RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Idirdhealú a chomhrac

Ceartas, saoirse agus slándáil

Téann an tAontas Eorpach (AE) i ngleic le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois agus ar threoshuíomh gnéasach. Lena chois sin, coisceann na Conarthaí gach idirdhealú ar fhorais náisiúntachta. Daingnítear tuilleadh an ceart seo ar neamh-idirdhealú sa Chairt um Chearta Bunúsacha, a bhfuil an tábhacht dlí céanna léi is atá leis na Conarthaí.
Tionscnaíodh creat dlí an AE maidir le neamh-idirdhealú sa bhliain 2000. Trí threoir atá ann, is iad sin comhionannas beag beann ar bhunadh ciníoch nó eitneach, comhionannas san fhostaíocht agus comhionannas idir fir agus mná lasmuigh den mhargadh saothair. Cuidíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí agus le húdaráis an Aontais le dlí an AE ar neamh-idirdhealú a chur chun feidhme. Clár Progress 2007-13 a sholáthraíonn an cúnamh airgeadais.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh