EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 94/1/CE, ECSC maidir leis an gcomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíocha thabhairt i gcrích

Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHOMHAONTÚ?

  • Cruthaíodh limistéar leis ina bhfuil saorghluaiseacht de dhaoine, de sheirbhísí, d’earraí agus de chaipiteal thar 31 tír Eorpach.
  • Is í an aidhm atá luaite leis “treisiú leanúnacha agus cothrom ar chaidreamh trádála agus easnamaíoch a chothú” idir na tíortha sin.
  • Clúdaítear ann anois na 28 dtír AE agus 3 cinn de na 4 thír i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) — an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.

PRÍOMHPHOINTÍ

Scóip

Comhchomhlachtaí

Leis an gcomhaontú cruthaíodh roinnt comhchomhlachtaí LEE atá, don chuid is mó, ag teacht le hinstitiúidí AE:

Ina theannta sin:

  • déanann Údarás Faireacháin CSTE deimhin de go n-urramaíonn an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua a ndualgas faoin gComhaontú LEE; bíonn a mhacasamhail de ról ag an gCoimisiún Eorpach i dtaca leis na tíortha AE;
  • rialaíonn Cúirt CSTE ar chaingne a dhéanann Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne tíre CSTE maidir le forfheidhmiú, cur i bhfeidhm nó léirmhíniú rialacha LEE, mar a dhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás thíortha AE.

Conas a dhéantar reachtaíocht LEE de reachtaíocht AE?

  • Ní bhíonn tíortha CSTE páirteach go foirmiúil i bpróiseas reachtóireachta AE. Mar sin féin, féadfaidh siad páirt a ghlacadh in obair ullmhúcháin agus tuairimí a thabhairt.
  • Nuair a ghlacann AE le reachtaíocht, measann na 3 thír CSTE cé acu an bhfuil an gníomh ábhartha don LEE. Má mheasann na 3 thír uile go bhfuil, ullmhaíonn Rúnaíocht CSTE dréacht de Chinneadh Comhchoiste (JCD) ag féachaint leis an gcomhaontú LEE a leasú.
  • Ansin glacann an Coimisiún leis an dréacht-Chinneadh Comhchoiste nó, má tá athruithe substaintiúla ann, cuirtear chuig an gComhairle é lena ghlacadh.
  • Ansin téann Rúnaíocht CSTE agus SEGS i gcomhairle maidir leis an amchlár chun an cinneadh a ghlacadh i gComhchoiste LEE.

Rannpháirtíocht i gcláir agus gníomhaireachtaí AE

  • Glacann na 3 thír CSTE páirt i réimse leathan de chláir agus de ghníomhaireachtaí AE. Nuair a chomhaontaítear an rannpháirtíocht seo, déantar an clár atá i gceist a ionchorprú sa chomhaontú LEE agus geallann na tíortha a gcion a thabhairt do chostais oibriúcháin.

Gnéithe airgeadais

Faoin gcomhaontú, cuidíonn baill CSTE chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin LEE a laghdú — faoi láthair baineann 16 thír AE leas as. Tá na deontais LEE seo á gcomh-mhaoiniú ag an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, gach ceann díobh ag tabhairt de réir a méide agus a saibhris.

Chomh maith le ranníocaíochtaí ó na 3 thír CSTE i leith costais oibriúcháin do chláir AE, íocann siad a gcion le haghaidh chostais riaracháin an Choimisiúin (e.g. spás oifige, cruinnithe, srl.).

CÚLRA

Síníodh an comhaontú LEE sa bhliain 1992 idir na 12 thír AE ag an am agus 6 thír CSTE: an Eilbhéis, an Fhionlainn, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Ostair agus an tSualainn agus, cé gur roghnaigh an Eilbhéis ina dhiaidh sin an comhaontú a dhiúltú. Tháinig sé i bhfeidhm sa bhliain 1994. Sa bhliain 1995, tháinig 3 cinn de na tíortha CSTE (an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn) isteach in AE. Tá leasuithe déanta ar an gcomhaontú de réir a chéile chun an teacht isteach i mballraíocht AE de 10 dtír sa bhliain 2004, de 2 thír eile sa bhliain 2007, agus ar deireadh, den Chróit sa bhliain 2013, a chur san áireamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Cinneadh 94/1/CE, ECSC ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1993 maidir leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch idir na Comhphobail Eorpacha, a mBallstáit agus Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise a thabhairt i gcrích (IO L 1, 3.1.1994, lch. 1)

Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch — Ionstraim Chríochnaitheach — Dearbhuithe Comhpháirteacha — Dearbhuithe ag Rialtais Bhallstáit an Chomhphobail agus Stáit CSTE — Socruithe — Miontuairiscí Comhaontaithe — Dearbhuithe ag Páirtí Conarthach amháin nó roinnt Páirtithe Conarthacha an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (IO L 1, 3.1.1994, lgh. 3-522)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 24.05.2016

Top