Cánachas ar ioncam ó choigilteas
Tá de rún ag an Aontas Eorpach (AE) maidir le hús ó choigilteas a fhaigheann duine nádúrtha i mBallstát ach é ina chónaí i mBallstát eile ó thaobh cánach de, go ngearrtar cáin air de réir forálacha reachtacha an dara Ballstáit seo.
ACHT
Council Directive 2003/48/EC of 3 June 2003 on taxation of savings income in the form of interest payments (Treoir 2003/48/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm úis)
ACHOIMRE
Tá an Treoir ag iarraidh maidir le hioncam ó choigilteas i bhfoirm úis a íoctar i mBallstát le h“úinéir tairbhiúil” *, ar duine nádúrtha é agus é ina chónaí i mBallstát eile, go ngearrtar cáin air de réir forálacha reachtacha an dara Ballstáit seo. Féadfar cáin a ghearradh ar íocaíocht úis sa Bhallstát mar a bhfuil an t-úinéir tairbhiúil ina chónaí ó thaobh cánach de trí mheán uathmhalartú faisnéise idir na Ballstáit faoin “íocaíocht úis” seo *. Mar sin, caithfidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh le deimhniú go ndéanann gníomhairí íocaíochta a dtíre féin a bhfuil le déanamh — mar atá, comhoibriú agus malartú faisnéise bainc — chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm, is cuma cén áit a bhfuil an fiachóir ar íocadh an t-ús leis curtha faoi.
Cén ioncam atá i gceist?
Ní bhaineann an Treoir seo ach le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm úis a íoctar as fiacha dlite agus ní bhaineann sí le cánachas pinsean nó le sochar árachais. Ó thaobh limistéir de, baineann an Treoir le hús a íocann “gníomhaire íocaíochta” * taobh istigh den limistéar mar a bhfuil an Conradh i bhfeidhm.
An córas ginearálta: malartú faisnéise
- Tugann an gníomhaire íocaíochta faisnéis
Má tá úinéir tairbhiúil an úis ina chónaí i mBallstát seachas an ceann a bhfuil an gníomhaire íocaíochta ann, tugann an Treoir ar an ghníomhaire íocaíochta faisnéis íosta a chur chuig údarás an Bhallstáit a bhfuil sé bunaithe ann, mar shampla ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil, ainm agus seoladh an ghníomhaire íocaíochta, uimhir chuntais an úinéara thairbhiúil nó, murar féidir, aitheantas na bhfiacha dlite a ghin an t-ús, agus faisnéis faoi íocaíocht an úis.
Ina theannta sin, san fhaisnéis íosta atá le chur isteach ag an ghníomhaire íocaíochta maidir le híocaíocht úis, chaithfear an t-ús a idirdhealú de réir sainchatagóirí a léirítear sa Treoir. Mar sin féin, féadann na Ballstáit an fhaisnéis íosta seo a chúngú go hiomlán an úis nó an ioncaim agus iomlán an fháltais ón díol, ón fhuascailt nó ón aisíoc.
- Uathmhalartú faisnéise
Tugann an Treoir ar an údarás ábhartha i mBallstát an ghníomhaire íocaíochta an fhaisnéis thuasluaite a chur chuig údarás ábhartha an Bhallstáit a bhfuil an t-úinéir tairbhiúil ina chónaí ann — uair amháin sa bhliain ar a laghad, le linn na sé mhí i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais i mBallstát an ghníomhaire íocaíochta.
Comhthéacs
I gcomhthéacs an “phacáiste chánach” atá ag iarraidh troid in aghaidh na hiomaíochta cánach díobhálaí, chinn an tAontas Eorpach (AE) ionstraim reachtach a ghlacadh chuige chun an saobhadh a mhaolú atá ann i gcánachas na n-ioncam ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm íocaíochta úis.
Tá an Treoir seo bunaithe ar an chomhaontú a baineadh amach ag Comhairle na hEorpa i bhFeira an 19 agus an 20 Meitheamh 2000. Ag an Chomhairle, cinneadh air uathmhalartú faisnéise a chur i bhfeidhm idir na Ballstáit uilig. Tá idirthréimhse ann don Bheilg, do Lucsamburg agus don Ostair chun an beart seo a chur i bhfeidhm agus lena linn sin, in ionad faisnéis a sholáthar do Bhallstáit eile, beidh orthu cáin a ghearradh ag an fhoinse ar na hioncaim ó choigilteas a leagtar amach sa Treoir seo.
| Eochairthéarmaí a úsáidtear san Acht |
|---|
|
TAGAIRTÍ
| Acht | Teacht i bhfeidhm | Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit | Iris Oifigiúil |
|---|---|---|---|
| Treoir 2003/48/CE |
16.7.2003 |
Dáta curtha i bhfeidhm: 1.7.2005 |
IO L 157, 26.6.2003 |
Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar an Treoir 2003/48/CE. Is chun críche tagartha amháin an leagan comhdhlúite (DE
) (EN
) (FR
) seo.
ACHTANNA GAOLMHARA
Proposal for a Council Directive amending Directive 2003/48/EC on taxation of savings income in the form of interest payments [COM(2008) 727 final — Not published in the Official Journal] (Togra Treorach ón gComhairle an 13 Samhain 2008 lena leasaítear an Treoir 2003/48/CE maidir le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm íocaíochta úis [COM(2008) 727 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])
Tá an togra Treorach seo ag iarraidh fadhbanna na Treorach atá anois ann a mhaolú, chun cánachas níos éifeachtaí a dheimhniú ar ioncam ó choigilteas agus chun deireadh a chur le saobhadh iomaíochta míchuibhiúil.
Sa chomhthéacs seo, baineann na príomhleasuithe molta leis na pointí seo a leanas:
- sainmhíniú an úinéara thairbhiúil: moltar “cur chuige trédhearcachta” a chuimsíonn íocaíochtaí úis ar mhaithe slánaonad nó tógálacha dlí atá ag daoine nádúrtha (ní chuimsíonn an Treoir atá anois ann ach íocaíochtaí úis le leas láithreach na ndaoine nádúrtha);
- aitheantas na n-úinéirí tairbhiúla: moltar dáta breithe agus áit bhreithe an úinéara thairbhiúil a chlárú i ngach cás agus uimhir aitheantais chánach an úinéara a chur leis an fhaisnéis seo má tá an uimhir seo ar na cáipéisí a chuirtear isteach chun aitheantais;
- sainmhíniú an choincheapa “gníomhaire íocaíochta”: an coincheap “gníomhaire íocaíochta ar fháil” a shoiléiriú agus sainmhíniú “dearfach” na struchtúr idirghabhálach bunaithe i gceann de na Ballstáit agus a bhfuil orthu déanamh mar “gníomhairí íocaíochta ar fháil” a thabhairt isteach;
- sainmhíniú “íocaíocht úis”, chun na hionstraimí airgeadais coibhéiseacha leo siúd a chuimsítear go follasach a chuimsiú: táirgí struchtúrtha atá coibhéiseach ó thaobh substainte de le táirgí áirithe árachais inchurtha go díreach leis na gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta de bharr a bhfeidhmíocht a bheith ceangailte le hioncaim ó fhiacha dlite nó a gcoibhéis;
- fairsingiú réimse curtha i bhfeidhm go dtí na gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) uilig;
- faisnéis á tabhairt ag na gníomhairí íocaíochta;
- tabhairt isteach nós imeachta coistíochta chun bearta curtha i bhfeidhm na Treorach a chinneadh go gasta.



