RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Margadh aonair le haghaidh seirbhísí

Margadh inmheánach

Is ionann seirbhísí agus breis is 70 % de ghníomhaíocht eacnamaíoch na mBallstát agus cion comhchosúil den fhostaíocht. Mar sin tá an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus saoirse bhunaíochta, mar atá leagtha amach in Airteagail 49 agus in Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ríthábhachtach d'oibriú réidh an mhargaidh aonair. Ar an tslí seo féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha coinneáil le gníomhaíocht chobhsaí, leanúnach i mBallstát amháin nó níos mó agus/nó seirbhísí sealadacha a thairiscint i mBallstát eile gan iachall orthu a bheith bunaithe ansin. Mar sin tá an tAontas Eorpach ag díriú ar chreataí a sholáthar i gcomhair an dá phrionsabal sin chun feidhmiú réidh an mhargaidh aonair i gcomhair seirbhísí, agus go háirithe seirbhísí trasteorann, a ráthú. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an AE maidir le seirbhísí áirithe. Rud eile de, ghlac sé in 2006 an Treoir "Seirbhísí" a fhéachann le deireadh a chur le bacainní ar thrádáil agus ar sheirbhísí, agus oibríochtaí trasteorann a éascú.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh