RSS
Innéacs A - Z

Seirbhísí airgeadais: creat ginearálta

Margadh inmheánach

Ciallaíonn lánpháirtiú na margaí airgeadais gur éifeachtaí an tslí ar féidir caipiteal a leithdháileadh, rud a chuidíonn le feidhmíocht eacnamaíoch san fhadtéarma. Tá creat reachtach bunaithe ag an Aontas Eorpach atá dírithe ar neartú na hearnála seirbhísí airgeadais, go háirithe, chun cur le feidhmíocht na n-oibreoirí airgeadais agus ar mhaithe le leachtacht, iomaíocht agus cobhsaíocht airgeadais a threisiú.
Tá údar imní i bpáirt ag an mbeartas Eorpach ar sheirbhísí airgeadais agus ar shaorghluaiseacht caipitil maidir le slándáil gníomhaíochta caipitil a éascú agus a fheabhsú. Eascraíonn saincheisteanna mar seo ó nádúr trasteorann na gníomhaíochta seo, agus lena chois sin ón mborradh atá faoi sheirbhísí bunaithe ar na nuatheicneolaíochtaí.
Trí phríomhearnáil is ea a chlúdaíonn an beartas seirbhísí airgeadais: an córas baincéireachta, árachas agus urrúis. Seachas rialacha a leagan síos le haghaidh oibreoirí agus infheisteoirí (bainc, árachas agus urrúis), tá sé i gceist ag an Aontas chomh maith cosaint níos mó a thabhairt do thomhaltóirí i réimsí ar leith ar nós seirbhísí airgeadais miondíola.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh