RSS
Innéacs A - Z

Ceartas, saoirse agus slándáil: méadú

Ceartas, saoirse agus slándáil

Cuid d'acquis an Chomhphobail is ea an limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Maidir leis seo, ní mór do thíortha a dhéanann iarratas ar dhul isteach san Aontas Eorpach (AE) na bearta atá riachtanach chun ailíniú le corpas dhlíthe agus chleachtais an AE, a ghlacadh agus a fheidhmiú. Ar na réimsí sin tá bainistíocht teorann, ceartas sibhialta agus comhrac na ndrugaí, na coireachta eagraithe agus an sciúrtha airgid.
Tá glacadh
acquis iomlán Schengen intuigthe chomh maith in aontachas leis an AE. Mar sin féin, ní chiallaíonn ballraíocht den AE go gcuirtear deireadh láithreach le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha le baill eile de limistéar Schengen. Ní mór don Chomhairle cinneadh a ghlacadh a luaithe a bhíonn na coinníollacha le haghaidh chur i leataobh na rialuithe comhlíonta.

Féach leis

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh