EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aireagáin Bhiteicneolaíocha: cosaint dlí

ACHOIMRE AR:

Threoir 98/44/CE — cosaint dlí aireagán biteicneolaíoch

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Déantar dlíthe náisiúnta na bpaitinní maidir le haireagáin bhiteicneolaíocha a chomhchuibhiú léi.

Sonraítear na haireagáin sin inti is féidir a phaitinniú ar fhorais eiticiúla agus iad siúd nach féidir.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is féidir na haireagáin a bhaineann le táirge ina gcuimsítear, nó ina bhfuil, ábhar bitheolaíoch* nó próiseas do tháirgeadh ábhair bhitheolaíoch dá leithéid a phaitinniú má tá siad úr, má bhaineann siad le céim airgtheach agus más féidir iad a chur i bhfeidhm go tionsclaíoch.
  • Ní féidir iad seo a leanas a phaitinniú:
    • cineálacha plandaí agus ainmhithe;
    • próisis bhitheolaíocha* go bunúsach chun plandaí agus ainmhithe a tháirgeadh;
    • corp an duine ag na céimeanna éagsúla a chruthaithe agus a fhorbartha.
  • D’fhéadfadh gné atá aonraithe ó chorp an duine nó a táirgeadh trí phróiseas teicniúil a bheith ina haireagán inphaitinnithe, áfach.
  • Ní féidir aireagáin a phaitinniú sa chás go mbeadh a dtráchtálú mímhorálta nó i gcoinne an oird phoiblí. Go sonrach, ní féidir iad seo a leanas a phaitinniú:
    • próisis chun daoine a chlónáil;
    • próisis lena ndéantar céannacht ghéiniteach gheirmlíne an duine a mhodhnú;
    • úsáid suthanna daonna chun críocha tionsclaíocha nó tráchtála;
    • próisis a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hangar d’ainmhithe agus a gcéannacht ghéiniteach á mhodhnú.
  • Síneann an chosaint a thugtar le paitinn freisin go dtí ábhar bitheolaíoch ar bith a thagann as an mbunábhar bitheolaíoch.
  • Sa chás nach féidir le póraitheoir plandaí cineál planda a úsáid gan paitinn a shárú, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar cheadúnas éigeantach d’úsáid neamheisiach an aireagáin, faoi réir ríchíos iomchuí a íoc.
  • Déanann an Grúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí measúnú ar ghnéithe eiticiúla uile na biteicneolaíochta.

In 2012, bhunaigh an Coimisiún Eorpach grúpa saineolaithe chun imscrúdú a dhéanamh ar fhorbairt theicniúil agus impleachtaí dhlí na bpaitinní sa réimse biteicneolaíochta agus innealtóireachta géinití. Cuidíonn an grúpa leis an gCoimisiún lena oibleagáidí tuairiscithe faoi Threoir 98/44/CE.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 30 Iúil 1998. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 30 Iúil 2000. Sa lá atá inniu ann, tá na rialacha curtha i bhfeidhm sa reachtaíocht i ngach tír AE.

CÚLRA

Cosaint aireagán biteicneolaíoch

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Ábhar bitheolaíoch: ábhar ar bith ina bhfuil faisnéis ghéiniteach agus atá ábalta é féin a atáirgeadh nó is féidir a atáirgeadh i gcóras bitheolaíoch.

* Próiseas bitheolaíoch: tá próiseas le haghaidh plandaí agus ainmhithe a tháirgeadh ina phróiseas bitheolaíoch go bunúsach má tá sé cuimsithe go hiomlán d’fheiniméain nádúrtha amhail crosáil nó roghnú.

GNÍOMH

Treoir 98/44/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 1998 maidir le cosaint dlí aireagán biteicneolaíocha (IO L 213, 30.7.1998, lgh. 13-21)

Nuashonraithe 21.03.2016

Top