Táirgí cógaisíochta agus cosmaideacha
Tá ról tábhachtach ag tionscal cógaisíochta na hEorpa maidir lena chinntiú go bhfuil dea-chaighdeán sláinte ag muintir na hEorpa. Déanann an tAontas Eorpach dícheall, mar sin, teacht ginearálta ar tháirgí míochaine a ráthú, faisnéis ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal, agus a chinntiú go bhfuil na táirgí míochaine a mhonaraítear sábháilte agus éifeachtach. Leis an margadh aonair le haghaidh táirgí míochaine is féidir na haidhmeanna sin a bhaint amach trí bhíthin cumas iomaíochta an tionscail a mhéadú trí thaighde agus nuáil a spreagadh chun tairbhe an phobail.
Fostóir tábhachtach is ea tionscadal cosmaidí na hEorpa. Oibríonn 150 000 duine sa tionscal féin, agus le díol, dáileadh agus iompar na gcosmaidí cruthaítear 350 000 post eile go hindíreach. Toisc luach táirgeachta de bhreis is EUR 35 000 milliún a bheith aige, ceannaire an mhargaidh dhomhanda ina réimse féin is ea an tionscal nuálach seo. Féachann an tAontas Eorpach le saorghluaiseacht táirgí cosmaideacha a chinntiú sa mhargadh aonair agus sábháilteacht na dtáirgí sin a ráthú.
- An Margadh Aonair agus an tionscal cógaisíochta
-
Forálacha coiteanna maidir le cógais lena gcaitheamh ag an duine agus d’úsáid tréidliachta
- Údarú agus maoirseacht ar tháirgí míochaine — An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach
- Dea-chleachtas saotharlainne: tástáil ar shubstaintí ceimiceacha
- Dea-chleachtas saotharlainne: staidéar saotharlainne ar gach ceimiceán a iniúchadh agus a fhíorú
- Datháin le haghaidh táirgí míochaine (athmhúnlú)
- Deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí míochaine
- Ainmhithe saotharlainne a chosaint
- An Pharmacopoeia Eorpach
-
Táirgí míochaine lena gcaitheamh ag an duine
- Cód an Chomhphobail maidir le táirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine
- Dea-chleachtas monaraíochta maidir le táirgí míochaine agus le táirgí míochaine imscrúdaithe lena n-úsáid ag an duine
- Táirgí míochaine ardteiripe
- Táirgí míochaine lena gcaitheamh ag leanaí
- Praghas na dtáirgí míochaine lena gcaitheamh ag an duine: praghsáil agus árachas sláinte
- Dea-chleachtas cliniciúil
- Táirgí míochaine dílleachta
- Coiste Cógaisíochta
- Táirgí míochaine d’úsáid tréidliachta
- Táirgí cosmaideacha
- Paitinní agus cosaint aireagán
- Trádáil iltaobhach
Féach leis
- Eolas breise: Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí (EN)



