RSS
Innéacs A - Z

Comhchuibhiú teicniúil le haghaidh mótarfheithiclí

Margadh inmheánach

Bunaítear comhchuibhiú teicniúil le haghaidh mótarfheithiclí, a chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal Comhphobail de bhun Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar chóras WVTA (cineálcheadú feithicle iomláin) an Chomhphobail.
Faoin gcóras seo, féadfaidh monaróirí deimhniú a fháil le haghaidh cineál feithicle i mBallstát amháin má chomhlíonann sé na riachtanais theicniúla chomhchuibhithe agus é a chur ar an margadh ina dhiaidh sin ar fud an AE gan aon ghá le tástáil bhreise.
Tá comhchuibhiú teicniúil iomlán bainte amach cheana féin i gcatagóirí difriúla d’fheithiclí (gluaisteáin phaisinéara, gluaisrothair, tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, feithiclí fóntais, cóistí, leantóirí móipéidí agus gluaisrothar) agus leathnófar é go luath chuig catagóirí eile feithicle (cineálacha eile tarracóirí agus leantóirí).
Tá sé riachtanach go gcinnteofaí teacht do mhonaróirí Eorpacha gluaisteán ar an margadh is mó is féidir. Le córas cineál-cheadaithe an Chomhphobail is féidir le monaróirí lántairbhe a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an margadh aonair, ach soláthróidh comhchuibhiú teicniúil ar fud an domhain i gcomhthéacs Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip margadh dóibh a shínfidh lastall de theorainneacha na hEorpa.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh