RSS
Innéacs A - Z
Tá an leathanach seo ar fáil i 23 theanga
Teangacha nua atá ar fáil:  BG - CS - ET - GA - LV - LT - HU - MT - PL - RO - SK - SL

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh taisteal agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríocha na mBallstát

Tá Treoir glactha ag an Aontas ar cheart shaoránaigh an Aontais aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de na Ballstáit, rud a thugann le chéile na bearta aonair a bhí le fáil sa chorpas casta dlí a rialaigh an t-ábhar go dtí seo. Dearadh na bearta nua, i measc nithe eile, chun saoránaigh an Aontais a mhisniú chun a gceart chun aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de na Ballstáit a fheidhmiú, chun na foirmiúlachtaí riaracháin a laghdú go dtí na nithe is riachtanaí, chun sainmhíniú níos fearr a sholáthar ar stádas bhaill teaghlaigh agus chun teorainn a chur leis an scóip chun iontráil a dhiúltú nó chun deireadh a chur le ceart cónaithe.

ACHT

Directive 2004/38/EC of the European Parliament and of the Council of 29 April 2004 on the right of citizens of the Union and their family members to move and reside freely within the territory of the Member States amending Regulation (EEC) No 1612/68 and repealing Directives 64/221/EEC, 68/360/EEC, 72/194/EEC, 73/148/EEC, 75/34/EEC, 75/35/EEC, 90/364/EEC, 90/365/EEC and 93/96/EEC (Treoir 2004/38/CE an 29 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar cheart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát ag leasú Rialacháin (CEE) Uimh 1612/68 agus ag cúlghairm Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE)

ACHOIMRE

Cumascann an Treoir san aon ionstraim amháin gach cuid den reachtaíocht ar cheart iontrála agus ar cheart cónaí shaoránaigh an Aontais, atá comhdhéanta de dhá rialachán agus naoi gcinn de threoracha (DA) (DE) (EL) (EN) (ES) (FR) (IT) (NL) (PT) (FI) (SV). Féachann an simpliú sin lena dhéanamh níos simplí ní amháin don phobal i gcoitinne ach do na húdaráis phoiblí, leis, a gcuid cearta a fheidhmiú. Ina theannta sin, féachann an Treoir leis na foirmiúlachtaí a gcaithfidh saoránaigh an Aontais agus a dteaghlaigh a chomhlíonadh chun a gceart cónaithe a fheidhmiú a laghdú a mhéad is féidir.

Forálacha ginearálta

Dearadh an togra chun na nithe seo a rialú:

  • na dálaí ina bhfeidhmíonn saoránaigh an Aontais * agus a dteaghlaigh * a gceart chun aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de na Ballstáit;
  • an ceart buanchónaithe;
  • srianta ar na cearta réamhluaite ar fhorais bheartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí.

An ceart aistriú agus an ceart cónaithe ar feadh suas le trí mhí

Tá ag gach saoránach de chuid an Aontais an ceart dul isteach i mBallstát eile de bhua cárta aitheantais nó pas bailí a bheith aige nó aici. Ní ceadmhach víosa iontrála nó víosa amach a lorg i gcás ar bith. I gcás nach bhfuil doiciméid taistil ag na saoránaigh i dtrácht, tá an t-óst-Bhallstát faoi cheangal gach deis réasúnta a thabhairt dóibh chun na doiciméid riachtanacha a fháil nó iad a bheith seolta chucu.

Baill teaghlaigh nach náisiúnaigh de chuid Bhallstáit iad, tá na cearta céanna acu agus atá ag an saoránach atá á thionlacan nó á tionlacan acu. Féadfaidh siad a bheith faoi réir riachtanas maidir le víosa gearrchónaithe (DA) (DE) (EL) (EN) (ES) (FR) (IT) (NL) (PT) (FI) (SV) faoi Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Measfar gurb ionann cearta cónaithe agus víosaí gearrchónaithe.

I gcás cónaí is giorra ná trí mhí, an t-aon éileamh ar shaoránaigh an Aontais ná go mbeadh acu doiciméad bailí aitheantais nó pas. D’fhéadfadh óst-Bhallstát a iarraidh ar na daoine i dtrácht a láithreacht sa tír a chlárú laistigh de thréimhse réasúnta neamh-idirdhealaitheach.

Ceart cónaithe ar feadh breis is trí mhí

Tá an ceart cónaithe ar feadh breis is trí mhí faoi réir coinníollacha áirithe i gcónaí. Ní mór d’iarrthóirí:

  • a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht gheilleagrach (mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe);
  • dóthain acmhainní (DA) (DE) (EL) (EN) (ES) (FR) (IT) (NL) (PT) (FI) (SV) a bheith acu mar aon le hárachas breoiteachta le cinntiú nach dtagann siad chun bheith ina n-ualach ar sheirbhísí sóisialta an óst-Bhallstáit le linn a dtréimhse chónaithe ann. Ní ceadmhach do na Ballstáit méid íosta a shonrú atá leordhóthanach dar leo, ach ní mór dóibh cúinsí pearsanta a chur san áireamh;
  • nó bheith ag dul faoi ghairmoiliúint mar mhac léinn agus dóthain acmhainní agus árachas breoiteachta a bheith aige nó aici le cinntiú nach dtagann sé nó sí chun bheith ina ualach nó ina hualach ar sheirbhísí sóisialta an óst-Bhallstáit le linn a dtréimhse chónaithe ann;
  • nó bheith ina mball teaghlaigh de chuid shaoránach de chuid an Aontais a d’áireofaí i gceann de na catagóirí thuas.

Tá deireadh curtha le ceadanna cónaithe do shaoránaigh an Aontais. Ach féadfaidh Ballstáit iallach a chur orthu clárú leis na húdaráis inniúla laistigh de thréimhse nach lú ná trí mhí ó dháta a n-iontrála. Eiseofar cruthúnas cláraithe a luaithe a sholáthrófar:

  • cárta aitheantais nó pas bailí;
  • cruthúnas gur comhlíonadh na coinníollacha thuas (féach Airteagal 9 den Treoir maidir leis an gcruthúnas is gá i gcás gach catagóir saoránaigh). Ní mór do shaoránaigh an Aontais atá ag dul faoi oiliúint a thaispeáint, trí bhíthin ráitis nó aon ní eile, go bhfuil dóthain acmhainní acu do bhaill a dteaghlaigh le cinntiú nach dtagann siad chun bheith ina n-ualach ar sheirbhísí sóisialta an óst-Bhallstáit. Is leor sin le cruthú go ngéilleann siad do choinníoll na n-acmhainní.

Baill teaghlaigh de chuid shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh iad de chuid Ballstáit, ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar chead cónaithe le haghaidh bhaill teaghlaigh shaoránach an Aontais. Cúig bliana ó dháta a n-eisiúna a bhíonn na ceadanna sin bailí.

Faoi choinníollacha áirithe ní bhíonn tionchar ag bás shaoránach de chuid an Aontais, nó a imeacht ón óst-Bhallstát, colscaradh, neamhniú pósta nó foirceannadh páirtnéireachta ar cheart na mball teaghlaigh nach náisiúnaigh de chuid Bhallstáit iad leanúint de bheith ina gcónaí sa Bhallstát i dtrácht.

Ceart buanchónaithe

Faigheann saoránaigh an Aontais ceart buanchónaithe san óst-Bhallstát tar éis thréimhse cónaithe dlíthiúla cúig bliana gan bhriseadh, ar choinníoll nár forfheidhmíodh cinneadh ionnarbtha ina gcoinne.

Ní bheidh aon choinníoll ag gabháil leis an gceart buanchónaithe sin níos mó. Tá feidhm ag an dlí céanna maidir le baill teaghlaigh nach náisiúnaigh de chuid Bhallstáit iad agus atá ina gcónaí in éineacht le saoránach de chuid an Aontais le cúig bliana. Ní chailltear an ceart buanchónaithe sin ach amháin i gcás neamhláithreachta ón óst-Bhallstát ar feadh níos mó ná dhá bhliain as a chéile.

Saoránaigh de chuid an Aontais a lorgaíonn doiciméad ina ndeimhnítear a gceart buanchónaithe, cuirtear ceann ar fáil dóibh. Eisíonn na Ballstáit do bhaill teaghlaigh tríú tíortha tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an t-iarratas a bheith déanta ceadanna buanchónaithe atá bailí ar feadh tréimhse éiginnte agus ar féidir iad a athnuachan go huathoibríoch gach 10 mbliana. Is ceadmhach do shaoránaigh úsáid a bhaint as aon chineál fianaise is inghlactha i gcoitinne san óst-Bhallstát le cruthú go raibh ina gcónaí ann go leanúnach.

Forálacha coiteanna ar cheart cónaithe agus ar cheart buanchónaithe

Saoránaigh an Aontais a cháilíonn le haghaidh ceart cónaithe nó ceart buanchónaithe, caitear leo agus le baill a dteaghlaigh faoi mar a chaithfí le náisiúnaigh na hóst-tíre sna réimsí arna gcumhdach ag an gConradh. Ach níl aon dualgas ar an óst-Bhallstát teidlíocht ar shlándáil shóisialta a dheonú sna chéad trí mhí cónaithe do dhaoine seachas oibrithe fostaithe nó féinfhostaithe agus baill a dteaghlaigh. Ar an tslí chéanna, ní iarrtar ar óst-Bhallstáit, sula bhfaightear ceart buanchónaithe, cúnamh cothabhála a dheonú i leith cúrsaí staidéir, lena n-áirítear i leith gairmoiliúna, i bhfoirm dheontais nó iasachtaí leis na daoine céanna sin. Beidh baill teaghlaigh, beag beann ar a náisiúntacht, i dteideal gabháil do ghníomhaíocht gheilleagrach mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe.

Srianta ar an gceart iontrála agus ar an gceart cónaithe ar fhorais bheartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí.

Féadfar saoránaigh de chuid an Aontais nó baill a dteaghlaigh a dhíbirt ón óst-Bhallstát ar fhorais bheartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí. Ní ceadmhach riamh cinneadh díbeartha a dhéanamh ar fhorais gheilleagracha. Ní mór do bhearta a bhfuil éifeacht acu ar ghluaiseacht agus ar chónaí géilleadh do phrionsabail na comhréireachta agus a bheith bunaithe go huile agus go hiomlán ar iompar pearsanta an duine i dtrácht. Ní mór d’iompar dá leithéid bheith ina bhagairt sách tromchúiseach agus láithreach a chuirfeadh bunleasanna an stáit i mbaol.

Ní cuí go huathoibríoch duine a dhíbirt toisc ciontuithe coiriúla a bheith aige nó aici roimh ré. Ní leor na doiciméid iontrála ar bhain duine i dtrácht úsáid astu a bheith imithe in éag chun beart dá shórt a chosaint.

I gcás ar bith, sula ndéantar cinneadh duine a dhíbirt, ní mór don Bhallstát roinnt cúinsí a chur san áireamh, cúinsí ar nós na tréimhse chónaí a rinne an té i dtrácht, a aois nó a haois, an chéim imeasctha agus an staid teaghlaigh san óst-Bhallstát agus na naisc leis an tír thionscnaimh. Ní ceadmhach ach i gcásanna eisceachtúla, ar mhaithe le slándáil an phobail thar aon ní eile, orduithe ionnarbtha a sheirbheáil ar shaoránach de chuid an Aontais má bhí cónaí air nó uirthi san óst-tír ar feadh 10 mbliana nó más mionaoiseach é nó í.

An té lena mbaineann an cinneadh cead iontrála nó cead cónaithe i mBallstát a dhiúltú, ní mór an cinneadh sin a bheith curtha in iúl dó nó di faoi choinníollacha ina gcumasófaí dó nó di a bhfuil ann agus a éifeachtaí a thuiscint. Ní mór forais an chinnidh a bheith tugtha agus an duine i dtrácht a bheith curtha ar an eolas i dtaobh na nósanna imeachta achomhairc atá ar fáil dó nó di. Ach amháin i gcás éigeandála, ní mór mí ar a laghad a thabhairt d’ábhar chinneadh dá shórt chun an Ballstát a fhágáil.

Ní ceadmhach orduithe eisiaimh ar feadh an tsaoil a eisiúint i dtoisc ar bith. Daoine a mbaineann orduithe eisiaimh leo féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar a gcás tar éis trí bliana. Foráiltear sa Treoir, leis, le haghaidh sraith ráthaíochtaí gnásúla. Go sonrach tá ag na daoine i dtrácht teacht ar athbhreithniú breithiúnach agus i gcás inar cuí, ar athbhreithniú riaracháin san óst-Bhallstát.

Forálacha deiridh

Féadfaidh Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun aon cheart dá ndeonaítear leis an Treoir seo a dhiúltú, a fhoirceannadh nó a aistarraingt i gcás mí-úsáid cearta nó calaoise, ar nós póstaí áise.

Ní choisceann an Treoir seo reachtaíocht náisiúnta nó socruithe riaracháin a fheidhmiú ina bhforáiltear do chóir is mó fabhar.

Le héifeacht ón 30 Aibreán 2006, aistarraingítear Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68, Treoir 64/221/CE, Treoir 68/360/CE, Treoir 72/194/CEE, Treoir 73/148/CEE, Treoir 75/34/CEE, Treoir 75/35/CEE, Treoir 90/364/CEE, Treoir 90/365/CEE agus Treoir 93/96/CEE. Ina theannta sin, aisghairtear le Rialachán (CE) Uimh. 635/2006 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2006 Rialachán (CEE) Uimh. 1251/70 (DE) (EN) (ES) (FR) de bhun forálacha nua na Treorach seo a bheith curtha in áit a raibh sna cinn deireanacha sin.

Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 1251/70 a aisghairm, leis, agus an Treoir seo a chur ina áit.

An 10 Nollaig 2008 chuir an Coimisiún Tuarascáil i láthair na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar fheidhmiú na Treorach.

Eochairfhocail
  • Saoránach de chuid an Aontais: duine ar bith ar náisiúnach de chuid Bhallstáit é nó í.
  • Ball teaghlaigh: an céile; an páirtnéir cláraithe, má chaitheann reachtaíocht an óst-Bhallstáit le páirtnéireacht chláraithe mar ghaol is comhionann le pósadh; sliochtaigh dhíreacha atá faoi 21 bliain d’aois nó ar cleithiúnaithe iad agus a macasamhlacha i gcás an chéile nó an pháirtnéara mar a sainíodh thuas; na gaolta díreacha cleithiúnacha sa líne ardaitheach agus gaolta díreacha cleithiúnacha an chéile nó an pháirtnéara.

TAGAIRTÍ

AchtTeacht i bhfeidhmSpriocdháta don trasuí sna BallstáitIris Oifigiúil
Treoir 2004/38/CE

30.4.2004

29.4.2006

IO L 158, 30.4.2004

ACHTANNA GAOLMHARA

Communication from the Commission to the European Parliament and the Council of 2 July 2009 on guidance for better transposition and application of Directive 2004/38/EC on the right of citizens of the Union and their family members to move and reside freely within the territory of the Member States [COM(2009) 313 final — Not published in the Official Journal] (Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, agus chuig an gComhairle an 2 Iúil 2009 ar threoir maidir le Treoir 2004/38/CE a thrasuí agus a chur i bhfeidhm ar shlí níos fearr, Treoir a bhaineann le ceart shaoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát — [COM(2009) 313 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])
Soláthraíonn an Teachtaireacht seo treoir do na Ballstáit chun Treoir 2004/38/CE a chur i bhfeidhm ar shlí níos fearr.

Soiléiríonn an Treoir seo cearta saoránach agus a mball teaghlaigh agus soilsíonn sí na Ballstáit i dtaobh na mbeart is féidir leo a ghlacadh, go háirithe chun dul i ngleic le mí-úsáid cearta agus póstaí áise.

Chun a ráthú go gcuirfear Treoir 2004/38/CE i bhfeidhm ar an tslí cheart, geallann an Coimisiún na tionscnaimh seo a leanas a chur i bhfeidhm:

  • nuashonrú a dhéanamh ar threoir do shaoránaigh chun tuiscint níos fearr ar a gcearta a thabhairt dóibh;
  • cruinnithe déthaobhacha a eagrú le Ballstáit.
Nuashonrú is déanaí: 28.11.2009
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh