EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID) agus seirbhísí infheistíochta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2004/39/CE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé ceaptha chun sraith rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le seirbhísí infheistíochta agus margaí rialáilte a neartú chun 2 phríomhchuspóir a bhaint amach:

  • infheisteoirí a chosaint agus sláine an mhargaidh a chosaint trí cheanglais chomhchuibhithe a bhunú lena rialaítear gníomhaíochtaí idirghabhálaithe údaraithe.
  • margaí airgeadais atá cóir, trédhearcach, éifeachtach agus comhtháite a chur chun cinn.

PRÍOMHPHOINTÍ

Coinníollacha agus nósanna imeachta um údarú

  • Ceanglaítear leis an treoir ar thíortha AE rialacha lena rialaítear seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a chomhchuibhiú. Chun na críche sin, ní mór do thíortha AE córas um údarú a bhunú trína mbeidh gnólachtaí infheistíochta ábalta oibriú ar fud AE. Ní mór do na gnólachtaí sin a bheith cláraithe agus ní mór don chlár a bheith ar fáil don phobal. Tugtar fógra faoi gach údarú don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM).
  • Is féidir le ÚEUM dréachtchaighdeáin teicniúla rialála a fhorbairt. Ina theannta sin, cuidíonn sé leis an gCoimisiún Eorpach ina chaidreamh le tíortha neamh-AE agus lena margaí a mheasúnú.
  • I bhfocail eile, ní mór go mbeidh gnólachtaí infheistíochta, bainc agus stocmhalartáin ábalta faoin treoir a seirbhísí a thairiscint trasna teorainneacha ar bhonn an údaraithe arna eisiúint ag údarás inniúil a dtíre dúchasaí. Ó tharla go bhfuil údarú faoi réir na gcoinníollacha céanna i ngach tír AE, cuirtear comhchuibhiú na rialacha lena rialaítear gnólachtaí infheistíochta chun cinn léi.
  • Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe leis an treoir na rialacha náisiúnta lena rialaítear soláthar seirbhísí infheistíochta agus oibriú stocmhalartán a ailíniú, agus is é an aidhm dheiridh “leabhar Eorpach aonair um rialacha urrús” a chruthú. Téann sé chun leasa infheisteoirí, eisitheoirí agus geallsealbhóirí margaidh eile trí mhargaí éifeachtacha agus iomaíocha a chur chun cinn.

Measúnú stuamachta

  • Bunaítear leis an treoir seo chomh maith comhchuibhiú na rialacha um measúnú nós imeachta agus critéar maidir le sealúchas cáilitheach a éadáil*. Tá sé mar aidhm léi an méid seo a leanas a chomhchuibhiú:
    • na tairseacha fógra maidir le héadáil atá beartaithe nó diúscairt sealúchais cháilithigh;
    • nósanna imeachta um measúnú; agus
    • liosta na gcritéar um measúnú.
  • I gcomhthéacs na héadála atá beartaithe, comhlíonann measúnú stuamachta na scairshealbhóirí agus na bainistíochta critéir mhionsonraithe agus déantar é i gcomhpháirt leis na húdaráis inniúla.
  • Luaitear go sonrach sa treoir go ndéanann na húdaráis inniúla breithiúnas maidir le hoiriúnacht an fhaighteora atá beartaithe agus maidir le fóntacht airgeadais na héadála atá beartaithe ar bhonn:
    • cáil agus taithí iad siúd a threoraíonn gnó na cuideachta árachais atá sa tóir ar an éadáil atá beartaithe;
    • fóntacht airgeadais an fhaighteora atá beartaithe;
    • tá forais réasúnacha ann le hamhras a bheith ann go bhfuil oibríocht nó iarracht á déanamh chun airgead a sciúradh nó chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú.

Cosaint infheisteoirí

  • Cuirtear feabhas suntasach leis an treoir ar chosaint infheisteoirí trí rialacha um iompar gnó a leagan síos maidir le seirbhísí infheistíochta a sholáthar do chliaint agus íoschaighdeáin a leagan síos maidir leis an sainordú agus na cumhachtaí ar gá iad a bheith ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta. Bunaítear sásraí éifeachtacha inti chomh maith le haghaidh comhar réad-ama maidir le sáruithe ar na rialacha a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Trédhearcacht agus sláine an mhargaidh

  • Cruthaítear sa treoir oibleagáid maidir le sláine an mhargaidh a chosaint, idirbhearta a thuairisciú agus taifid a choinneáil. Tá rochtain ag ÚEUM ar an bhfaisnéis sin.
  • Go sonrach, bunaítear léi oibleagáid um thrédhearcacht réamhthrádála. Ceanglaítear leis sin ar “ inmheánaitheoirí” (i.e. gnólachtaí a dhéileálann ar a gcuntas féin trí orduithe cliant a fhorghníomhú lasmuigh de mhargaí rialáilte nó de shaoráidí trádála iltaobhacha) na praghsanna ar a dtoilíonn siad ceannach óna gcliaint agus/nó díol lena gcliaint a nochtadh. Cuireann sí teorainn, áfach, ar an oibleagáid um nochtadh d’idirbhearta nach bhfuil níos mó ná an méid caighdeánach margaidh, rud a shainítear mar mheánmhéid na n-orduithe arna bhforghníomhú sa mhargadh.
  • Ciallaíonn sé sin nach bhfuil bróicéirí-déileálaithe mórdhíola Eorpacha faoi réir na rialach um thrédhearcacht réamhthrádála agus nach bhfuil siad nochta do rioscaí suntasacha ina ról mar chruthaitheoirí margaidh.
  • Tá gach tír AE freagrach as liosta margaí rialáilte a bhunú agus é sin a chur in iúl do thíortha AE eile agus do ÚEUM.

Cosaint oibreoirí

  • Áirítear sa treoir sraith beart cosanta do “inmheánaitheoirí córasacha” nuair atá oibleagáid orthu praghsanna a lua, ionas go mbeidh siad ábalta an tseirbhís riachtanach a sholáthar do chliaint gan rioscaí neamh-inmhianaithe a bheith ann. Áirítear ar na bearta sin an fhéidearthacht maidir le praghsanna luaite a thabhairt cothrom le dáta agus a aistarraingt.
  • Bunaítear sa treoir chomh maith margadh cóir d’infheisteoirí miondíola. Cuirtear cosc léi ar institiúidí airgeadais idirdhealú a dhéanamh idir na hinfheisteoirí sin, e.g. trí fheabhsuithe ar phraghsanna a luaitear go poiblí a thairiscint do chuid dóibh.

Údaráis inniúla a cheapadh

  • Ní mór do thíortha AE a n-údaráis inniúla a cheapadh agus an fhaisnéis riachtanach a chur chuig an gCoimisiún, ÚEUM agus údaráis inniúla na dtíortha AE eile. Gníomhaíonn na húdaráis inniúla mar phointe teagmhála i dtíortha AE. Coinníonn ÚEUM liosta de na húdaráis sin cothrom le dáta. Ceanglaítear ar na húdaráis sin comhoibriú go dlúth le ÚEUM.
  • Féadfaidh tíortha AE agus ÚEUM comhaontuithe comhair a chur i gcrích maidir le:
    • maoirseacht ar institiúidí creidmheasa;
    • na nósanna imeachta maidir le leachtú agus féimheacht gnólachtaí;
    • na nósanna imeachta maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais na ngnólachtaí infheistíochta;
    • maoirseacht ar chomhlachtaí atá bainteach leis na nósanna imeachta maidir le leachtú agus féimheacht gnólachtaí;
    • maoirseacht ar dhaoine a bhfuil an dualgas orthu iniúchtaí a dhéanamh ar chuntais na ngnóthas árachais, institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí airgeadais eile.

Rialacha breise

  • Tá an treoir ceaptha chun feabhas a chur ar rialacha AE maidir le margaí urrús. Dá bhrí sin leagtar amach na hoibleagáidí ginearálta inti nach mór d’údaráis thíortha AE a fhorfheidhmiú.
  • Glacann an Coimisiún bearta cur chun feidhme, tuarascálacha agus athbhreithnithe i ndiaidh comhairliúchán le rannpháirtithe margaidh ó thíortha AE agus ag cur san áireamh tuairim ÚEUM.

Athmhúnlú

Tugadh Treoir 2004/39/CE cothrom le dáta le Treoir 2014/65/AE (“MiFID II”), chun na leasuithe suntasacha a rinneadh ar an téacs a chorprú inti thar am.

Mar aon le Rialachán (AE) 600/2014, a ngníomhartha tarmligthe agus rialacháin tarmligthe, cuirfear Treoir 2014/65/AE in aonad na treorach seo ón 3 Eanáir 2018 i leith. (Bhí Treoir 2014/65/AE le teacht i bhfeidhm i dtosach ón 3 Eanáir 2017 ach cuireadh an dáta sin siar bliain amháin go dtí an 3 Eanáir 2018 le Treoir (AE) 2016/1034).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 30 Aibreán 2004. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Eanáir 2007.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sealúchas cáilitheach: sealúchas díreach nó indíreach ar bith i ngnólacht infheistíochta arbh ionann é agus 10% nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála nó lenar féidir tionchar suntasach a fheidhmiú ar lucht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) Uimh. 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE agus Treoir 93/6/CE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lgh. 1–44)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin comhleanúnacha ar Threoir 2004/39/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349–496)

Féach an leagan comhdhlúite

Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cúlchistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lgh. 1–73)

Féach an leagan comhdhlúite

Treoir 2006/73/CE ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear i ngníomh Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais eagrúcháin agus dálaí oibríochta i gcomhair gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí mínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lgh. 26–58)

Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear i ngníomh Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ghlacadh chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lgh. 1-25)

Nuashonraithe 11.10.2016

Top