EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fearais a dhónn breoslaí gásacha (go dtí 2018)

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/142/CE — fearais a dhónn breoslaí gásacha

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Bunaítear léi na rialacha maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus a bhfeistis a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse.
  • Cuirtear rochtain ar fáil léi ar mhargadh an Aontais Eorpaigh (AE) ar tháirgí atá cumhdaithe chomh fada is a bhaineann sé le sábháilteacht gháis na dtáirgí sin.
  • Déileáiltear inti le héifeachtúlacht fuinnimh na dtáirgí sin i gcás nach bhfuil reachtaíocht shonrach AE ar bith eile i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le fearais agus feistis gháis i gcás:
    • gur fearais iad “fearais” a dhónn breoslaí gásacha le haghaidh cócaireachta, téimh, uisce a théamh, cuisnithe, soilsithe nó níocháin agus a bhfuil, más infheidhme, gnáth-theocht uisce acu nach sáraíonn 105 C, chomh maith le dóirí brúshéidte (dóirí gáis a bhfuil gaothráin aeir dócháin feistithe iontu) agus gléasanna téimh a fheisteofar le dóirí den sórt sin;
    • is éard is “feistis” ann gléasanna sábháilteachta, gléasanna rialaithe nó gléasanna rialála agus fo-chóimeálacha díobh — seachas dóirí brúshéidte agus gléasanna téimh a fheisteofar le dóirí den sórt sin — arna gcur ar an margadh astu féin chun úsáide trádála agus atá deartha le cur isteach i bhfearas a dhónn breoslaí gásacha; nó atá cóimeáilte le go mbeidh siad ina gcuid d'fhearas den sórt sin.
  • Tá fearais atá ceaptha go sonrach lena n-úsáid i bpróisis thionsclaíocha a dhéantar ar áitribh thionsclaíocha eisiata ó raon feidhme na treorach seo.

Coinníollacha atá le comhlíonadh agus fearais á gcur ar an margadh

  • Ní mór fearais atá cumhdaithe faoin treoir a dhearadh agus a thógáil ionas go n-oibreoidh siad go sábháilte agus nach gcuirfidh siad daoine, ainmhithe clóis nó maoin i gcontúirt nuair a úsáidtear mar is gnách iad.
  • Ní mór an méid seo a leanas a bheith ag gabháil le gach fearas:
    • treoracha teicniúla don suiteálaí, ina mbeidh na treoracha ar fad maidir leis an tsuiteáil, an coigeartú agus an seirbhísiú a theastaíonn lena chinntiú go bhfeidhmeofar na hoibríochtaí sin ar fad mar is ceart agus gur féidir an fearas a úsáid go sábháilte lena n-áirítear, e.g. sonraí ar an gcineál gáis agus ar an mbrú soláthair a úsáidtear, sreabhadh an aeir úir a theastaíonn, chomh maith leis na coinníollacha maidir leis na táirgí dócháin a scaipeadh;
    • treoracha maidir leis an úsáid agus an tseirbhís atá ceaptha don úsáideoir ina mbeidh an fhaisnéis uile is gá don úsáid shábháilte agus ina dtarraingeofar aird an úsáideora ar aon srianta ar úsáid;
    • rabhaidh ar a léirítear an cineál gáis, brú soláthair an gháis agus aon srianta ar úsáid, go háirithe an srian nach suiteálfar an fearas ach amháin i limistéir ina bhfuil go leor aerála.

Scrúdú cineáil

  • Ní mór don mhonaróir iarratas a chur isteach ar scrúdú cineáil chuig comhlacht amháin dá dtugtar fógra dá rogha féin* lena n-áirítear:
    • ainm agus seoladh an mhonaróra;
    • deimhniú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;
    • na doiciméid a dhearadh, faoi mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an treoir seo.
  • I gcás go gcomhlíonann an cineál na critéir atá leagtha síos leis an treoir seo, ní mór don chomhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú cineáil CE a eisiúint chuig an iarratasóir.

Dearbhú comhréireachta CE*

  • Ar rogha an mhonaróra, ní mór go mbeidh faireachas éigeantach na céime táirgthe ag comhlacht dá dtugtar fógra bunaithe ar cheithre mhodúl mhalartacha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir seo.
  • I ndiaidh measúnú comhréireachta rathúil ar an táirge sin, ní mór don mhonaróir dearbhú comhréireachta CE a dhréachtú ina ndearbhaítear go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na treorach seo.
  • Ní mór go mbeadh an comhartha CE agus na hinscríbhinní seo a leanas ar an bhfearas gáis nó ar a phláta sonraí:
    • ainm agus siombail aitheantais an mhonaróra;
    • trádainm an fhearais;
    • an cineál soláthair leictrigh a úsáidtear, más infheidhme;
    • catagóir an fhearais;
    • an dá dhigit dheireanacha den bhliain inar greamaíodh an comhartha “CE”.

Aisghairm

Rinneadh Treoir 2009/142/CE a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/426 agus cuireadh ina hionad é le héifeacht ón 21 Aibreán 2018.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 5 Eanáir 2010 agus déantar í a aisghairm agus a chódú le Treoir 90/396/CE, mar aon lena leasuithe a bhí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 30 Meitheamh 1991.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhlacht dá dtugtar fógra: soláthraíonn sé measúnú comhréireachta faoi na coinníollacha atá leagtha síos le treoracha. Seirbhís is ea é seo do mhonaróirí ar mhaithe le leas an phobail.

Dearbhú cineál-chomhréireachta CE: dearbhaíonn monaróir go bhfuil na fearais i gcomhréir leis an gcineál faoi mar a thuairiscítear sa dearbhú cineál-chomhréireachta CE agus go bhfuil ceanglais riachtanacha na treorach seo á gcomhlíonadh acu.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha (leagan códaithe) (IO L 330, 16.12.2009, lgh. 10-27)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lgh. 99-147).

Nuashonraithe 30.01.2017

Top