EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhchóras cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí Bhallstáit éagsúla den Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/96/AE maidir leis an gcánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí is fochuideachtaí Bhallstáit éagsúla den Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Dá ngairtear an treoir maidir le máthairchuideachtaí–fochuideachtaí go ginearálta, féachtar léi díbhinní agus dáileadh brabús eile arna n–íoc ag fochuideachtaí lena máthairchuideachta a dhíolmhú ó chánacha siarchoinneálacha, agus cánachas dúbailte ar an ioncam sin ar leibhéal na máthairchuideachta a sheachaint.
  • Tá comhchóras ceaptha chun grúpáil le chéile cuideachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) a éascú, d’fhonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cineálacha cuideachtaí lena mbaineann

  • Is iad na cineálacha cuideachtaí lena mbaineann cuideachtaí poiblí teoranta, cuideachtaí príobháideacha teoranta, comharchumainn áirithe, cuideachtaí frithpháirteacha, bainc taisce, cistí, cuideachtaí Eorpacha agus comharchumainn Eorpacha.
  • Ní fhéadfaidh sainchónaí cánach na gcuideachtaí sin bheith lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach agus ní mór dóibh bheith faoi réir cáin chorparáide gan deis ar rogha agus gan a bheith díolmhaithe.
  • Bíonn stádas máthairchuideachta ag cuideachta ó Bhallstát AE a bhfuil sealúchas íosta 10 % aici i gcaipiteal cuideachta ó Bhallstát eile AE.

Brabúis a ghlacadh

  • Bíonn deis ag máthairchuideachta nó bunaíocht bhuan brabúis a ghlacadh, fiú lasmuigh den tréimhse leachtaithe. Sa chás sin, ní mór don Bhallstát ina bhfuil an mháthairchuideachta nó an bhunaíocht bhuan staonadh ó cháin a ghearradh ar na brabúis sin nó ní mór dó cáin a ghearradh orthu agus an mháthairchuideachta agus an bhuanaíocht bhuan á n–údarú chun an céatadán sin den cháin chorparáideach a bhaineann leis na brabúis arna n–íoc ag an bhfochuideachta agus ag aon fhochuideachta leibhéil íochtair a asbhaint ón méid cánach atá dlite.
  • Ar mhaithe le stop a chur le cuideachtaí trasteorann a gcuid íocaíochtaí laistigh den ghrúpa a sceidealú chun leas a bhaint as neamhchánachas dúbailte, ní mór do Bhallstát na máthairchuideachta nó na bunaíochta buaine cáin a ghearradh ar bhrabúis arna nglacadh, sa mhéid go bhfuil na brabúis sin in–asbhainte ag an bhfochuideachta.
  • Coimeádann na Ballstáit an rogha foráil a dhéanamh nach féidir aon mhuirir a bhaineann leis an sealúchas agus aon chaillteanais i gcaipiteal a thagann as dáileadh brabús na fochuideachta a asbhaint ó bhrabúis incháinithe na máthairchuideachta.
  • Tá brabúis arna ndáileadh ag fochuideachta chuig a máthairchuideachta díolmhaithe ó cháin shiarchoinneálach. Ar an ábhar céanna, ní féidir le Ballstát na máthairchuideachta cáin shiarchoinneálach a ghearradh ar na brabúis arna bhfáil ag an gcuideachta sin óna fochuideachta. Ní bhaineann an fhoráil seo le réamhíocaíocht ná le réamhíocaíocht cánach corparáide leis an mBallstát ina bhfuil an fhochuideachta lonnaithe arna déanamh i dtaca le dáileadh brabús chuig an máthairchuideachta, áfach.

Riail maidir le frith–mhí–úsáid

Cuimsítear i dTreoir leasaitheach (AE) 2015/121 rialacha maidir le frith–mhí–úsáid laistigh de Threoir 2011/95/AE chun mí–úsáid as an Treoir sin a chosc i gcomhthéacs imghabháil cánach, calaois chánach nó cleachtais mhí–úsáideacha. Tá siad sin ceaptha chun freastal ar an sainchuspóir um dhul i ngleic le socrú nó le sraith socruithe nach bhfuil fíor, is é sin, nach léiríonn an fhírinne eacnamaíoch.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

  • Tá feidhm le Treoir 2011/96/AE ón 18 Eanáir 2012 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin dáta sin.
  • Tá feidhm ag Treoir leasaitheach (AE) 2015/121 ón 17 Feabhra 2015 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i mBallstáit AE faoin 31 Nollaig 2015.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcomhchóras cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí is fochuideachtaí Bhallstáit éagsúla an Aontais Eorpaigh (athmhúnlú) (IO L 345, 29.12.2011, lgh. 8–16).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2011/96/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 23.02.2022

Top