EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Borradh a chur faoi fhorfheidhmiú reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le hoibrithe a chur i gceann poist

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar

Treoir 2014/67/AE maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar

Treoir (AE) 2020/1057 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostáil san earnáil iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

CAD IS AIDHM LEIS NA TREORACHA?

  • Dréachtaítear le Treoir 96/71/CE liosta de na dálaí oibre is gá d’fhostóir a dheonú dá chuid oibrithe a phostaítear thar lear go sealadach sa tír ina bpostaítear iad (tír ósta). Is é an aidhm atá leis cosaint oibrithe a ráthú chomh maith le cothrom na Féinne a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhíse.
  • Tá sé mar aidhm le Treoir 2014/67/AE cur chun feidhme agus forfheidhmiú Threoir 96/71/CE a fheabhsú. Pléann sé le saincheisteanna amhail mí-úsáid agus sárú rialacha postaithe, dliteanas comhpháirteach i slabhraí fochonraitheoireachta agus comhroinnt faisnéise idir tíortha AE.
  • Nuashonraítear agus leasaítear Treoir 96/71/CE le Treoir leasaitheach (AE) 2018/957. Leagtar síos leis rialacha maidir le dálaí oibre agus cosaint sláinte agus sábháilteachta na n–oibrithe a phostaítear, agus féachtar leis chun pá cóir agus cothrom na Féinne a chinntiú idir postú agus cuideachtaí áitiúla sa tír ósta, agus prionsabal na saorghluaiseachta seirbhísí a choinneáil ag an am céanna.
  • Leagtar síos le Treoir (AE) 2020/1057 rialacha sonracha maidir le tiománaithe gairmiúla a phostáil san earnáil iompair tráchtála de bhóthar agus maidir leis na rialacha sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Soláthraítear leis an treoir na rialacha atá in oiriúint ar bhealach níos fearr do chineál an–soghluaiste na hoibre san earnáil iompair de bhóthar. Tá sé mar aidhm léi fáil réidh leis na neamhréireachtaí i léirmhíniú, cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme thíortha AE maidir leis na rialacha i ndáil le hoibrithe a phostáil san earnáil iompair de bhóthar. Tá sé deartha chun earnáil an iompair de bhóthar a dhéanamh cothrom, éifeachtach agus cuntasach go sóisialta, agus ag an am céanna níos mó cinnteacht dhlíthiúil a chur ar fáil, an t–ualach riaracháin ar oibreoirí iompair a laghdú agus saobhadh iomaíochta a chosc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Treoir 96/71/CE

  • Tá feidhm ag Treoir 96/71/CE maidir le gnóthais a phostaíonn oibrithe i gcríoch tíre AE, agus seirbhísí trasnáisiúnta á soláthar, ar an gcoinníoll go bhfuil caidreamh fostaíochta idir an gnóthas a dhéanann an postú agus an t-oibrí féin le linn na tréimhse postaithe. Is ionann “oibrí ar postú” agus oibrí a oibríonn, ar feadh tréimhse teoranta, ar chríoch tíre AE seachas an ceann ina n-oibríonn siad de ghnáth.
  • Chun cearta oibrithe ar postú a chosaint tá Treoir 96/71/CE ann sa chás go n-úsáideann cuideachtaí an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus chun feidhmiú na saoirse sin a éascú, agus cuimsítear leis an Treoir príomhchoinníollacha fostaíochta a chaithfear a chur i bhfeidhm ar oibrithe ar postú sa tír ósta, amhail:
    • uastréimhsí oibre agus íostréimhsí sosa;
    • íos-saoirí bliantúla íoctha;
    • íosrátaí pá is infheidhme, rátaí ragoibre san áireamh;
    • sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas ag an obair.

Treoir 2014/67/AE

Cosc, faireachán agus smachtbhanna níos fearr ar aon mhí–úsáid ar na rialacha is infheidhme

  • Chun cabhrú le mí–úsáid agus imchéimniú na rialacha a chomhrac (mar shampla, trí chuideachtaí caocha*), cuimsítear i dTreoir 2014/67/AE liosta de ghnéithe fíorasacha d’fhonn cabhrú lena mheasúnú an gcáilíonn cás ar leith mar phostáil dhílis nó nach gcáilíonn.
  • Ar mhaithe le níos mó cinnteacht dhlíthiúil, leagtar síos i dTreoir 2014/67/AE liosta de bhearta rialaithe náisiúnta a mheastar a bheith inchosanta agus comhréireach agus a fhéadfar a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Threoir 96/71/CE agus na treorach forfheidhmithe (Treoir 2014/67/AE) féin.
  • Chun cosaint ar chearta oibrithe i slabhraí fochonraitheoireachta a mhéadú, ní mór do thíortha AE a chinntiú gur féidir le hoibrithe a phostaítear in earnáil na foirgníochta an conraitheoir i gcaidreamh díreach fochonraitheora a chur faoi dhliteanas i leith aon ghlan-luach saothair gan íoc a fhreagraíonn do na híosrátaí pá, i dteannta an fhostóra nó ina áit. In ionad na rialacha dliteanais sin, féadfaidh tíortha AE bearta forfheidhmithe iomchuí eile a ghlacadh.

Rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis

  • D’fhonn feasacht agus trédhearcacht a mhéadú, tá sé de dhualgas ar thíortha AE aon fhaisnéis ar théarmaí agus ar choinníollacha fostaíochta agus ar chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú a chur ar fáil saor in aisce ar shuíomh gréasáin náisiúnta oifigiúil aonair. Ní mór an fhaisnéis a phoibliú i dteanga oifigiúil/i dteangacha oifigiúla na tíre óstaí agus sna teangacha is ábhartha, agus an t–éileamh ar a margadh saothair á chur san áireamh.

Comhar riaracháin feabhsaithe

  • Cuimsítear le Treoir 2014/67/AE rialacha níos soiléire le comhar riaracháin a fheabhsú freisin idir údaráis náisiúnta atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh, lena n-áirítear teorainneacha ama chun faisnéis a sholáthar. Tagann Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (an rialachán IMI) i bhfeidhm anseo. Is uirlis leictreonach ilteangach é an córas IMI trínar féidir le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla cumarsáid a dhéanamh go tapa agus go héasca lena gcomhghleacaithe in AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua maidir le dlí margaidh inmheánaigh an Aontais.
  • Cinntítear le Treoir 2014/67/AE freisin gur féidir pionóis agus fíneálacha riaracháin a ghearrtar ar sholáthraithe seirbhíse as mainneachtain na rialacha is infheidhme i dtír amháin AE a urramú a fhorfheidhmiú agus a aisghabháil i dtír eile.

Treoir Leasaitheach (AE) 2018/957

Tugtar isteach roinnt rialacha nua le Treoir Leasaitheach (AE) 2018/957:

  • baineann na rialacha céanna maidir le luach saothair le hoibrithe ar postú agus le hoibrithe áitiúla sa tír ósta;
  • measfar go bhfuil oibrí ar postú go fadtéarmach tar éis 12 mhí (agus an fhéidearthacht go ndéanfar síneadh 6 mhí faoi réir fógra spreagtha ag an soláthraí seirbhíse), agus ina dhiaidh sin beidh an t–oibrí ar postú faoi réir beagnach gach gné de dhlí an tsaothair sa tír óstach;
  • féadfar líon na gcomhaontuithe comhchoiteanna féideartha a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm i dtíortha AE a bhfuil córas acu chun comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána a bhaineann le cur i bhfeidhm uilíoch a mhéadú;
  • ní mór do ghníomhaireachtaí oibre sealadacha na téarmaí agus na coinníollacha céanna a ráthú d’oibrithe ar postú agus a bhaineann le hoibrithe sealadacha a fhostaítear sa tír ina ndéantar an obair;
  • comhar feabhsaithe idir údaráis thíortha AE maidir le mí–úsáid agus imchéimniú rialacha i gcomhthéacs an phostaithe.

Treoir (AE) 2020/1057

I measc na n–athruithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2020/1057 tá an méid seo a leanas:

  • eisceacht ó na rialacha ginearálta postála a bhaineann le cabatáiste agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta, seachas oibríochtaí iompair idirthurais, “oibríochtaí déthaobhacha iompair” (in iompar earraí agus iompar paisinéirí araon) agus oibríochtaí déthaobhacha le 2 stad bhreise a bhaineann le hiompar — tá an eisceacht sin teoranta do cásanna ina bhfuil conradh seirbhíse idir an fostóir a sheolann an tiománaí agus páirtí atá ag feidhmiú i dtír óstach AE;
  • rialacha riaracháin a bhaineann le tiománaithe a phostáil, rialú agus forfheidhmiú — ní mór d’oibreoirí iompair an córas IMI a úsáid chun dearbhuithe postála agus aon fhaisnéis iarrtha a sheoladh;
  • pionóis i gcás sáruithe;
  • “forfheidhmiú cliste”, lena héilítear ar thíortha AE rialú na rialacha postála a chomhtháthú i straitéis rialaithe fhoriomláin;
  • rialacha lena n–áirithítear nach mbeidh buntáiste iomaíoch d’oibreoirí neamh–AE ar mhargadh iompair de bhóthar an Aontais Eorpaigh mar thoradh ar rialacha postála do thiománaithe AE a neartú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREORACHA?

  • Treoir 96/71/CE i bhfeidhm ón 10 Feabhra 1997 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 16 Nollaig 1999.
  • Tá feidhm le Treoir 2014/67/AE ón 17 Meitheamh 2014 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 18 Meitheamh 2016.
  • B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir leasaitheach (AE) 2018/957 i dtíortha AE faoin 30 Iúil 2020. Mar sin féin, ní bheidh feidhm aici ach maidir leis an earnáil iompair de bhóthar ó dháta cur i bhfeidhm gnímh reachtaigh a glacadh chun Treoir 2006/22/CE agus Treoir 2014/67/AE a leasú maidir le postáil tiománaithe san earnáil iompair de bhóthar. Is é seo Treoir (AE) 2020/1057, a bheidh i bhfeidhm ón 2 Feabhra 2022.
  • Ní mór dlí a dhéanamh de Threoir (AE) 2020/1057 i dtíortha AE faoin 2 Feabhra 2022.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cuideachtaí caocha: cuideachtaí a bunaíodh a fhéachann le tairbhe a bhaint as bealaí éalaithe sa reachtaíocht agus nach gcuireann aon tseirbhís ar fáil do chliaint iad féin, ach seachas sin soláthraíonn siad éadan le haghaidh seirbhísí a sholáthraíonn a n–úinéirí (An Coimisiún Eorpach in COM(2013) 122 críochnaitheach).

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le postú oibrithe faoi chuimsiú sholáthar seirbhísí (IO L 18, 21.1.1997, lgh 1-6)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 96/71/CE a chorprú sa bhunthéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostáil faoi chuimsiú soláthar seirbhísí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“an Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lgh. 11-31)

Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lgh. 49-65)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lgh. 17-32)

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiúin (“an Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lgh 1-11)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le híoschoinníollacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE (IO L 102, 11.4.2006, lgh. 35-44)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 13.10.2020

Top