidhmiú éifeachtach.

Athbhreithniú

Tá an treoir á hathbhreithniú faoi láthair.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 26 Nollaig 2008 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 26 Nollaig 2010.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Neamhdhleathach. Sa chomhthéacs seo, ciallaíonn sé sárú ar dhlíthe AE nó ar dhlíthe náisiúnta lena dtugtar éifeacht do reachtaíocht AE dá dtagraítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/99/CE.
Duine dlítheanach. Eintiteas neamhdhaonna, amhail cuideachta, a gcaitear leis/léi mar dhuine chun críocha teoranta dlí. Féadfaidh duine dlítheanach cás a thabhairt, féadfar cás a thabhairt ina choinne/coinne, réadmhaoin a bheith aige/aice agus dul isteach i gconarthaí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lgh. 28–37).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 56–75).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/35/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 14.02.2022

Top