EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Astaíochtaí ó chórais aerchóirithei mótarfheithiclí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/40/CE maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe i mótarfheithiclí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Tugtar isteach léi rialacha ar fud AE maidir le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí ó chórais aerchóirithe* agus foráiltear léi toirmeasc de réir a chéile ar chórais aerchóirithe a dheartar le gáis fhluairínithe, lena bhfuil acmhainneacht téite domhanda* níos nó ná 150 a chur iontu.
  • Dá réir sin seachnaítear léi bacainní ar bith a d’fhéadfadh teacht chun cinn, laistigh de mhargadh inmheánach AE, ó ghlacadh thíortha AE le ceanglais theicniúla dhifriúla maidir leis an ngné sin.
  • Tá sí ina cuid de nós imeachta cineálcheadaithe feithicle AE.
  • Comhlánaítear léi reachtaíocht AE maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe a laghdú i gcomhréir le cuspóirí Phrótacal Kyoto.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialacha teicniúla

  • Leagtar amach leis an treoir rialacha chun sceitheadh a rialú ó chórais aerchóirithe a dheartar le gáis cheapa teasa lena bhfuil acmhainneacht téite domhanda níos nó ná 150 a chur iontu. Dár réir sin cuireadh cosc ar chórais den sórt sin le beart trasnáisiúnta, ach sa chás nach sáraíonn an ráta sceite ón gcóras sin na huasteorainneacha incheadaithe. Tá feidhm ag an mbeart sin maidir le gach cineál úr feithicle ón 21 Meitheamh 2008 agus maidir le feithiclí úra ón 21 Meitheamh 2009.
  • Mar dhara céim, tugtar isteach léi cosc iomlán ar chórais aerchóirithe a dheartar chun gáis cheapa teasa fhluairínithe lena bhfuil acmhainneacht téite domhanda níos nó ná 150 a chur iontu. Cumhdaítear sa bheart sin gach cineál úr feithicle ón 1 Eanáir 2011 agus tá feidhm leis maidir le gach feithicil úr ón 1 Eanáir 2017.
  • Leagtar síos leis chomh maith rialacha maidir le hathfheistiú nó athlíonadh córas aerchóirithe.

Raon feidhme

  • Cumhdaítear sa treoir carranna paisinéirí (feithiclí catagóir M1) agus feithiclí tráchtála éadrom (feithiclí catagóir N1, aicme 1).
  • Is é an chéad chéim le haghaidh pacáiste reachtaíochta maidir le córais aerchóirithe. Le Rialachán (CE) Uimh. 706/2007 leagtar síos na rialacha riaracháin a bhaineann le nós imeachta cineálcheadaithe AE agus tástáil chomhchuibhithe braite sceite chun ráta sceite gás fluairínithe lena bhfuil acmhainneacht téite domhanda níos nó ná 150 a thomhas.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 4 Iúil 2006 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 3 Eanáir 2008.

CÚLRA

Chun tuileadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Córas aerchóirithe: córas ar bith arb é an príomhchuspóir leis an aertheocht agus an bhogthaise in urrann paisinéirí feithicle a laghdú.
Acmhainneacht téite domhanda: an acmhainneacht téite aeráidea bhaineann le gás ceaptha teasa fluairínithe i gcoibhneas leis an acmhainneacht téite aeráide i ndé-ocsaíd charbóin. Ríomhtar í i dtéarmaí acmhainneacht téite 100 bliain de chileagram amháin gáis i gcoibhneas le cileagram amháin CO2. Is iad na figiúirí ábhartha maidir le hacmhainneacht téite domhanda na cinn atá foilsithe sa tríú tuarascáil um measúnú a ghlac an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (luachanna GWP IPCC 2001).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lgh. 12-18)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheapa teasa fhluairínithe agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (Ol L 150, 20.5.2014, lgh. 195-230)

Treoir 2007/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach le haghaidh feithiclí dá leithéid (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2007/46/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 706/2007 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2007 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, forálacha riaracháin maidir le cineálcheadú AE le haghaidh feithiclí, agus tástáil chomhchuibhithe chun sceitheadh ó chórais aerchóirithe áirithe a thomhas (IO L 161, 22.6.2007, lgh. 33-52)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.05.2019

Top